Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | An obair chloiche agus thógála a bhíonn sé féin a dhéanamh. Ag caint ar a bhunadh, na glúnta roimhe, agus an dóigh a ndearna siadsan an obair chéanna roimhe. | |
Imirce | Imirce go Meiriceá, d'imigh go leor dá theaghlach féin agus a chomharsana agus níor phill siad ariamh. An tionchar a bhí aige sin ar a shaol. | |
An Lucht Siúil | Scéal faoi fhear siúil – Páidí Mór. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ainmhithe, Beithígh agus Eallach | Bhí go leor eolais ag daoine ó thaobh leigheasanna agus aicidí ar ainmhithe. | |
Seanchas faoin Iascaireacht | Seanchas Iascaireacht Theilinn. Tháinig meath ar an iascaireacht nuair a fuarthas saoirse ón Bhreatain. Rinne Cogadh na gCarad dochar mór don iascaireacht. | |
Iascaireacht | Zulus a thugtaí ar na bádaí a d'oibrigh siad orthu, bhí a athair féin orthu. D'oibrigh Gene é féin ar na bádaí seo nuair a d'fhág sé an scoil, ón aois 16 bhliain go dtí 20 bliain. Ag caint ar an iascaireacht a rinne siad, bhí na cearta iascaireacht uilig ag na tiarnaí talún. Bhí £5,000 de dhíth agus tugtar cur síos ar an dóigh a bhfuair na daoine sin ar ais, bhunaigh an sagart cumann agus chuidigh Gael Linn. D'oibrigh seo go maith, bhí cead acu iascaireacht san fharraige ach ní raibh ar an abhainn, athraíodh seo fosta. Bhí luach maith ar an bhradán ag an am sin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Filí | Filíocht. Dán á rá aige faoi Biddy Shéamuis a fuair bás sa bhliain 1923. Iompraíodh i gcliabh í nuair a fuair sí bás. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Mhaighdean Mhara | A chuid eolais ar an mhaighdean mhara. Scéal faoi fhear a deirtear a chonaic í lá amháin agus a thug leis 'na bhaile í. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Colm Cille | Seanchas Cholm Cille, bunús a ainm, Criotán (sionnach óg) a baisteadh air, an chúis ar athraíodh é. Scéalta faoi theacht Cholm Cille agus tairngreacht a rinne Fionn Mac Cumhaill go mbeadh Colm Cille ag teacht. Cur síos ar Chónal gabháilban, Niall Naoighiallach. Naomh Pádraig ag baisteadh Cónal gabháilban. Scéal faoi aingeal a tháinig ag máthair Cholm Cille i mbrionglóid sular rugadh é. Bhí achrann idir Colm Cille agus Fionán faoi chóip de leabhair a bhí ag Colm Cille. Bunús ainm Sráth na Circe, cath a troideadh ansin. Cur síos ar an dóigh ar dhíbir Colm Cille diabhail ón Ghleann Dorcha i nGleann Cholm Cille. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer