Goitse, Meán Fómhar 2010

Ar fáil saor in aisce sna trí paróistí: Na Rosa • Gaoth Dobhair • Cloch Cheann Fhaola 16: Spórt Meán Fómhair 2010 Uimhir 4 comórtas henrietta game Cóipeanna den EP úr leis an sárghrúpa an Henrietta Game le baint istigh! Foras sa Chrannóg Tá cúig phost úr cruthaithe sa Chrannóg i nGaoth Dobhair ag Foras na Gaeilge. oisigh an cúigear ag tús na míosa seo agus, de réir Fhoras na Gaeilge, beidh níos mó ag teacht. Dúirt urlabhraí leis an Fhoras go mbeidh siad ag tosú leis an chúig phost lánaimseartha ach go raibh súil acu cur leis an mhéid sin roimh dheireadh na bliana. Is poist iad a bhaineann leis an Earnáil Phoiblí agus leis na hEalaíona. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh le Goitse go raibh súil acu go mbeadh poist eile eagarthóireachta ag teacht chomh maith. Dúirt sé fosta gur poist bhuana a bheadh iontu agus, cé gur fógraíodh an dílárnú tamall maith ó shin, go raibh sé ag tarlú anois nuair atá achan rud in áit. “De réir a chéile a thógtar na caisleáin” a dúirt sé linn. Ar ndóigh, tá lúcháir ar Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair gur éirigh leo na poist a mhealladh chuig an Chrannóg nuair a bhí barúil ag cuid mhaith daoine nach dtiocfadh na poist ar chor ar bith ó tharla an cúlú eacnamaíochta dhá bhliain ó shin. Dúirt Cathal Ó Gallchóir, bainisteoir na Crannóige, go raibh achan duine sa Chomharchumann iontach sásta go raibh siad ábalta na poist a mhealladh, ní amháin chuig paróiste Ghaoth Dobhair, ach chuig an Chrannóg. “Bhí ciorruithe anseo cheana féin agus tá daoine ag obair don Chomharchumann trí lá sa tseachtain in áit cúig lá de thairbhe ganntanas airgid ach seo deis anois againn an Comharchumann a choinneáil ag gabháil”, a dúirt sé Dé Máirt. Níl amhras ar bith ann ach go dtugann na poist úra aitheantas don obair atá déanta ag an Chomhar- chumann le blianta beaga anuas agus go dtabharfaidh siad méid áirithe faoisimh don eagraíocht nuair a thar- laíonn an chéad bhabhta eile ciorruithe sa chéad cháin- aisnéis eile. Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Bhí rang na naíonán beaga Scoil Phádraig, Dobhar, i measc na bpáistí úra a chuir tús lena gcuid scolaíochta i scoileanna an cheantair an mhí seo. Tuilleadh grianghraif ar leathanach 4 Postannaí úra cruthaithe ag Foras na Gaeilge i nGaoth Dobhair . . . agus súil le tuilleadh amach anseo 7: Fóram poiblí Ghuth na Gaeltachta 11: Blag na mbuataisí 6: Brídín bogtha go sráidbhaile Ros na Rún 15: An Crann Óg ar stáitse FÓGRAÍ POBAIL LCH 13 12: Campa Samhraidh na Crannóige SAOR IN AISCE sna trí paróistí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3