Goitse, Aibreán 2010

10 Goιtse Aibreán 2010 Ar an aimsir seo, bíonn na saineolaithe ag inse dúinn gur chóir dúinn uilig bheith ag ithe bia a fhástar cóngarach don bhaile, mar mhaithe leis an timpeallacht agus lenár sláinte. Nach maith an rud é, mar sin go bhfuil na Tithe Gloine i gCill Ulta againn sa cheantar seo? Tá sé 6 bhliain anois ó bunaíodh Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo (LAN Teo) ar shuíomh na dtithe gloine i gCill Ulta agus tá an fiontar beo leis. Fá láthair, tá 12 duine fostaithe faoi scéim Chlár Seirbhísí Pobail, ag fás agus ag díol luibheanna agus glasraí le bialanna agus ábhar gáirdíneachta le daoine as an cheantar. Tá cuataiméirí acu ó Ailt a’ Chorráin go Port na Bláithche agus, de réir Seán Ó Duibhir, bainisteoir na comhlachta, tá siad ag cur glasraí agus luibheanna don chéad uair chuig an bhialann sa Pháirc Náisiúnta ag Gleann Bheatha. Ar ndóigh, bhíodh i bhfad níos mó fostaithe san Ionad roimhe seo. Meastar, mar shampla go raibh suas le 50 duine fostaithe ar an tsuíomh sna seachtóidí nuair a bhí 8 acra faoi ghloine. Bhí sin amhlaidh sular éirigh praghas an ola sa bhliain 1976 chomh hard gurbh éigin an áit a dhruid. Nuair a tosaíodh arís air, ní raibh feidhm leis an ola ar chor ar bith agus tá tolláin phlaisteacha in úsáid in aice leis an teach gloine amháin atá fágtha. I measc buaicphointí na bliana ag lucht gairdínéireachta sa cheantar seo, tá an díolachán plandaí ag Cill Ulta agus tá sin ag tarlú Dé hAoine 23 Aibreán agus Dé Sathairn 24 Aibreán. Beidh agat le bheith ann go luath leis an margadh is fearr a dhéanamh! Fógraί Pobaıl goitsenuachtan@gmail.com Díolachán Chıll Ulta Aonach Samhraidh Beidh Aonach an tSamhraidh ar siúl ag an Chomharchumann sa Chrannóg i Srath na Corcra ar an Satharn 5 Meitheamh. Beidh seastáin díolacháin d’earraí ceirde agus ealaíona, ábhar cócaireachta agus glasraí, ceol , dathú aghaidh srl ar an lá. Má tá suim agat spás seastán a chuir san áireamh don lá cuir scairt ar Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ag (074) 9532208. ........................................ Seomra Staire agus Seanchais Beidh an Seomra Staire ins an Chrannóg oscailte gach lá ó Luan go hAoine ón 9-5 (agus ag amanna eile ach coinne a dhéanamh roimhré). Tá cuid mhór ábhar stairiúil, seanphictiúir, sean-irisí agus nuachtáin, chomh maith le cnuasach mhór de leabhair Ghaeilge agus leabhair thagartha a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair agus le Co Dhún na nGall. Tá an t-ábhar iontach úsáideach do mhic léinn agus lucht taighde agus suimiúl d’achan duine. Níl cead an t-ábhar a thógáil amach as an tseomra, ach tá fáilte cóipeanna a dhéanamh. Is áis luachmhar é seo don phobal – bain úsáid as! Tuilleadh eolais ar fáil ó Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ag (074) 9532208. ........................................ Spásanna le ligean ar Cíos Tá roinnt spásanna d’achair éagsúla le ligean ar cíos in ionad an Chomharchumainn (An Chrannóg) i Srath na Corcra. Beidh tús áite a thabhairt do ghnónna nó tograí a fheidhmíonn i nGaeilge nó atá teanga bhunaithe. Is féidir fiosrúcháin a dhéanamh trí scairt a chuir ar Chathal ag (074) 9532208. Ranganna sa Chrannóg Dé Luain: Rang Giotár 5.30 – 6.30 & 6.30 – 7.30 Rang Fidil 6.30 – 7.30 Dé Máirt: Bunrang Gaeilge 7i.n. – 8i.n. Dé Céadaoin: Rang Mandolin 5.30 – 6.30 Rang Bosca Ceoil 5.30 – 6.30 Rang Concertina 6.30 – 7.30 Déardaoin: Rang Feadóg 5.30 – 6.30 ........................................ Tuismitheoirí agus tachráin Grúpa Tuismitheoirí agus Tachráin sa Chrannóg maidin Déardaoin 10.00r.n. – 11.30r.n. Tuilleadh eolais: 074 95 32208 ........................................ Díolachán earraí Beidh Car Boot Sale faoi dhíon ar siúl in Ionad Naomh Pádraig ar an Domhnach 2 Bealtaine ag toiseacht ar 3pm. Le tábla a chuir in airithe, (€10) cuir glaoch ar Mháire san Ionad ar 074 95 32949/ 086 8259752 ........................................ Díolachán plandaí Chill Ulta Reáchtálfar díolachán plandaí sna tithe gloine i gCill Ulta, Dé hAoine agus Dé Sathairn, 23/24 Aibreán 11rn-2in. Glasraí éagsúla – mar shampla Trátaí, Leitís, Scailiúin, Rúbarb, Soilire, Cainneann, Peirsil, Cál srl (réidh le cur sa talamh nó i bpotaí). Luibheanna, bláth- anna, pór prátaí. Ábhair orgánach cosúil le múirín, leas agus gránlach seilidí ar díol fosta. ........................................ Más mian leat poiblíocht a fháil d’imeacht pobail cuir scéal chuig Goitse ag goitsenuacht@gmail.com . An tUisceadóir Eanáir 21 - Feabhra 18 Ná bí ag dréim le mór-athrú saoil. Ar ndóigh ní speig neanta go litriúil thú. Agus mar nach ritheann asal mar each ar cosa in airde, tóg go bog é; ná faigh go brách an bua. An tIasc Feabhra 19 - Márta 20 Tá tusa ar an slí mícheart arís. Beidh mór-chinneadh ar chomh- airle le déanamh agat ach b’fhearr duit ligean do dhuine eile an rogha a ghlacadh. Úsáid an am seo le athbhreithniú ar na míthuiscintí atá agat fút agus réiteach leo. Thig seo a dhéanamh tú féin. An Reithe Márta 21 - Aibreán 20 Fán thusa sa leaba an mhí seo, Fear an Reithe, óir níl mórán báúlachta ag na réalta duit. An Tarbh Aibreán 21 - Bealtaine 21 Is ionann tusa agus mála de garnish fliuch na laetha seo. Déan iarracht tú féin a thriomú agus, ar mhaithe le cuibhiúlacht, cur cruth daonna ort féin. An tuisce a sheasann, bréanann sé. In aineoinn seo ní bheidh an réimse gan giollamas ó cheathrú cuí, cneasta. An Cúpla Bealtaine 22 - Meitheamh 21 Ní dhéanann duine rud maith rómhinic ach is anois atá an deis agatsa. Bhfuil uchtach agat, áfach. De réir na réaltaí tá dabht faoi seo. Coigil do bhrí, bí ullamh agus os cionn uile seachain an Leon. An Portán Meitheamh 22 - Iúil 22 Níorbh fhéidir fios a bhaint as do réaltaí an tréimse seo de bharr smúit luaithe ón bhólcan i dtír an tseaca. An Leon Iúil 23 - Lúnasa 23 Ní go maith a bheas cúrsaí leatsa más duine cuideachtúil atá ionat. Ort féin atá an locht. Le gairid tá tú mar chreabhar ar do chairéid agus cách cráite ag do bhreast- aíocht. Bí ag súil le roinnt ama a chaitheamh leat féin. An Mhaighdean Lúnasa 24 - Meán Fómhair 22 Tá am aerach aigeantach amach romhat. Beidh tú ar nós Lucy sa spéir le diamaint. Oireann seo duit. Bain sult as do spraoi. Níos airde a théann tú is measa an tuirlingt. Tá foláireamh faighte agat. An Mheá Meán Fómhair 23 - Deir. Fómhair 23 Am neamhchinnte duitse. Beidh ort plé le roinnt cruacheisteanna amach anseo. Glac le comhairle, ach ón treo dearfach. Ná creid feannóg agus ná creid fiach. An Scairp Deireadh Fómhair 24 - Samhain 22 Tá an uile rud ag casadh timpeall; bíodh thusa ar bord fiú má tá ort áit dhuine eile a ghlacadh. Caith amach iad, ní bheadh na boic úd urrúnta don chraic mheadhránach cibé. An Saighdeoir Samhain 23 - Nollaig 21 Tá Iúpatar ag glacadh do spás sa firm- imint. De gnáth seo deachomhartha ach de bharr cúrsaí casta astralaíoch (nach féidir plé sa scóip úd, is nach dtuigfeá ar aon nós) is olc an mhaise dhuit. An Gabhar Nollaig 22 - Eanáir 20 Iontas agus iontlas i ndán duitse. Ach, monuar, ní bhainfaidh tusa tait- neamh as an gliondar mar go bhfuil an Gabhar corr agus is é a phléisiúr an dícheallacht. Dar leis go dtiocfaidh an duine macánta ar a chuid féin. Níl neart ar an dearcadh seo. Sna Réalta

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3