Goitse, Nollaig 2013

Goitse 20 Nollaig 2013 11 An tSeanbhean Bhocht Beag nár thit mé as mo sheasamh Ar fheiceáil na Seanmhná Boichte Ach beag folaithe sa scrobarnach A seanbhróga cáidheacha gan sála Ag gobadh amach as an díog Mar a bheadh crúba Bó ann Thug sí seanamhrán i mo cheann domh A cheoil mo sheanmhúinteoir scoile fadó Nach raibh agam a thuilleadh ach an port Lena craiceann smálta chomh dubh le gual Ba chosúla le muc i gcró na muice í D’fhág sí blas bréan i mo bhéal Agus urlacan folamh le samhnas orm A clibín gruaige scáinte amhail grágán Gan treoir, ná dóigh, ná cúram ar bith Agus an dóigh ceannann céana Ar a seanéadaí dú-salach, smolchaite “Ba bhanríon mé uair den tsaol” ar sí “Ach nach suarach mo chás anois Agus mo chlann ar shiúl le máthair eile Nach mé a bhí soineanta agus ar seachrán Níl aithne orm níos mó” Bhí mallacht ina súile domh Nár chreid mé a bréag as a béal Seanmhallacht ina chanúint dothuigthe Agus d’fhág mé í ina log codlata sa díog “Bhíodh ceol agus céimeanna agam fadó An phíob agus an chruit do mo shuaimhniú Amhráin agus dánta do mo mholadh Níl ann ach a macalla níos mó.” Níl tarrtháil ar bith ar an tseanbhean bhocht sin. Seán Ó Muireagáin Bhí an tOirmhinneach Sidney Mac a’ Phearsain ag rí na héille le ghabháil i gceann oibre ina pharóiste úr. Ministir díograiseach a bhí ann a raibh na hacraí riachtanacha aige le treabhadh i ngort Dé — an óige, an éirim agus an oiliúint. Bhí dóigh mhaith aige le daoine agus ciall don ghreann aige. Thiocfadh leis comhrá a bhaint as cloch. Thar aon rud eile bhí an daonnacht go smior ann. Bhí ar a chumas ariamh croí daoine a bhogadh. Ins na bailte móra a bhí sé ag obair ach anois ní raibh roimhe ná ina dhiaidh ach cnoic agus caoirigh, caoráin agus ceannabhán. Ariamh chuir sé fána choinne cúram ar leith a dhéanamh d’uaigneach agus d’easlán. I dtaca le cumhaidh de b’ionann baile mór agus tuath. Thuig sé fosta go dtiocfadh leis riar don chuid eile dá thréad sa teampall Dé Domhnaigh agus bhí rún aige leanstan don mhodh oibre sin ina pharóiste úr. Ghníodh sé liosta de na daoine a rachadh sé ar cuairt acu agus bhíodh blúiríní beaga eolais cruinnithe aige fá achan duine acu leis an chomhrá a éascú. B’annamh leis trácht ar Dhia nó ar theampall agus é ar cuairt acu nó chreid sé gurb é an caradas agus an daonnacht an chonair chun Dé. Bhí Humphrey Burns ar an chéad duine ar a liosta agus lá amháin i ndeireadh an Fhómhair d’imigh sé ag triall ar a theach. Bhí cónaí ar Humphrey i seanteach a raibh balla cloiche thart ar a gharradh lena chosnú ar ghaoth agus ar chearca. Ní raibh clog féin sa teach. B’annamh a lastaí lampa nó d’éiríodh Humphrey agus théadh sé a luí leis an ghrian. Fear cráifeach a bhí ann ar ghnách leis píosaí as an Bhíobla Naofa a léamh achan lá. Sa teach seo a rugadh agus a tógadh Humphrey agus a dheartháir Arthur. Nuair a bhí siad óg bheireadh a muintir chun teampaill iad Dé Domh- naigh agus nuair a fuair siadsan bás lean Humphrey ar aghaidh ag cleachtadh chreideamh a shinsir. Ach b’fhada an lá anois ó bhí sé sa teampall nó d’éirigh sé as an ghnás nuair nach raibh sé ábalta ar ghabháil suas ar a rothar níos mó. Níor chronaigh sé an teampall nó ní raibh an saol mar a bhí. An mhuintir a mbíodh sé mór leo bhí siad chomh haosta leis féin agus an chuid acu nach raibh marbh bhí siad ag éileamh. Chomh luath agus a leag an ministir a lámh ar laiste an gheaQa thoisigh madadh a thafann. Ar thoradh moille nocht an seanfhear, cos throm leis, sprochaillí faoina shúile, a ghruag scáinte, léinidh gharbh agus bríste donn de chorda’n rí air. D’aithin sé an ministir ar a chulaith agus ar a choiléar. Chuir sé brathladh ar an mhadadh agus chuaigh ag bacadrú ionsar an mhinistir. I ndiaidh lámh a chraitheadh le chéile, isteach leo chun tí agus iad ag comhrá i rith an ama. Gan chuireadh gan iarraidh shuigh an ministir ar stól, chuir a chosa trasna ar a chéile, shín a lámha amach agus rinne a ghoradh ag an chraos tineadh. Ba léir ar mhéad agus bhí de dhusta ar an stól gur fada ó shuigh aonduine air. ‘Tá an lá ag cailleadh, ’Humphrey. Ní fada uainn an geimhreadh’ Thoisigh siad a chaint fá chonnadh agus fá theas! Bhí an citeal ar ligean agus dúirt Humphrey go raibh sé go díreach fá choinne bolgam tae a dhéan- amh sula dtearn an madadh tafann. ‘Is cosúil gur rugadh in am mo chodach mé’ Thairg sé bolgam don mhinistir a ghlac leis le fonn. Bhí an taobh istigh den chupa chomh donn le bachta mónadh agus bhí a bhéal gágach. Ach oiread leis an dusta ar an stól, má chuir an cupa as don mhinistir níor lig sé a dhath air. ‘Deirim leat tae! Is breá liom tae láidir. Thiocfadh le luchóg seasamh ar an chuid seo’. Rinne an bheirt acu gáire. Thóg Humphrey an Bíobla dá chathaoir, d’fhág ar an urlár é agus shuigh. ‘Tchím go bhfuil tú rud beag bacach, ’Humphrey. Ar ghortaigh tú do chos?’ ‘Níor ghortaigh. Dúirt an doctúir gur arthuritis atá ann ach tá mise mé féin cinnte gur piantaí cnámh atá ann’. ‘Nár mhol sé leigheas ar bith?’ ‘Mhol sé piollaí áirithe agus caithim anois agus arís iad leis an phian a mhaolú. Creidim go siúlann na piantaí sin leis an tseanaois agus níl leigheas ar an aois. Sin a bhfuil de.’ ‘Bhí na piantaí céanna ar mo mháthair ó bhí sí na trí scór’ arsan ministir. Bheirim fa dear go bhfuil caoirigh sa pháirc thuas. Cé leis iad?’ ‘Is liomsa iad’ arsa Humphrey. Lig an ministir iontas air. ‘Agus caidé mar a éiríonn leat tréad- aíocht a dhéanamh agus tú bacach?’ ‘Éiríonn go breá liom. Tá mo chroí istigh ins na caoirigh. Tá nia liom ina chónaí beagán mílte uaim a bheir lámh chuidithe domh i seasúr na n-uan, coinníonn sé súil ghéar ar chúrsaí aimsire ar mo shon agus cuidíonn sé na caoirigh a chluicheadh nuair a bíos baol sneachta ann.’ ‘Bhuel bhuel. Tá dóigh mhaith ort mar sin de?’ ‘Tá dóigh rí orm. Chonaic tú an choillidh udaigh agus tú ar do bhealach isteach, a Oirmhinnigh. Bhuel, bheirtear soláthar adhmaid as sin chugam go tráthrialta. Tá bothán amuigh anseo agam agus tá sé líonlán. Chá bhíonn fuacht orm in am ar bith. Tá éanlaith agus uibheacha agam, glasraí agus torthaí agus thig siopa siúil an bealach dhá uair sa tseachtain.’ Nuair a bhí uair a’ chloig nó mar sin de chomhrá déanta acu agus an lá á chaitheadh, dúirt an ministir gur mhithid dó imeacht nó gur mhaith leis a bheith sa bhaile le solas an lae. Dúirt sé go dtiocfadh sé ar cuairt arís aige. D’iarr Humphrey air fanacht tamall beag go bhfaigheadh sé cupla ceann cáil dó. Nuair a phill sé bhí sac aige lán de ghlasraí agus de thorthaí agus thug don mhinistir é. Rinne sé a chomóradh a fhad lena charr agus thug sé duisín uibheacha dó ar leabaidh chocháin i seanbhearad. Ghabh an ministir buíochas leis agus dúirt go gcuirfeadh na bronn- tanaisí sin gliondar ar a bhean agus ar na girseachaí. Sular shuigh sé isteach sa charr chuimhnigh sé ar na sprochaillí faoi shúile an tseanfhir. ‘An gcodlaíonn tú go maith san oíche, ’Humphrey?’ ‘Leoga, ní chodhlaím. Bíonn achan oíche ina lá agam. An aois is cúis leis sin fosta, is dócha.’ Dúirt an ministir leis go raibh aithne aige ar fhear a raibh an rud céanna ag cur as dó. ‘Fear mór caorach, do dhálta féin atá ann agus tá seiQ aige. Luíonn sé ar shlat a dhroma agus samhlaíonn sé dó féin tréad caorach ag teacht fríd bhearnaigh, ceann i ndiaidh an chinn eile. Théid sé á gcuntas agus sula mbíonn siad uilig fríd an bhearnaigh, titeann sé ina chodladh. Caidé do bharúil de sin,’Humphrey? Is fear mór caorach thusa. Nach gcuntas- ann tusa iad? ‘Dheamhan cuntas. Ní dhéanaim ach luí ansin ag déanamh mo chomhrá leis an Tréadaí.’ ● Rugadh agus tógadh Brighid i mBéal Feirste. Tá cónaí uirthi i nGaoth Dobhair, áit ar bhog sí féin agus a clann i 1973. Bhí suim mhór ariamh aici sa léitheoireacht agus is é seo an rud a spreag a cuid suime sa scríbhneoireacht. Tá sí páirteach i gCiorcal Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair agus foilsíodh gearrscéalta léi sa gcnuasacht Go dtí an lá bán a d’fhoilsigh an comhlucht áitiúil Éabhlóid anuraidh. Tá sí pósta ar Thomás agus tá seisear clainne acu. “Gan chuireadh gan iarraidh shuigh an ministir ar stól, chuir a chosa trasna ar a chéile, shín a lámha amach agus rinne a ghoradh ag an chraos tineadh. Ba léir ar mhéad agus bhí de dhusta ar an stól gur fada ó shuigh aonduine air”. Neartú Chreideamh an Mhinistir Gearrscéal le Brighid Uí Mhonacháin LITRÍOCHT

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3