Goitse, Nollaig 2013

Tá iomrá mhór le Teach Hiúdaí Beag, agus bhí an Bleachtaire ag dréim le ceol agus cuideachta mhaith, gan trácht ar phiontaí deasa blasta, nuair a bhuail sé isteach ann ar an Satharn deirean- nach den mhí seo chuaigh thart. Bhí scéalta cloiste agam faoin Chabaret Craiceáilte, ach d’fhan mé ar shiúl uaidh, mar go bhfuil fuath agam ar na über-Gaels a shamhlaigh mé a bhíonn ag a leitheid. Ach chuir mé mo chuid barúlacha claonta ar leataobh sa dóigh is go mbeinn ábalta blais- eadh a fháil de shaol seo na nGael ier-than-thous . An chéad rud a bhuail mé, nuair a shiúil mé thar tairseach isteach gurbh éigean dom 5 bhonn airgid a thabhairt do bhean an dorais. ‘Íosa Críost’ adúirt mise, nach bhfuil mé ábalta buckin pionta a ól faoi phléisiúr sa teach leanna anois, gan táille a bheith ar an doras?’ Tá mé chóir a bheith cinnte gur chuala mé í ag rá ‘ tight ass ’ faoina h-anál nuair a shiúil mé thart leí. Anyways , isteach liom, agus boc inteacht a raibh cuma Bob Marley geal air thuas ar an stáitse agus é ag ceol fá Babylon i nGaeilic. ‘ Yeah, sure, it’ll never take off ’ a dúirt mé leis an fhear ag mo thaobh, ach níl mé ag déanamh gur thuig sé mo chuid Gaeilge. Thug mé an darna amharc ansin air agus thabharfainn mionna gur fear de chuid an IRA a bhí ann, an boighean údaí a léigh amach ráiteas an IRA nuair a bhí siad ag cur na ngunnaí i bhfolach, nó á n decomission áil nó cé bith caidé a thabhrann tú ar a leithéid. ‘ Gotta slow done boy ,’ a dúirt mé liom féin, agus mé ag feadalaigh ‘ hallu- cinations once again ’ liom féin. Bhí dhá phionta agus leith- cheann caite siar agam fán am seo, agus bhí fear inteacht as Baile Átha Cliath, Dicey Reilly ag ceol amhráin deasa pléisiúrtha. Bhí an teach lán agus aoibh an gháire ar achan aghaidh. Jesus , chan seo an rud a raibh me ag dréim leis. Bhí an teach chock a block le léabacha.’ It’s no Éigse Uladh babe ’ adúirt mé le léab dhóighiúl fionn ag an bheár, a raibh OMD scríofa i litreacha móra ar a t-léine. ‘Ní thuigim’ adúirt sí. ‘ They were a great band, Orchestral Manoeuvres in the Dark ’ adúirt mise. D’amharc sí orm go hiontach. ‘ I just loved Architecture and Morality ’ adúirt mé agus mé ag díriú mó mhéar agus mo theangaidh ar a t-léine. ‘Ó MO DHIA, a amadáin’ a dúirt sise, ‘focáil leat a pherv’. Níl buckin clue ag an mhuintir óga seo. Bhí giotáraí ar an stáitse anois, fear óg as Ceatharlach, a dúradh liom. Shane Hennessy. Wow, adúirt mise. ‘ Awesome ’ a dúirt fear ag mo thaobh. OMD a dúirt an Blondie. ‘Tháinig dream óg as na Rosann, Transit GetawayoutoQhat ar an stáitse ansin, agus iad ag léimtigh thart mar a bheadh cúpla gamhain óg ann. ‘ Not bad ’ adúirt mise le seanleaid darbh ainmNiall Anthony a bhí ag caitheamh siar piontaí ag an chabhantar, mo dhálta féin. ‘ Not good either ’ adúirt seisean agus méar in achan chluas aige. Is doiligh achan nduine a shásamh. Déarfainn gur Declan Nerney nó an JCB man a shásódh an fear céanna. Different strokes srl. Thoisigh DJ Daithí Dolba ag bualadh amach léir tunes maithe reggae agus ska ansin. Bhí an fear beag dubh, atá ag obair ar chúl an bheár, ag damhsa leis agus é ag tarraingt na bpiontaí. ‘ Nice one bro. I love your Afro and the multi cult- ural vibe in the joint man ’ adúirt mise leis. ‘Nach bhfuil buckin Gaeilic agat’ adúirt sé. Chóir a bheith gur thit mé as mo sheas- amh. Fear dubh le Gaeilig ag obair i dTigh Hiúdaí. ‘ Respect ’ adúirt mise leis ‘ respect ’. I could have sworn gur dhúirt sé ‘saigh suas do thóin é’ ach níl dóigh ar bith go ndéar- fadh fear beáir a leithéid sin leat. Da réir mar a bhí na piontaí ag gabháil siar, bhí mé ag titim i ngrá leis na Gaeil seo. Bhí peileadóir iomráiteach ag mo thaobh. Níl caill ar na Gaeil seo, adúirt mé leis. ‘ Up the Gaeliban ’ adúirt Éamonn, ‘ Keep it Gaelach a ghiolla údaí’. Ag an phoinnte seo, bhí fear tí an Chabaret, fear mór ramhar, a raibh aghaidh air nach mbeadh grá ag an Mháthair Treasa féin dó, ag cur thairis agus ag gabháil buíochais le achan nduine as seo go Timbuktu. ‘Tá achan rud anseo’ adúirt mise agus mé ag síneadh mó mhéar i dtreo an fhir ramhair ar an stáitse. ‘ The good, the bad, and the ugly ’ a dúirt mise. Chóir a bheith gur thacht Niall Anthony ar a phionta. Ní raibh stad ar bith le fatboy. ‘Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le blah blah blah’. Ní raibh deireadh ar bith leis. ‘Blah blah ... buíochas leis an scaiQe Gaeil as Doire ... blah blah ... agus an scaiQe Gaeil as Béal Feirste ... blah blah ... scaiQe iontach deas a bhíonn ag freastal ar na ranganna Gaeilge sa Chultúrlann i nDoire ... blah buckin blah ... mo bhuíochas fosta leis an fhoireann uilig ’dTigh Hiúdaí, Teach Sheáin Óig, ... blah blah ... Siopa Mhicí,... blah blah ... Busanna John McGinley agus Padaí Gallagher, Siopa Mhatt, agus Rosg ... blah blah ... gan trácht ar na ceoltóirí.... ‘ Enough already ’ a bhéic Scratch ón scaiQe. ‘’Bhfuil deireadh ar bith lena chuid cainte?’ ‘Sin Séanna ansin’ adúirt Micí liom ‘an lad a léigh amach ráiteas an IRA. Bhí sé féin agus cúpla fear eile ag láinseáil leabhair anseo níos luaithe inniu.’ ‘Hi’ adúirt mise ‘bhfuil seans ar bith go bhfuil gunna ar bith fágtha fán teach, le piléar a chur san amadán sin thuas ar an stáitse’. Nasty looks all around . Bhí braon maith sa ghrágán fán am seo. Am baile. C’uair a bhéas an chéad Chabaret eile ann? Mar adeir Arnie, beidh mé ar ais, with bells on baby ! — An Bleachtaire Siamsaíochta 10 Goitse 20 Nollaig 2013 OMD, überGaeil agus léibeanna dóighiúla Thug mé an darna amharc ansin air agus thabharfainn mionna gur fear de chuid an IRA a bhí ann, an boighean údaí a léigh amach an ráiteas nuair a bhí siad ag cur na ngunnaí i bhfolach, nó á ndecomissionáil nó cé bith caidé a thabhrann tú ar a leithéid. ‘ Gotta slow done boy ,’ a dúirt mé liom féin, agus mé ag feadalaigh ‘ hallucinations once again ’ liom féin. Ar na cannaí @ an Chabaret Craiceáilte, Tigh Hiúdaí Bhig, An Bun Beag SIAMSAÍOCHT Feargal Mac Ionnrachtaigh, údar Language, Resistance and Revival i gcuideachta Piaras Mac Alastair, Hugh Beag Corcoran agus Séanna Breathnach, ag an Chabaret Craiceáilte Pól Larkin agus, Marina Nic Giolla Bhríde as an Charraig i nGaoth Dobhair. Marina Ní Dhuibhir agus Michelle Ní Fhearraigh, Mín Lárach ag an Chabaret i dToigh Hiúdaí Bhig. Peter Mac Aoidh, James Mac Suibhne, Caoimhín Ó Casaide, bainisteoir úr fhoireann sinsir Ghaoth Dobhair agus an réalt peile Contae, Neil Mac Aoidh ag baint spórt as an Chabaret. An t-amhránaí Caoimhín Mac Giolla Chatháin ag ceol ag an Chabaret. Aodán Ó Cearbhaill as Carraig an tSeascainn agus Cathal Campbell as Machaire Chlochair.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3