Goitse, Nollaig 2013
Tig le duine titim de mhuin na muice isteach in umar na haimléise (agus ó cliché go cliché) i bpreabadh na súl. Bhí mé ar mo bhealach ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Cluainín i gContae Liatroma i gcarr ’05, úr ceannaithe álainn. Bhí sé ag tiomáint go binn agus bhí mé sásta go bhfuair mé margadh maith ann. Ag tarraingt ar Achadh an Iúir (alias Virginia í ndiaidh na banríona udaí) las solas an ola. Nuair a d’amharc mé ar an bhata sa stáisiún pheitril i Machaire ní raibh deor amháin ola air. Bhí mo mhuinín ag criathrú go gasta, ach bhí fear óg múinte lámhach ar chúl an chuntair a thug misneach éigin ar ais domh. Uair a’ chloig níos déanaí agus i ndiaidh dó trí lítear ola a chur san inneall, ar aghaidh liom. Ach ag Eanach bhí an bealach druidte agus Malairt Slí fógraithe. Bhí sé mall san oíche dhubh cheobhránach. Lean mé an saighead agus gan mhoill bhí mé im “óinmhídhe ar strae” fríd bhealtaí caola cúnga gan amharc ar an chéad fhógra eile a d’inseódh domh nach ar fán ar fad a bhí mé “í dtíortha thar m’eolas í gcéin” le carr fabhtach fúm is gan príomh- chara díograis — nó aon duine eile — im’ chomghar. (Bhí an- chomhbhá agam le Eoghan bocht an bhéil binn fán am sin). Ach d’aithin mé rud amháin — ní raibh leagan Gaeilge ainmneacha na háite ar na chomharthaí — bhí mé áit inteacht i bhFir Manach — agus mhothaigh mé an easpa go géar. Ag taisteal fríd dheisceart na tíre domh, giorraíonn na comharthaí an bóthair; bím ag meabhrú ar an léiriú a thugann an bun-ainm Gaeilge don Bhéarla gan chiall, nó ar an choimlint idir an dá leagan. Idir Bailieborough agus Coill an Chollaigh mar shampla. Cé nó caidé ’bhí in Bailie a thug ar na daoine glacadh leis an ainm úr? An amhlaidh gur leagadh na crainn a thug foscadh don mhuc fhiain úd? Agus, ar ndóigh, glactar seilbh ar áit nuair a ainmnítear í. Tá Ardee gan bhrí go dtí go léitear Áth Fhirdia; táthar láithreach ag gluaiseacht tríd Muirthemne, thar an áit inar tharla an troid chinniúnach uasal idir Cú Chulainn agus Ferdia. Agus ar ndóigh cailleann mná a stair fhéin nuair a athraíonn siad ainm ar phósadh dóibh. Bhíodh mo sheanmháthair ag maíomh — le mórtas cine Mhuintir Chiarraí — gur shíolraigh sí ó Aodhagáin Ó Rathaille agus ba tríd líne na mban a leanstan a rinne sí an ceangal. Rud níos suimiúla fós, chuaigh an líne sin fríd Neill Clifford, bean ghlúine a thaisteal an ceantar ar mhuin chapaill i mbun a cuid oibre chabhraigh trí ghlún siar ó’m sheanmháthair. Nach deas go maireann a clú siúd. Ó Eoghan Rua go hAodhagán i scríob de pheann. Do bé deireadh an seachráin slí gur stad mé go fíor- thuirseach deorach (deora bhuíochais) sa Chluainín i ndeireadh na dála agus nach bhfuil faoiseamh agus fáilte insan ainm sin fhéin! Bhí mo sheana chroí dúr ar a shuaimhneas. Goitse 20 Nollaig 2013 9 Is anois, i gceartlár an Gheimh- ridh, atá eidhneán i mbarr a mhaitheasa. Tá mórchuid de na crainn lom ag an am seo, nochtaithe ó thaobh dhuilliur de ach tá eidhneán follasach agus é glé glas. Agus níos suantasaí, tá eidhneán faoi bhláth agus, ina dhiaidh sin, trom le torthaí sa tréimhse seo. Ní bheidh gach uile planda ag bláthú, áfach, mar go bhfuil eidhn- eán démorfach. Nuair atá sé ag fás ar thalamh nó ag dreapadh in airde ar chrann, balla, claí nó cuaille teileagraif) tá an cruth aitheanta cúig rinn ar na duilleoga. Agus an barr bainte amach aige éiríonn sé tomógach, bíonn na duilleoga níos simplí agus thig leis bláthú. Tá na bláthanna féin measartha beag, glas, neamhfheiceálach. Bíonn siad bailithe ina umbail. Tá cuma shimplí ar na blátha, déanta go bunúsach de dhiosca a thairg- íonn neachtar agus cúig staimín mórthimpeall air. Cuireann siad cuid maith neachtair ar fáil agus meallann sé seo cibé saghas feithid eitilte atá ann ag an am seo den bhliain. Is foinse chothaigh fíor thábh- achtach í seo do na beacha, cuileanna agus foichí. Is amhlaidh mar atá na sméara a leanas d’éin go háirithe an lon dubh, an smólach agus an colm coille. Tá eidhneán sa ghrúpa nó fine Araliaceae. Tá tuairim is 1500 speicis sa ghrúpa seo, 11 sa géineas Hedera. Tá ball amháin dúchasach d’Éirinn, Hedera helix . Is hedera an laidin ar eidhneán agus is focal Gréigeach é helix a chiallaíonn caisirnín nó bís. Ach meastar gur speiceas ar leith atá i Hedera hibernica atá anseo fósta. Níl ach mionéagsúlachtaí i gceist ó thaobh dhealraimh de ach go micrascópach tá uimhir chróma- sóm difriúil acu. Is planda gharraí an-choitianta an eidhneán agus tá thart fá 400 cultibhar nó cineál ann. Tá seo suimiúil mar gur fuath le go leor duine an dreapaire siocair go bhfuil droch-cháil air. Tá sé luaite ag Don Pilip sa Zoilomastix nach bhfuil eidhneán féinchothaitheach agus go bhfás- ann sé le taca balla nó crann. Níl seo go hiomlán fíor. Fásann sé ar thalamh go dtí go aimsítear rud le dreapadh air. Nuair atá sé ag fás in airde ghníonn sé seo le fréamh- acha mionathraithe a thagann as taobh íochtar na ngéaga. Ní oibríonn said mar gnáth- rútaí ach ag ceann gach ribe tá diosca beag lena ngreamaítear an planda do rud eile. Ar na mallaibh fuarthas amach go mbaineann na dioscaí úd úsáid as gliú ar leith chun greamú. Is an gné áirithe atá ag seo ná go bhfuil sé déanta de mionghráinníní aonghnéach le cosaint in éadan solas ultra-vialait. Tá staidéar bhithleighis á dhéan- amh ar an ábhar seo mar meastar go dtiocfaidh leis a bheith an- úsaideach. Tá tuairim ann go dtig le eidhneán damáiste a dhéanamh do bhallaí agus go bhfuil droch- thionchar aige ar na crainn ar a ndreapann sé. Nuair a tharlaíonn seo is minic gur seanbhalla meata nó crann ag deireadh a réime atá i dtreis. Sna tíortha inar tugadh isteach é agus atá feiliúnach dó, áfach, thig leis plandaí dúchasacha a chur faoi scáth. Tá ionradh déanta i Meiriceá, an Astráil, an Nua Shéalainn agus an Bhrasaíl. Tá eidhneán in ann cúig chead bliain nó níos mó a bhaint amach. Sa tsean-am bhí eidhneán tiom- naithe do Bacchus agus bhí sé mar chomhartha dílseachta. Bhí nós siombalach ann é a bhronn- adh ar lánúin agus iad ag pósadh. Cé go bhfuil eidhneán in úsáid mar mhaisiúchán Nollag, níl an nós chomh coitianta is a bhí. Meastar go bhfuil baint aige seo le bac a chuir Comhairle na hEaglaise sa mheánaois leis an cleachtadh siocair go raibh baint tréan aige leis an phágántacht. Tá cuileann Ilex aquifolium níos coitinne sa lá atá inniu ann chun tithe a oirnéal. B’fhearr i fhad eidheann a úsáid mar go bhfuil sé níos forleithne, níos gaiste ag fás agus ábalta gearradh siar a fulaingt. Tá eidhneán an-tábhachtach do fhéileacán ar leith, an Gormán Cuilinn Celastrina argiolus. San Earrach bíonn na boilb beo ar chrann cuileann ach tá an dara ál ann san Fhómhar agus tá siúd cothaithe ar bhachlóga an eidh- neáin. Níl an planda chomh nimhiúil is atá curtha ina leith ach, sin luaite, tá ribí beaga ar na duill- eoga a fhágann deirmitíteas ar roinnt daoine maraon leis an súlach. Is iontach mar sin go raibh eidhneán mar luibh in éadan galair craicne go háirithe. Bhí roinnt mhaith leigheas eile luaite leis; ina measc craobhóga bruite in im do dhuine dóite ag an ghrian agus bhí sé ráite go raibh na caor- tha mar chógais don phlá, an Galar Dubh. Agus leigheas na póite tar éis barraíocht fíona bheith ólta; an oiread céanna den fhíon a ghlacadh ach an iarraidh seo le duilleoga eidhneán ar maos ann. Bhí sé in úsáid chun éadach a dhathú — buí agus glas ó na duilleoga agus bándearg agus liath ó na caortha. Tá an planda síorghlas seo iontach coitianta in Éireann mar gheall ar an aeráid chineálta agus mar go bhfuil cuid maith de chrainn anseo ag fás mar fálta, agus fóireann seo dó. Ar an mhór- roinn tá sé teoranta mar go dtig leis an aimsir bheith ró-throm sa gheimhreadh. Tá caomhnú air i roinnt tíortha. –Conall Mac Conn Mire Eidhneán Hedera helix Hedera cum se sustinere non possit, muris et arboribus innixa surgit. (Ón lámhscríbhinn Zoilomastix (1626) le Don Pilib Ó Súilleabháin Béara) Dreapaire na Nollag Sheol Cumann Cairdeas Chloich Cheann Fhaola an leabhrán oideas Blas de Bhácáil Bhaile in Siopa Pobail an Fháil Charraigh ar na mallaibh. Cuid de Phobal le Chéile is ea an Cumann Cairdeas. Cuirfidh an tSeanbheairic ceol- choirm na Nollag i láthair ar an 21 Nollaig ag 8.00 i.n. Is deis í éalú ón bhrú agus ón strus a chuireann tomhaltachas agus ábharachas na Nollag ar dhaoine. Ceolchoirm shimplí agus nádúrtha a bheidh ann. Cothófar atmaspheár suaimh- neach, draíochta agus beidh coinnle agus soilse galánta lasta san amharclann. Déanfar ceiliúradh ar an oidhreacht shaibhir ceoil agus amhrán- aíochta atá sa cheantar. I measc na gceoltóirí agus amhránaithe a bheidh páirteach, beidh Cór an Fhál Charraigh; Cór Scór an Fhál Charraigh; Patricia Nic Ruairí agus clann; Treasa Nic Laifeartaigh; Séamus Joe Jack agus Danny Doherty; Con McFadden; agus aíonna eile. Ceolfaidh páistí óga atá ag freastal ar chúrsa amhránaíochta ar an sean-nós carúil Nollag i nGaeilge. Cuirfear fáilte roimh amhránaithe agus ceoltóirí páirt a ghlacadh agus amhrán a cheol i dteanga ar bith! Taispeánfar an clár faisnéise Ceol na nOileán —Toraigh ag tús na hoíche. Tá saorchead isteach agus beidh bia agus deoch ar fáil. Ceolchoirm na Nollag sa tSeanbheairic Colún Nóra Chit Ceo draíochta i gcoim oíche do sheol mé.... GNÉ-ALTANNA
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3