Goitse, Feabhra 2014

16 SPÓRT Goitse 21 Feabhra 2014 Próifíl imreora: Odhrán Mac Niallais Aois: 21 Stadas Caidrimh: Glactha Y Singil & Sásta X Ag cuartú X Leasainm? Níl ceann agam. An béile is fearr leat: Pasta Carbonara mo mháthair Cén deoch is fearr leat? Irn Bru Caitheamh aimsire taobh amuigh den pheil: Sacar agus Gailf Cén foireann sacar a leanann tú? Liverpool Dá mbeifeá ábalta ceathrar a phiocadh le tabhairt leat go dtí na Bahamas, cé a bheadh leat? Keith Lemon, Danny Dyer, Will Ferrell agus Peter Kay. Bheadh craic leis na lads sin! Cén laoch a bhfuil meas agat orthu? Zinedine Zidane Cén seanfhocal is fearr leat? Níl aon tintean mar do tintean féin An scannán is fearr a chonaic tú? The Town An leabhar is fearr a léigh tú? Leabhar Pháidí Ó Sé An t-aisteoir is fearr leat? Will Ferrell nó Ben Affleck Rún don bhliain seo? Bliain mhaith a bheith agam leis an pheil agus coinneáil orm ag bualadh Tommy Diver sa ghalf Cé mhéad lá traenála sa tseachtain? 3 agus cúpla lá sa gym An 3 imreoir CLG is fearr leat: Ciaran MacDonald, Colm Cooper agus Owen Mulligan An t-imreoir is fearr a d’imir tú ina choinne? Karl Lacey Cé is mó a raibh tionchar acu ort mar imreoir? M’athair agus Tom Beag Mac Giolla Easpaig Cén chomhairle atá agat d’imreoirí óga? Bí ag cleachtadh chomh minic agus a thig leat, agus glac comhairle ó do chuid bainisteoirí Cén t-imreoir is fearr ar phainéal an Chontae? Michael Muprhy Cén t-imreoir is gaiste ar phainéal an Chontae? Neil McGee Cén t-imreoir is fálsa ar phainéal an Chontae? Níl duine ar bith fálsa Cén t-imreoir is mó a bhíonn ag gearán ar phainéal an Chontae? Neil McGee gan dabht! Buaicphointe imeartha go dtí seo? Ag imirt do Dhún na nGall Cuma na maitheasa ar pheileadóirí Dhún na nGall Níl sé ach luath go fóill sa sraith náisiúnta roinn a dó ach tá cuma an maithis ar fhoireann Dhún na nGall. Tá lán pointí acu as an dá chluiche atá imrithe acu, cluichí a bhí ar shiúil as baile. Ní amháin gur bhain siad na cluichí sin ach bhain siad go maith iad. Tá painéal láidir acu anois agus doimhneacht ann. Tá imreoir Ghaoth Dobhair, Odhrán Mac Niallais, i mbéal an phobail. Tá a áit aige sa líne leath tosaigh agus scóranna á bhfail aige. Cúl agus cúilín a fuair sé in éadan Chontae Laoise. Is cosúil go bhfuil Neil Mac Aodh ar bharr aclaíochta arís tar éis cúpla mion-ghortaithe agus é ag imirt go maith sa líne lán cúil. Chomh maith le sin, tá gach duine sa chontae sásta Karl De Lacy a fheiceáil ar an fhoireann arís. Tugadh áit dó ar fhoireann na seachtaine tar éis an taispeán- tais a thug sé in éadan na Gaill- imhe. Beidh a fhios againn cé chomh maith is atá na Conallaigh tar éis an tríú cluiche sraithe in éadan Muineacháin. Tá a fhios ag an domhain mhór cad a tharla i gCluain Eois mí Iúil seo chuaigh thart. Beidh slua mhór ag tarraingt ar Leitir Ceanainn. An bhfuil do thicéad curtha in áirithe agat? Dála an scéil, bhí bua maith ag na hiománaithe sa chéad chluiche sraithe in éadan Fear Manach. Maith iad! Roinn 2 - Peil Laois 1.9 v Dún an nGall 2.19 Gaillimh 0.12 v Dún na nGall 1.16 Roinn 3a - Iomáint Dún na nGall 2.19 v Fear Manach 1.13 Sergei na hiomána Mar a dúirt Micheál Ó Muir- cheartaigh fadó: Sergei Alcorn. As an Rúis a mháthair, as Dún na nGall a athair, níl ceachtair acu láidir san iomáint! Bhí Sergei Alcorn ag Blitz iománaíochta faoi dhíon a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair le gairid. Tá sé ag iomáint le Gaeil Leitir Ceanainn le tamaill anuas agus ag éirí go maith leis. Tá an radharc seo ag éirí níos coitinne ar fud na tire anois. Tá cuid mhór de na ‘Gaeil Úra’ ag imirt cluichí C.L.G. agus ní fada uainn anois go mbeidh duine de phór na Polainne nó na hAfraice ag tógáil Sam nó Liam! Ar ndóigh, tá Corn Mhic Carthaigh tógtha cheanna féin ag Seán Óg Ó hAilpín, fear de bhunadh Fidsí agus ní amháin sin ach thug sé a óráid i nGaeilge! An rud is annamh is iontaí. Sergei Alcorn Réalt Óg an Chontae Tá foireann Ghaoth Dobhair ag glacadh páirt i gcomórtas iom- ánaíocht faoi dhíon an Iar- Thuaiscirt faoi láthair. Foirne as Dún na nGall, Doire agus Tír Eoghain atá páirteach ann. Tá cluiche ceannais acu an Domhnach beag seo, 23 Feabhra. Tá sé chluiche imrithe acu go dtí seo agus níor chaill siad aon cheann go fóill. Beidh siad ag imirt in éadan Na Magha (Doire), Cúl Rathain (Doire) agus An Sraith Bán (Tír Eoghain) i nDoire Dé Domhnaigh. Cluiche iontach é seo atá gasta agus go leor scileanna i gceist. Tá pointe le fáil má dhéan- ann imreoir ‘greim glan’ ar an sliotar agus tá 2 phointe le fáil má bhuaileann siad an cúlchlár mar a bhíonn i gcluiche cispheile. Is é seo an dara bliain as a chéile a bhain foireann Ghaoth Dobhair an cluiche ceannais amach. Beidh brú orthu anois an comórtas seo a bhaint don dara bliain. Beidh tuairisc ó na chlui- chí seo sa chéad eagrán eile. Cluiche ceannais bainte amach ag iománaithe Ghaoth Dobhair

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3