Goitse, Nollaig 2013
8 Goitse 20 Nollaig 2013 Go dtí seo, caithfidh mé a rá go bhfuil ádh orainn i mbliana ó thaobh na haimsire de. Tá aimsir bhreá nádúrtha againn do thús an Gheimhridh. Cé go raibh cúpla lá siocáin againn, léirigh staitisticí a tháinig amach le gairid gurbh í mí na Samhna i mbliana ceann de na Samhnacha is tirime agus is teo le blianta. Agus mar sin, níl a dhath againn a bheith ag gearán faoi go fóill ó thaobh na haimsire de. Seo am ar an fheirm chun réiteach a dhéanamh fá choinne am plandála san Earrach. Fá láthair tá tochailt agus rómhar á dhéanamh ar na hiomairí glasraí fá choinne na bliana seo chugainn. Tá aoileach spréite amuigh ar na ceapacha ardaithe agus clúdach plaisteach dubh orthu. Cuidíonn seo leis an aoileach a bhriseadh síos fríd an chréafóg. Nuair a thiocfaidh am plandála beidh an t-aoileach i ndiaidh leas iontach a thabhairt don chréafóg agus nuair a bhéas síolta le cur beidh maitheas millteanach sa talamh. Seo am maith chun carn aoiligh a thógail fá choinne réitigh a fháil de rudaí airithe ón teach. Muna bhfuil áit agat do charn aoiligh thiocfadh leat araid múirín a fháil ón Chomhairle Chontae i Leitir Ceanainn, nó ar an Chlochán Liath. Seo liosta beag de roinnt de na hábhair a thig leat a chur isteach san araid múirín. Fuílleach ón tábla (ná cuir feoil, cnámha no iasc isteach ann mar go dtarraingeoidh siad ainmhithe), craicne torthaí agus glasraí, blaosc uibheacha, duill- eoga, lustan, plandaí, duilleoga tae, cairtchlár agus nuachtáin. Is maith ábhar glas, cosúil le bearradh féir no craicne agus ábhar donn, cosúil le cairtchlár agus nuachtáin a mheascadh san araid múirín chun cothromú maith a thabhairt don mhúirín. Thig leat níos mó eolais a fháil ag www.recyclenow.com/home _composting/ Níl mórán a thig leat a dhéanamh o thaobh plandála de fán am seo den bhliain, ach tá bleibín beag amháin a thig leat a chur sa talamh, gairleog. Ba chóir dó a bheith curtha roimh an lá is giorra sa bhliain, caithfidh tú na bleibíní a scar- adh óna chéile agus na clóibh a chur sa talamh leis an phointe ar bharr. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.gardenplansireland .com/ forum/about240.html Leis an obair sin uilig déanta beidh ocras oraibh agus fearas chistinigh amháin a bhíonn mise ag úsáid cuid mhór, ná an cócaireán mall ná an slow cooker . Úsáidim go rialta é agus bíonn béilte iontach blasta déanta leis, go háirithe le gearrthacha feola a bheadh rud beag níos saoire. Níl siad iontach daor le ceannacht agus ním i gcónaí dhá oiread agus thig liom leath dó a chur sa reoiteoir fá choinne dinnéir lá éigin eile. Ní chosnaíonn an cócaireán mall ach thart fá fiche cent chun béile a dhéanamh ar feadh 8-10 n-uaire cócaireachta! Seo thall oideas chun stobhach mairteola a dhéanamh sa chócaireán mall. Cé go bhfuil an aimsir ciúin agus bog ann, na déanaigí dearmad ar na héiníní fiáine, ma tá bord éin agaibh cuir amach cúpla píosa aráin nó síolta chun cuidiú leo tríd an Gheimhreadh agus cha bheadh a fhios agat caidé an cineál éin a thiocfadh ar chuairt agat! Stobhach Mairteola 1 kilo stéig stobhaidh ( stewing steak ) salann agus piobar, ½ taespúnóg 2 chairéad, mionghearrtha Ionga gairleoige, mionghearrtha 1 oinniún, mionghearrtha 3 phráta, díslithe 1 craobh shoilire, mionghearrtha Duille labhrais 1 taespúnóg paiprice 1 taespúnóg purée trátaí 1 taespúnóg anlann Worcestershire Stoc mairteola 35g plúr bán Cuir an fheoil isteach sa chócaireán mall, i mbabhla beag, measc an salann, piobar agus plúr bán. Measc tríd an fheoil chun é a chlúdach go maith. Ansin cuir an chuid eile de na comhábhair isteach leis an fheoil. Cuir go leor stoc mairteola isteach sa chócaireán chun gach rud a chlúdach, cuir an clár ar an chócair-eán. Déan é a chócaráil ar shocrú íseal fá choinne 10-12 uair no 4-6 uair ar shocrú ard. Blag na mBuataisí Anois an t-am le réiteach do phlandáil an Earraigh súil siar Óró na buachaillí... Seanghrianghraf de bhaichle gasúir a tógadh taobh amuigh d’Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 12 Márta 1978. Ó chlé: Pól Eoghan Eoin Mac Fhionnlaoich, Machaire Chlochair; Pól ‘The Machine’ Mac Giolla Easpuig, Cois Cláidí; Bernard Mór Ó Baoighill (le hata Garda ar a chloigeann), Bóthar na Trá; fear de chlann Joe Johnny; Pól Joe Johnny Mac Pháidin, Machaire Chlochair; Colm Ó Baoill, Bealach an Draighin; Myles Mac Giolla Easpuig, Cois Cláidí; PJ Joe Jack Ó Cuireáin, Ard na gCeapairí; Denis Jimmy Dinny Ó Gallchóir, Cois Cláidí; Tadhg Ó Baoighill, Bóthar na Trá (nach maireann, suaimhneas síoraí dó); Cuimín Mac Aodha Bhuí, Cois Cláidí; Jimmy Ó Baoighill, Bóthar na Trá agus Cois Cláidí; Rónán Ó Flatharta as Inis Mór, Árainn na Gaillimhe. Iarla Mac Aodha Bhuí, Cois Cláidí a ghlac an grianghraf. GNÉ-ALTANNA —Bee na mBuatais
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3