Goitse, Samhain 2010

Le cúig bhliain déag anuas tá dáltaí agus tuismitheoirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair i mbun feachtais le háislann spóirt a thógáil. Tá €100,000 bailithe go háitiúil don chiste tógála agus ní fada anois go mbeidh toradh ar a gcuid iarrachtaí a bheas mar acmhainn ag pobail na háite. Beidh lucht spóirt sa cheantar seo iontach sásta nuair a eiceann siad an obair tógála atá ag dul ar aghaidh ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair. oisigh na conraitheoirí ar halla úr spóirt ar na mallaibh agus tá an fráma le feiceáil ag éirí níos mó in aghaidh an lae as cuid mhaith de Ghaoth Dobhair. Ar ndóigh, ní inné ná inniu atá dáltaí agus tuismitheoirí na Pobalscoile ag iarraidh a leithéid de halla spóirt. Tá feachtas ag dul ar aghaidh le 15 bliain agus bhí na dáltaí le feiceáil ag na mórshiúlta ar Lá Fhéile Pádraig ag iarraidh a gcás a chur i mbéal an phobail. Ach tháinig a lá fá dheireadh thiar thall agus tá an obair toisithe anois. Dúirt Noel Ó Gallchóir, príomh- oide na Pobalscoile, go raibh lúcháir air go raibh tús curtha leis an obair tógála agus go raibh spriocdháta ann do mhí Meithimh leis an obair a chríochnú agus go mbeadh sé réidh don scoilbhliain úr i Meán Fómhair 2011. Mar chomhartha ar an dóigh a bhfuil rudaí ag gabháil ar an aimsir seo, dhearbhaigh Ó Gallchóir gurbh é €1,080,000 an chéad mheastachán a fuair siad don obair ach sa deireadh nach gcosnóidh sé ach €700,000. Fuair an Phobalscoil maoiniú don tionscnamh ó Roinn an Oideachais agus ó Údarás na Gaeltachta ach, ag déanamh go mbeadh siad ag déileáil leis an mheastachán níos airde, bhí €100,000 bailithe acu ó thuis- mitheoirí agus ón phobal le cur isteach sa chiste tógála. Beidh an t-airgead sin ar fáil don scoil anois do rudaí eile. Fógraíodh fosta le goirid go bhfuil maoiniú €180,000 faighte ag an scoil le seomraí breise a thógáil. Istigh leis an deontas a fuair siad leis an halla spóirt a thógáil, tá €60,000 le treallamh aclaíochta a cheannacht. Ar ndóigh, tá na hacmhainní atá ag an Phobalscoil cheana féin, ar nós na páirceanna imeartha, ar fáil ag na cumainn spóirt éagsúla sa cheantar agus dhearbhaigh Ó Gallchóir go raibh dóchas aige go mbeadh an halla spóirt ar fáil fosta ag na cumainn sin nuair nach raibh sé in úsáid ag an scoil í féin. Beidh sin ina ábhair lúcháir do na clubanna gan dabht, mar beidh áit ar dóigh acu le foirne a thraenáil agus an treallamh uilig ar fáil acu. 16 Goιtse Samhain 2010 Spórt Seol do chuid scéalta spórt agus grianghraif chuig goitsenuacht@gmail.com Áislann úr spóirt do phobal an cheantair goitsenuacht@gmail.com Clóchur agus dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035 GACH EOLAS AR FÁIL Ó WWW.CRAICEAILTE.COM BRÉAG • DIRTY NINES • MACDARA Ó CONAOLA Teach Hiúdaí Bhig, Dé Sathairn 27 Samhain ag 8.30i.n.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3