Goitse, Bealtaine 2014
Reáchtálfar Comhdáil trí lá ar fhorbairt Shlí Cholmcille in ionaid in Gort an Choirce agus ar Thoraigh an mhí seo chugainn. Is é Rí Thoraí Patsy Dan Mac Ruairí a sheolas an comhdháil a reáchtálfar ar an 20-22 Meitheamh. Tá sé atá eagraithe le tacaíocht ó Urras Leabhraichean nan Eilean i gcomhar le Colmcille.org, Bord Gàidhlig agus Foras na Gaeilge. Dírreoidh an comhdháil ar na téamaí dúchas, pobal aus turásoireacht. Insíonn Slí Cholmcille scéal Cholmcille, agus na naomh eile luath-Chríostaí a bhí ag imeacht idir Éire agus Albain sa mheánaois. Tá sí ina bealach oidhreachta agus turasóireachta an lá atá inniu ann. Nascann an tSlí an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, Éire agus Albain agus a gcuid daoine. Mar a bhí an tsean-oilithreacht ina hócáid le eolas a chur ar an tsaol agus ar dhaoine agus pobail úra, tugann Slí Cholmcille deis eolas a chur ar áiteanna agus ar phobail úra, agus, do dhaoine áirithe eolas, úr a chur ar a gceantar féin. Tugann an chomhdháil daoine le chéile as Éirinn agus Albain agus amharcfaidh sé ar fhorbairt Shlí Cholmcille. D’eagraigh an tUrras comhdháil faoi Shlí Cholmcille i Leòdhas i Meitheamh 2013. “Tá taithí mhór againn ar bheith ag eagrú imeachtaí rathúla idirnáisiúnta a thugann cainteoirí acadúla agus saineolaithe agus pobail áitiúla i gceann a chéile.” (Urras Leabhraichean Nan Eilean ) Tá cuireadh ar scoth na gcainteoirí le ceann a chur ar an diospóireacht. ● Liam Ó Cuinneagáin ar dheiseanna turasóireachta ● Brian Lacey – Dhá chaint: Colm Cille – An Miotas agus an Fhírinne agus ar an tSathairn, Intreoir do sheandálaíocht a bhaineann le Colm Cille & naoimh eile i seanpharóiste Thulacha Beigile agus turas gairid bus mar pháirt de. ● Aidan O’Hara – An ceangal stairúil idir Dhún na nGall agus Alba ● Máire Herbert – caint ar bheatha Cholmcille ● Mícheál Ó Dónaill - gnéithe de sheanchas Cholm Cille ● Tristan AP Rheinalt - Dúchas agus pobal in Inse Gall in Eileanan Siar na hAlban ● Noel Ó Gallachóir - Slí Cholmcille, an Ooidhreacht, agus mar a bhaineann siad le pobal Ghaoth Dobhair agus Chloch Cheann Fhaola Beidh seisiún agus céilí gach oíche chomh maith le Turas Stairiúil go Oileán Thoraigh ar an Aoine. Is féidir don té ar mian leis béilte agus lóistín a shocrú ag praghas uile-chuimsitheach, nó is féidir le daoine teacht agus íoc as seisiún ar leith. Tá pacáistí eitilt agus carr ar cíos le Aerfort Dhún na nGall chomh maith €10 le freastal ar na seisiúin chainte uilig. Eolas uilig ar mng.ie . Cuir in airithe le Moira@mng.ie nó 083 123 0529 Goitse 23 Bealtaine 2014 GNÉ-ALTANNA 13 Goitse na nÓg Pusail Cá mhéad triantán atá anseo Cén uimhir a théann ar an bhocsa atá marcáilte le ‘?’? An garradh pailéid a bhain an dara háit i gcomórtas Garden Show Ireland i gCo. Aontroma, togra trasphobail idir Ionad Naomh Pádraig, Scoil Phádraig Dobhar, National Learning Network, Solas, Brainse Dhobhair de Chumann Cathaoir Roth na hÉireann, Club Óige Dhobhair. Comhdháil ar fhorbairt Shlí Cholmcille Gné-alt fógraíochta An Chros Tau ar Oileán Thoraí Freagra puzal 1: 13 thriantáin; Freagra puzal 2: 3 (suimigh an uimhir os cionn agus ar thaobh na láimhe deise den bhocsa. 2+1= 3 Páistí Scoil Phádraig, Dobhar, agus a múinteoir Sarah ag féasta ceiliúrtha An Chéad Comaoineach in Ionad Naomh Padraig ar na mallaibh Páistí Scoil Phádraig Dobhar ag ócáid bronnta na nduaiseanna i gcomórtas Garden Show Ireland i gCo. Aontroma. 4 6 9 19 2 ? 10 1 7 6 #1 #2
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3