Goitse, Feabhra 2014

DORNA SAN AER DO NA GAEIL! Cuid den tslua a bhí ag éileamh cearta teangan ag an mórshiúil a heagraíodh i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. Uimhir 12 21 Feabhra 2014 Teagmháil: 086 8476862 Saor in Aisce sna trí Pharóistí: NA ROSA • GAOTH DOBHAIR • CLOCH CHEANNFHAOLA goitse.org Focla Mhicí D 13 Ghlaoigh an t-iomaitheoir neamhspleách sa toghchán áit- iúil, Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig, ar Aire Stáit na Gaeltachta éirí as an Aireacht de thairbhe gur theip air an Ghaelt- acht agus an Ghaeilge a chosaint. Dúirt an gníomhaí pobail go raibh sé i láthair ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine seo a chuaigh thart agus go bhfacthas dó go raibh míshástacht iontach forleathan fríd an scaiTe mór daoine a bhí páirteach sa mhórshiúl. Sa phreasráiteas a d’eisigh sé an tseachtain seo, dúirt Mac Giolla Easbuig go raibh freag- racht ar an Ghaeltacht ag Dinny McGinley taobh istigh den rialtas ach nach raibh rud ar bith déanta aige le dul i ngleic leis na fadhbanna atá againn. Ag caint ar an Choimisinéir Teangan, Seán Ó Cuirreáin, éirí as a phost mar agóid in éadan an easpa tacaíochta ó eagraíochta stáit, dúirt Mac Giolla Easbuig nach raibh Dinny, ná ball ar bith eile de pháirtithe an rialtais i láthair ag cruinniú Coiste Oireachtais nuair a bhí an Coimisinéir ag míniú cad chuige a raibh sé ag éirí as a phost sula raibh a théarma críochnaithe. Ag labhairt le Goitse Dé Máirt, dúirt Piaras Ó Dochartaigh TD ‘Éirigh as, a Dinny!’ — Mac Giolla Easbuig agus Ó Dochartaigh Ar lean ar lch 2 Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley Cabaret Craiceáilte D 9 Próifíl: Odhrán Mac Niallais D 16 Fógraí Pobail D 14 FÓGRAÍ POBAIL Saor in aisce sna trí paróistí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3