Goitse, Nollaig 2013
Conchúr Mac Giolla Eáin Tá sé ar intinn ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Gaoth Dobhair) scéim phíolótach a chur ar bun le húsáid na nua- theicneolaíochtaí i nGaeilge a spreagadh agus a bhrú chun cinn i nGaeltacht Thír Chonaill. Eascraíonn an smaoineamh don togra seo ó chruinniú faoi úsáid na nuatheicneolaíochta Gaeilge a ritheadh le linn an Oireachtais anuraidh. Ar an drochuair, bhí sé soiléir ón phlé sin nach bhfuil pobal na Gaeilge ag úsáid na gcóras atá curtha ar fáil dóibh. Tá Séamus Ó Briain, Feidhmeannach Ríomh- aireachta san Acadamh, ag reáchtáil na scéime agus mhín- igh sé cad chuige a bhfuil an scéim seo tábhachtach: “Is mór an trua nach bhfuil go leor de phobal na Gaeilge ag úsáid na gcóras agus na n-uirlisí atá curtha ar fáil dóibh. Caithfear dul i ngleic leis an drochnós sin agus pobal dílis úsáideoirí a chruthú ar mhaithe leis an teanga agus le misneach a thabhairt do na díograiseoirí teanga atá taobh thiar den obair cheannródaíoch seo. ” Ba mhaith leis an Acadamh meascán maith den phobal bheith páirteach sa scéim phíol- ótach, idir thuismitheoirí atá tógáil clainne le Gaeilge, mhúin- teoirí bunscoile agus meánscoile, ghnólachtaí agus eagrais stáit. Beidh an córas Linux, an feidhmchlár LibreOffice agus cluichí do pháistí mar pháirt lárnach den togra. Mhínigh Ó Briain aidhm- eanna na scéime: “Tá muid fá choinne taispeáint do na rann- pháirtithe cén bealach is fearr leis an leagan Gaeilge den chóras Linux a chur ar a gcuid ríomh- airí agus an dóigh is fearr le leas a bhaint as. Dhéanfaidh muid cúpla ceardlann a reáchtáil thar thréimhse dhá mhí agus tá súil againn torthaí an taighde a fhoilsiú in Goitse .” “Tá lear mór buntáistí ag baint le Linux. Ar an chéad dul síos, tá an córas saor in aisce! Luíonn sé le ciall go mbeadh Linux in úsáid ag pobal na Gaeilge mar go bhfuil na huirlisí snasta seo uilig ar fáil saor in aisce mar pháirt de: 1. Leagan iomlán lán-Ghaeilge. 2. Litreoir Gaeilge LibreOffice. 3. Cluichí oideachasúla do pháistí. 4. Réimse teangacha ríomhchlár- úcháin (C++, Pascal, Fortran, Php, Python, Prolog Java).“Níl a leithéid ar fáil mar pháirt de MS Windows. Caithfidh tú íoc fá choinne Windows a úsáid, dar ndóigh. Tá féidearthachtaí móra ag baint leis seo sa mhéid is go dtugann sé deis do dhaoine óga blaiseadh a fháil ar an ríomhchlárúchán.” 5. Réimse leathan feidhmchlár: Gimp (grafaicí agus grianghraf- adóireacht), Audacity (fuaim). Má tá an oiread sin buntáistí ag baint leis an chóras, cad chuige nach bhfuil níos mó daoine á úsáid? Mhínigh an Brianach: “Bhí cáil ar Linux mar chóras a bhí iontach deacair a chur ar do ríomhaire. Sin an príomhfháth nach n-úsáideann daoine é. Leis an fhírinne a inse is iomaí duine a scrios a gcóras agus iad ag iarraidh Linux a shuiteáil! Níl muidne chun an seans sin a ghlacadh. Tá muid fá choinne meaisín fíorúil ( virtual machine ) a chruthú ar ghnáth-ríomhaire agus Linux a rith air. Dhéan- faidh sin cinnte nach féidir dochar ar bith a dhéanamh don chóras atá in úsáid ag daoine faoi láthair.” Más mian leat do ríomhaire a bheith saor agus Gaelach, cuir scairt ar an Acadamh ag 074 95 31919 nó seol ríomhphost chuig linux@goitse.org . 12 Goitse 20 Nollaig 2013 Bhí baill an Chlub 50 ag cur snasa a scileanna teicneolaíochta le gairid. Reáchtáil Séamus Ó Briain, Feidhmeannach Ríomhaireachta san Acadamh, cúrsa sé seachtaine go hiomlán as Gaeilge fána gcoinne. Bhí dhá aidhm ag an chúrsa, mar a mhínigh an Brianach: “Bhí mé ag iarraidh eolas a thabhairt daofa fá na féidearthachtaí a bhaineann le cuid de na huirlisí agus na feidhm- chláir a tháinig ar an tsaol le blianta beaga anuas. Ina theannta sin, bhí mé ag iarraidh iad a spreagadh le leagan Gaeilge de na feidhmchláir a úsáid.” Labhair ball den Club 50, Annie Diver, fán dóigh a mothaíonn an grúpa i ndiaidh an chúrsa: “Tá sé go hiontach go raibh muid ábalta foghlaim faoin teic- neolaíocht úr go háitiúil inár dteanga dhúchais. D’fhoghlaim muid cuid mhór in achar gairid. Tá na háiseanna san Acadamh ar dóigh. Tá cuid mhaith eolais ag na léachtóirí agus tá siad thar a bheith cuidiúil.” Tá an teicneolaíocht mar pháirt lárnach den saol anois. Eagraíonn Aoisghníomhaíocht Éireann agus Google comórtas bliantúil darb ainm Silver Surfers le daoine scothaoise a spreagadh le bunscil- eanna teicneolaíochta a phiocadh suas. Bhí an Feidhmeannach Teanga, Mícheál Ó Domhnaill, páirteach sa chúrsa fosta agus labhair sé fan dóigh a raibh sé ina phróiseas foghlama d'achan duine: “Is cinnte go raibh cuid mhór le foghlaim ag foireann an Acadamh maidir le riachtanais na Scimeálaithe Scothaoise, mar a déarfá!. Bhí againn an cló a dhéanamh níos mó, am a chaitheamh ar úsáid na luchóige srl. Bhí sé iontach suimiúil ónár dtaobhsa taithí a fháil ar riachtanais na ndaoine nach bhfuil aon taithí acu ar an nuatheicneolaíocht.” Mhínigh ‘Fear na Ríomhairí’, Andy Caomhánach, an tábhacht a bhaineann le Teicneolaíocht Faisnéise a mhíniú go simplí do dhaoine nach raibh an deis acu foghlaim fá dtaobh di nuair a bhí siad ar scoil. “Go minic, bíonn leisce ar dhaoine nár fhás aníos le ríomh- airí ná le hidirlíon an teicneol- aíocht a úsáid. Cluineann siad fá ríomhphost, skype, taibléidí, scim- eáil ar an idirlíon, aipeanna, siopadóireacht ar líne srl, ach síleann siad gur dócha go bhfuil sé róchasta daofa. Bhí sé go hiontach bheith ábalta cuidiú leis an Chlub 50. Ba léir go raibh ní ba mhó muiníne acu de réir mar a chuaigh na seachtainí thart.” Bíonn ‘Fear na Ríomhairí’ le cloisteáil ar Barrscéalta uair sa tseachtain. Is féidir é a leanúint ar an chóras giolcaireachta fosta: www.twitter.com/andycaomhanach Snas curtha ar scileanna teicneolaíochta Chlub 50! ‘Fear na Ríomhairí’ Andy Caomhánach (ar chlé) agus Feidhmeannach Ríomhaireachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Séamus Ó Briain (ar dheis) in éindigh le baill den Club 50 a rinne cúrsa teicneolaíochta sé seachtainí san Acadamh le déanaí. Is tionscnamh é Gaelturas a eag- raíonn cúrsaí foghlamtha do dhaoine fásta atá lán spraoi agus craic is atá dírithe uilig ar labhairt na Gaeilge chomh maith le blaiseadh láidir a thabhairt do dhaoine ar thraidisiún saibhir na Gaeltachta ó thaobh ceoil, amh- ránaíochta agus damhsa de! Is féidir tuilleadh eolais a fhail ar imeachtaí Ghaelturas ón suíomh www.gaelturas.com Oíche cheoil agus damhsa a d’eagraigh Gaelturas i dTigh Hiúdaí Bhig ar an Bhun Bheag ar na mallaibh. Cúrsaí foghlamtha Gaeilge do dhaoine fásta An bhfuil Gaeilge ag do ríomhaire? Tá Gaeilge agam! CÚRSAÍ OILIÚNA
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3