Goitse, Nollaig 2013

Goitse 20 Nollaig 2013 7 Chan go ró mhinic a chluin muid scéal fá Rí ag tógáil na scuaibe agus chan le damhsa na scuaibe a dhéanamh, cé go mbíonn seo á dhéanamh aige thall is abhus, ach an scuab dathadóireachta le damhsa ar chanbháis, is mó a bhíonn idir lámh aige. Tá A Shoilse, an Rí Peatsaí Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí, ag ceiliúradh 45 bliana i mbun scuaibe i mbliana. Síneann oidhreacht na healaíne agus traidisiún na péintéireachta siar i stair Thoraí go dtí na caogaidí, nuair a thug an t-ealaíontóir clúiteach, Derek Hill, cúl le tír mór le cur faoi i mbothán beag adhmaid thuas ar bharr na mbeann ar an oileán mara seo. Ghríosaigh Hill roinnt de bhunadh an oileáin le tabhairt faoin dathadóireacht agus ó shin i leith, tá neart saothair péintéireachta, a thig thar sáile anall chugainn agus iad ar taispeáint i ngailearaithe móra in Éirinn, sa Bhreatain, ar fud na hEorpa chomh maith le bheith ar fáil i neart bailiúcháin tábhachtacha, príobháideacha eile fosta. Cé nach maireann aon duine den chéad glúin d’ealaíontóirí Thoraí, trócaire sa chré orthu, tig Peatsaí Dan sna sáltaí orthu agus é ar dhuine den chéad ghlúin eile atá i mbun dathadóireachta. Mar pháirt den cheiliúradh 45 bliain i mbun scuaibe, tá roinnt dá shaothar ealaíne le feiceáil i dtaispeántas atá ar siúl faoi láthair i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, i mBéal Feirste. Tá ocht bpictiúr is fiche ins an taispeán- tas seo atá ar siúl, i nDánlann na mBallaí Bána, go dtí an 5 Eanáir. Ag labhairt dó ar Raidió na Gaeltachta, faoin taispeántas agus an oscailt oifigiúil, dúirt Peatsaí Dan; “Ar an 5ú lá d’Iúil sa bhliain 1968, a bhí an chéad taispeántas agam i mBéal Feirste, gcuideachta James Dixon agus Séamus Mac Ruairí. Chan strainséir ar bith mé féin, nó eal- aíontóirí Thoraí i mBéal Feirste. Bhí oíche mhór againn agus tháinig cuid mhór cairde de mo chuid, bailitheoirí, ceannaitheoirí agus daoine eile, ealaíontóirí agus cairde an láidir go deo dár gcuid le bheith linn. Tháinig ceoltóirí agus buailteoirí lena ngléasraí ceoil fosta agus thug siad oíche mhór dúinn uilig.” Is saol agus áilleacht na radharcanna galánta farraige, chomh maith le timpeallacht an oileán a tchídh sé thart air, na tréithe is mó a bhíonn mar ábhar inspioráide ag Peatsaí Dan agus é i mbun scuabadóireachta. Cha n-amharcann Peatsaí Dan ar Thoraigh mar oileán duairc nó gruama, ach a mhalairt ar fad, mar oileán mara mistéireach, rómánsach atá ag cur thar maoil, le beatha agus beogacht de achan seórt. Cé gur stíl ealaín phrimitíbheach nó ‘neamh amaideach’, mar a thugann Peatsaí Dan féin air, a chleacht bunadh Thoraigh, níl a dhath primitíbheach fúthu sin atá go fóill ag meascadh na ndathanna ‘s ag buaileadh na scuaibe agus ag léiriú chomh tréan ina gcuid oibre ealaíne, an máistreacht ata acu ar an scuab, agus is fíor go bhfuil Peatsaí Dan ar dhuine acu seo. Fágann an mháistreacht scuaibe seo a léiríonn sé ina shaothar ealaíne, lorg ar intinn agus i gcroí, nach fursat do aimsir nó am a ligin i ndearmad. Féith an cheoil, féith na cainte agus go hairithe, féith an chan- bháis ealaíne ag síor silleadh le radharcanna farraige agus tírdhreachanna ón ‘chreag i lár na farraige’, atá á cheiliúradh ins an taispeántas seo. Gurbh fada buan an Rí i mbun scuaibe. Rí Thoraí ina rí ar an scuab Saothar de chuid Pheatsaí Dan Mhic Ruairí (ar clé) atá mar chuid den taispeántas atá crochta sa Chultúrlann i mBéal Feirste faoi láthair. DOBHAR ionadnp@eircom.net 074 9532949 GNÉ-ALTANNA cartún scadán caoch

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3