Goitse, Samhain 2010

Ar fáil saor in aisce sna trí paróistí: Na Rosa • Gaoth Dobhair • Cloich Cheann Fhaola Uimhir 5 Samhain 2010 Tá lá mór cinniúna romhainn Déardaoin na seachtaine seo nuair a roghnaíonn muid Teachta Dála sa toghcheantar seo. Is fada an lá muid ag fanacht ar an deis. Tá sé i bhfad ró-ada ó bhí an líon ceart teachtaí sa Dáil againn agus Déardaoin beidh cead againn an neamart sin a cheartú. De réir na dtuairiscí tá an rása idir Piaras Ó Dochartaigh as Sinn Féin agus Brian Ó Dochartaigh as Fianna Fáil, an bheirt acu as an cheantar seo. Ach ní féidir duine ar bith a chur as an áireamh sa toghchán seo. Tá stocaireacht láidir á dhéanamh ag na hiomaitheoirí ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Fine Gael chomh maith agus rinne na hiomaitheoirí neamhspleácha éachta bolscair- eachta ar an teilifís agus ar an raidió. Bhí siad réchúiseach nuair a bhí na hiomaitheoirí eile ag béicfigh ar a chéile. Ar ndóigh, tá súile na tíre ar an toghchán agus tá cuid mhór ag brath ar an toradh. Má éiríonn le Brian Ó Domhnaill baint, tá sé geallta aige go gcaithfidh sé a vóta leis an rialtas ar lá na cáin- aisnéise agus deir na hiomaitheoirí uilig eile nach dtabharfaidh siad tacaíocht don rialtas ar chor ar bith agus go ndéanfaidh siad a ndícheall olltoghchán a bhrú orthu. Le tromlach iontach beag ag an rialtas agus cuid de bhaill Fianna Fáil míshásta leis an treo ina bhfuil an páirtí ag dul, ní raibh an rialtas ag iarraidh an toghcháin seo ar chor ar bith agus sin an fáth go mbíonn an oiread polaiteoirí sinsearacha as gach páirtí le feiceáil ag croitheadh lámha le stráinséirí ar shráideanna an toghcheantair seo ó fógraíodh dáta an toghcháin. Anois go háirithe, nuair atá an chuma air go bhfuil smacht caillte againn mar náisiún ar chúrsaí airgeadais, tá cuid mhór daoine ag rá go bhfuil olltoghchán de dhith ar an tír. Dúradh go minic roimhe seo go bhfuil dualgas orainn mar shaoránaigh vótáil sna toghcháin ach anois, nuair atá géarchéim cheart sa tír, tá an dualgas sin iontach soiléir. Má aontaíonn tú leis an treo ina bhfuil an rialtas ag dul, caithfidh tú do vóta le hiomaitheoir an rialtais agus má chreideann tú go bhfuil botúin bhunúsacha déanta ag an rialtas agus nach dtuigeann siad an cruachás ina bhfuil muid mar phiobal, caithfidh tú do vóta le duine de na hiomaitheoirí atá ag iarraidh deireadh a chur leis an rialtas. Tá sé chomh simplí sin. Doirn san Aer! Na spéirmhná Ríanna Ní Dhireáin, Niamh Ní Chearúil agus Róise Nic Corraidh sa stiúideo le Rónán Mac Aodha Bhuí. Tá na girseachaí ghalánta ag déanamh mainicíneacht ar an t-léine úr atá eisithe ag clár Rónán Beo. Tá deis ag ár léitheoirí a léinte féin a bhaint le Goitse. Féach lch 14 SAOR IN AISCE sna trí paróistí CÓIPEANNA DEN DLÚTHDHIOSCA ÚR GUAILLIBH A’ CHÉILE LE DOIMNIC MAC GIOLLA BHRÍDE & GRIOGAIR LABHRUIDH LE BAINT! Is leatsa an rogha 4: T with the Maggies 4: T-léinte Rónán Beo le baint istigh 11: Blag na mBuataisí 12: Focla Mhicí FÓGRAÍ POBAIL LCH 13 Suirbhé Fhothoghchán Dhún na nGall Thiar Theas ar leathanaigh 6-7 9: Tá Bréag ag teacht 5: Buaiteoirí áitiúla an Oireachtais

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3