Goitse, Aibreán 2010

12 Goιtse Aibreán 2010 Bua ıontach! Tá dúshlán mhór roimh ógánaigh Dhún na nGall i ndiaidh a mbua ar pheileadóirí Thiobrad Árainn Bhí imreoirí na Gaeltachta ag tosach an tslóigh nuair a bhain foireann Faoi 21 Dhún na nGall a n-áit amach i gcluiche ceannais an chomórtais in éadan Bhaile Átha Cliath Lá Bealtaine. Cé gurbh é Michael Murphy as Gleann Súilí réalt an chluiche, ag scóráil 0-6, tháinig James Carroll as Gaoth Dobhair isteach sa chluiche sa dara leath mar ionadaí do McLaughlin agus scóráil sé dhá phointe, an bheirt acu ón imirt. Bhí sé mall mar chluiche, go háirithe ag an tús. Ní raibh scór ar bith ann go dtí an 10ú bomaite nuair a scóráil Murphy pointe ó chic saor agus bhí sé réasúnta teann idir an dá thaobh go dtí leath-am. i ndiaidh an tsosa, cuireadh Carroll isteach in áit McLaughlin agus bhí sé soiléir go raibh meon difriúil ag na Conall- aigh, go háirithe nuair a cuireadh caiptín Thiobraid Árann, Ciarán McDonald, den pháirc le dhá chárta buí. Beidh dúshlán mór roimh an fhoireann agus an bainisteoir Jim McGuinness don chluiche ceann- ais ag Páirc Bhreifne i mBaile an Chábháin ar 1 Bealtaine nuair a imreoidh siad in éadan Bhaile Átha Cliath ach beidh súil na foirne ar an chéad chluiche ceann- ais Faoi 21 ó 1987 nuair a bhain siad an comórtas. Glactar leis go raibh an fhoireann sin mar bhunchloch don fhoireann a bhain Craobh Shinsearach na hÉireann i 1992. Beidh bainisteoir na foirne sinsearaí, John Joe Doherty, ag súil go bhfuil sin fíor leis an scuád seo agus go mbeidh go leor acu ag imirt sa taobh sinsireach amach anseo. NUACHTÁIN • CEAPAIRÍ • BIA TE FOSCAILTE ACHAN LÁ Teil: 074-9531012 Réidh don dúshlán: Foireann faoi 21 Dhún na nGall roimh dhul chun páirce dóibh Dé Sathairn seo caite mar a bhuail siad ar Thiobrad Árann Dún na nGall 0-12 Tiobraid Árann 0-4 Tabhairne Hudí Beag MAchaire Chlochair, An Bun Beag

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3