Goitse, Aibreán 2010

Tá sé chóir a bheith bliain ó bhain Pat the Cope Ó Gallchóir a shuíochán i bPairlimint na hEorpa agus tá an dáilcheantar seo fágtha le beirt TD in áit triúir ó shin. Tá Sinn Féin ag cur rúin os comhair na Dála roimh dheireadh Aibreáin a chuirfidh brú ar an rialtas fo-thoghchán a reáchtáil sa toghcheantar. Chuir an Páirtí rún cosúil leis seo roimh an Dáil seachtain nó mar sin i ndiaidh thoghchán na hEorpa agus theip air an t-am sin agus tá gach seans ann go teipfidh air arís an iarraidh seo mar tá an tromlach go fóill ag páirtithe an rialtais. Ach tá na páirtithe réidh do fho-thoghchán má tharlaíonn sé. Dúirt Dinny Mac Fhionnghaile go raibh a n-iomaitheoir rogh- naithe acu agus go raibh siad réidh le toiseacht ar an fheachtas chomh luath agus a fhógraítear an fo- thoghchán. Chan amháin sin, ach tá Óige Fine Gael le seal a chaith- eamh i ndeisceart na contae ag stocaireacht ar son Barry O’Neill ag deireadh na seachtaine seo (23 Aibreán). Beidh siad lonnaithe thart ar Bhaile Dhún na nGall, Béal Átha Seannaidh agus Bun Dobhráin. Tá iomaitheoir roghnaithe ag Páirtí an Lucht Oibre agus tá Frank McBrearty réidh chun troda fosta. Dúirt an t-iomaitheoir neamh- spleách, an Comhairleoir Thomas Pringle, go raibh sé scanallach nach raibh ach an bheirt TD ag an dáilcheantar nuair a bhí triúr de dhith le gníomhú mar is ceart ar son mhuintir an dáilchreantair. Chuir sé fáilte roimh an rún, ag rá go raibh brú ón taobh amuigh de dhíobháil ar an rialtas mar nach raibh siad ag iarraidh fo- thoghchán a fhógairt. Dúirt an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh le Goitse an tseacht- ain seo go raibh sé náireach go raibh trí fho-thogháin don tSeanad sa tréimhse ó bhain Pat the Cope a shuíochán agus nach raibh deis ag lucht vótála Dhún na nGall Thiar Theas an líon iomlán Teachtaí Dála a bheith acu. Níl iomaitheoir roghnaithe ag Fianna Fáil don fho-thoghchán agus, de thairbhe go raibh an Seanadóir Brian Ó Domhnaill as an tír, ní raibh Goitse ábalta ráiteas a fháil uaidh ar an cheist seo. Tá rún le cur os comhair na Dála le brú a chur ar an rialtas fo-thoghchán a reáchtáil i dtoghcheantar IarDheisceart Dhún na nGall. Tá ár dtríú Teachta Dála séanta ar phobal an cheantair in ainneoin brú ón fhreasúra. 23 Aibreán 2010 Uimhir 1 € 1 Cá bhfuıl ár dTeachtaDála? Baicle eagraithe ag fuadach madaidh sa cheantar Tá na Gardaí sa cheantar ag rabhadh do dhaoine a bhfuil madaidh luachmhara acu súil ghéar a choinneáil orthu, mar creideann siad go bhfuil baicle daoine eagraithe leis an chuid is luachmhaire a ghoid. Rinneadh iarrachtaí madaidh den chineál seo cheana féin i Loch an Iúir, ar an Chlochán Liath agus i nGaoth Dobhair. Ní seo an chéad uair a tharla a leithéid sa chontae seo ach meastar go bhfuil i bhfad níos mó madaidh den chineál seo mar pheataí sa cheantar ná mar a bhíodh blianta ó shin agus níl le déanamh ach amharc sa Dealer nó irisí eile cosúil leis le tuigbheáil caidé an brabach atá ar mhadaidh ghoidte. Moltar d’úinéirí na madaidh sin micrishlisín — nó microchip — a fháil curtha isteach ag bun mhuineál an pheata sa dóigh is go mbeidh teacht arís air má ghoidtear é. Coınnıgí súıl ar bhur madaıdh Thall ıs abhus leıs an Chabaret Craıceáılte » 5 Pobalscoıl GhaothDobhaır faoın Spotsholas » 8 Aimsir mhaith don churadóireacht ar an Charraig Fhinn. Comórtas Icí Pıcí Dlúthdhioscaí agus leabhair le baint » 3 Focla Mhıcí » 10

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3