Goitse, Aibreán 2010

11 Goιtse Aibreán 2010 Nach iontach mar a tharlaíonn seo: ní túisce a chluintear tagairt do rud úr coimhthíoch, ach an chéad rud eile cluintear iomrá ar an rud céanna in áit eile ar fad. Mar sin domsa agus an Butternut Squash. Le gairid, ar éigin go raibh a fhios agam caidé a bhí ann nuair a d’inis mo chara Annie Shéamais dom fán anraith blasta a rinne sí as. Taobh istigh de sheachtain, landáil mo iníon sa bhaile agus moll de na glasraí móra crua seo léi (mar péara mór ar dhath béis) agus í chomh spreagtha céanna fán sú simplí seo. Is cosúil go bhfuil sé de mhisean ag achan duine a bhlaiseann é an deá-scéal a chur thart. Creidim go bhfuil an t-eolas craobhscaoilte go maith ar an dóigh seo. Samhlaím in achan teach sna Rosa agus Gaoth Dobhair go bhfuil daoine ag fanacht go ciocrach at an sú scuais cnó-ime bheith réidh. Is focal Indiach- Mheiriceánach é scuais ó ascútascuais, a chiallaíonn ite gan bheith bruite, agus níl baint ar bith aige le brúitín ná rud ar bith eile mar é ach tá gaol aige le mearóg (marrow) agus puimcín. Tá a fhios agam go bhfuil an t-oideas ag dul ó bhéal go béal chomh gasta le tine ach ar eagla na heagla nár shroich sé tusa go fóill seo chugat é. Cuir oinniún nó dhó, gearrtha go mion, i bpota le rud beag ime, nó ola, go n- éireoidh sé bog. Gearr an scuais, ceann mór amháin nó beirt bheaga, i ngiotaí fada le scian láidir. Bain de an craiceann crua, tóg ar shiúl na síolta agus gearr an fheoil ina ciúbanna (feoil an scuais – níl aon fheoil eile sa sú seo ach ní shílfeá sin). Caith isteach ar an oinniún é le cúpla cairéad gearrtha, trí nó ceithre phionta d’uisce, cúpla spúnóg de Bouillon Marigold (ar fáil ó shiopa Mhatt ar an Bhun Bheag) nó ciúb stoic nó stoc anraithe féin. Lig dó bruith go mall go dtí go bhfuil na glasraí bog. Brú é (scuaiseáil é?) mó measc le meaisín é. Tá dath álainn ór-oráiste ar an sú seo. Cuir braon uachtair agus peirsil mion- ghearrtha sa bhabhla agus beidh dathanna bhrat na hÉireann agat! Aithneoidh tú nach saineolaí cócaireachta mé. Níl mé ach ag cur síos ar rudaí a bhíonn ag ramhaillí fríd m’intinn. Go dtí go gcastar ar a chéile arís muid, bon appetit . Nóra Chit McCLAFFERTY Gort an Choirce Teil: 9135194 Busanna Feda SEIRBHÍS LAETHÚIL Tír Chonaill – Sligeach – Maigh Eo – Gaillimh Seirbhís Rialta Go Glaschú Fón: 074 9548114 Gaillimh: 091 761656 Glaschú: 0141 637 5673 Ríomhphost: busfeda@eircom.net Suíomh idirlín: www.fedaodonnell.com Fearadh na fáilte roimh an chéad eagrán de “Goitse” agus gur fada buan a réim. —Feda, Bríd agus an teaghlach An Naoscach le Nóra Chit

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3