Duilleog, Cáisc 2012
        
 An Cháisc 2012 Uimh. 21 Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Scoil Mhuire, Doire Beaga Pobalscoil Ghaoth Dobhair Cuireadh tús le RITH 2012 go luath ar maidin an 8 Márta ag crois-bhealach an Bhun Bhig anseo i nGaoth Dobhair.  Ba é an T.D. agus Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich a rinne an seoladh.  Dhá bhliain ó shin a tháinig RITH go hÉirinn den chéad uair mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2010. Tá sé mar aidhm ag RITH teanga agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh agus á chuir chun cinn go feiceálach sa phobal uilig. Bhí slua mór i láthair an mhaidin sin i nGaoth Dobhair le tacaíocht a thabhairt agus a bheith ag RITH.  Tháinig na scoltacha uilig amach fiú tháinig siad ó Rann Na Feirste ón Chéideadh sna Rosann agus ó Mhín Tine Dé in Ard a’ Rátha. Deir an lucht eagraithe gur ghlac thar 2000 duine páirt ann san Chontae seo.  Ba go dtí an Srath Bán a bhí a dtriall an chéad lá agus bhí cóisir agus ceiliúradh acú ansin an oíche sin. Cuireadh bia ar fáil san Chrannóg an mhai- din sin don lucht tacaíochta.  Chríochnaigh RITH 2012 a mhair 10 lá in Inis Mór, Árainn na Gaillimhe ar Lá Fhéil Pádraig. Tá moladh mór ag dul don lucht eagraithe agus d’achan duine a bhí páirteach ar dhóigh ar bith .
        
         Made with FlippingBook 
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3