Scathlan 1

na mna agus a gceirtlfn snatha Oiche Shamhna. Is cosuil go mbiodh n6isean ag mna do fhir i gc6nai nach mbiodh siad abalta croi isteach a thabhairt daobhtha. Ba ghnathach leo a dtseans a fhail Oiche Shamhna. Theadh siad amach an oiche sin agus a gceirtlln snatha leo agus theadh siad i bhfolach in aithe eiginteach ar thaobh an bhealaigh mh6ir. Cha bhiodh uaigneas ar bith an oiche seo orthu is cosuil. Bhiodh siad ag eisteacht go gear go dti go gcluinfeadh siad duine eiginteach ag teacht agus chaitheadh siad amach an cheirtlin ag suil le broideadh a fhail. Da mbeireadh rud ar bith ar an cheirtlin deireadh an bhean a bhi san aithe "Ce sin ata ar mo shnaithe"? Thugadh an fear amuigh freagra uirthi agus da mbeadh si sasta leis bhiodh si leim amach agus ar shiul leis. Agus mura rabh, chaitheadh si tamalt eile a chaitheamh san aithe. Chuala me sceal fa bhean a bhi d6irte go m6r ar ghreasai br6g a fhail. Bhi si san aithe nuair a chuala si e ag teacht. Chaith si amach an cheirtlin agus chonaic mo dhuine i. -Fuair_se greim brea cruaidh uirthi agus thug crathadh .brea daoithe. "A Thiarna," a deir an bhean istoigh, "an sin an greasai ata ar mo _shnaithe"? "Chan e leoga" a deir mo dhuine "ach an diabhal dubh." "O Dhia, ma seadh, ta mise fada go leor anseo". Agus rith si agus lean an greasai r ach bhi an abh6g deanta agus bhi si cinnte gurb e an fear dubh a bhi sna fatha fasaigh ina diaidh agus dheomhan a dtainig se suas leithe. Tugann sin me go dti giota beag eile. Ba ghnathach leo subh na smear dubh uilig a bheith deanta acu roimhe Shamhain mar chreid siad go dtagadh an diabhal Oiche Shamhna agus go gcuimliodh se a ruball de na smeara dubha uilig. Cha rabh cead baint daobhtha ansin. Charbh iontas don bhean a bhi san aithe a bheith sca(n)raithe! La m6r a bhi i La Fheile Muire M6r ag na Gaeil. Ba mh6r an truaighe mar sin a chuireadh tubaiste an la sin orthu mar a tharlaigh 1880. Bhi meas nach beag acu ar mhathair De, gur chum siad nach fiu ainrn da cuid fein daoithe, Muire. Bhi na ceadtai urnai acu ina hon6ir agus bhi cail go leor ar an duithche seo ata fa thracht againn san alt seo fa na gcuid danta diaga. Chan fhuil rud is foirstini mar sin le deireadh a chur leis an aiste ghairid seo na piosa do dhan dar teideal "Oifige Bheag Mhuire" a thabhairt daoibh. Ta a she oiread eile sa dan agus ata me a thabhairt anseo. OIFIGE BHEAG MHUIRE: 1 R. Anois tabhradh mo phuisini agus mo ghuth F. Ardmholadh ceoil don Mhaighdin inniu R. A bhaintiarna bi agam do cha raid F. Go neartuighir me in aghaidh m'eascharaid R. Gl6ir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh F. Mar a bhi 6 thus agus mar ata anois agus mar beas tre shaol na saol. 23.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3