Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Donnchadh Ó Dómhnaill | |
Áit Chónaithe: | Bóthar na Cé, An Clochán Liath, An Clochán Liath, An Clochán Liath. | |
Áit Dúchais: | Rann na Feirste |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Filí | “An Druma Mór”:- leabhair a scríobh Seosamh Mac Grianna - banna ceoil Rann na Feirste. An scéal a bhí ar chúl an leabhair. Tá an druma mór acu go fóill in Rann na Feirste ach tá sé cóirithe suas uilig anois. | |
| Filí | Seanchas Chlann Mhic Grianna - scríbhneoirí speisialta, Séamus agus Seosamh. | |
| Filí | Dán beag a scríobh príosúnach, Matty O’Brien, i nDroichead Nua i gCill Dara nuair a bhí a athair sa phríosún. | |
| Filí | Deireann Dinny cúpla rann – tús leabhair Sheosaimh Mhic Grianna, ‘Mo Bhealach Fhéin’ agus píosa de leabhair Shéamuis, “Rann na Feirste”. | |
| Filí | Bhí Seán Bán Mac Grianna iontach maith ag cumadh. Ní raibh mórán léinn aige ach bhí sé iontach cliste. | |
| Filí | Corra na Deirce in Rann Na Feirste i rith am an Ghorta. Tá sé in Rann na Feirste go fóill. Léann sé píosa a scríobh Séamus Mac Grianna faoi. |
|
| Filí | ‘Cumha An Fhile’- Seán Bán Mac Grianna. | |
| Filí | Rann a chum Seán Bán Mac Grianna faoi chearca/uibheacha Chassie Foster ó Charraig Fhinn. | |
| Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Bhain sé sult as an am a chaith sé i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ar lóistín ag Séamus Ó Grianna. Tógadh Séamus agus a athair le chéile agus bhí aithne mheasartha aige air. Bhí Séamus agus athair Dhonnchaidh i gCogadh na Saoirse le chéile agus chaith siad seal sa phríosún i nDroichead Nua i gContae Chill Dara ar feadh 15 mí. Ligeadh saor iad in 1923. De bharr sin, bhí comrádaíocht maith idir an bheirt fhear i gcónaí. | |
| Filí | “ Rann Na Feirste” sríofa ag “Máire” (Séamus Mac Grianna) in 1942:- Seo píosa as an leabhair sin fá Chromac John- comharsa Shéamuis. | |
| Imirce | Chuaigh sé ar imirce go hAlbain in 1950. Bhí deartháir leis thall cheana i dtuaisceart na hAlban agus fuair sé jab do Dhonnchadh. D’fhan sé thall go Nollaig an chéad am sin. Chaith sé aon bhliain déag in Albain- obair thógála agus obair tollán. | |
| Filí | Píosa eile as an leabhair “Rann na Feirste” a scríobh Séamus faoin Ghorta agus an lucht siúil a tháinig go Rann Na Feirste i ndiaidh am an Ghorta. | |
| Teangacha á labhairt in Éirinn | Chuidigh Coláiste Rann na Feirste; Coláiste Bhríde go mór leis an cheantar ach níl an oiread scoláirí ag teacht anois. Chuidigh sé go mór leis an Ghaeilge. Bhí léir daoine cáiliúla inti fosta; Dermot O’Brien, An Cairdinéal ó Fiaich agus mar sin. | |
| Imirce | Casadh a bhean céile air agus pósadh é in 1960 sa bhaile ar an Chlochán Liath. Chónaí siad i nGlaschú i ndiaidh a bpósadh ar feadh tamaill gur rugadh an chéad leanbh. Ní raibh mórán oibre sa bhaile san am. | |
| Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Dar le Donnchadh gur cheart do dhaoine Rann na Feirste aitheantas níos fearr a thabhairt do chlann Uí Grianna. Tá airgead a bhailiú le hionad pobail úr a thógáil in Rann na Feirste faoi láthair. | |
| Filí | Litir a scríobh Séamus Mac Grianna ag athair Dhonnchaidh luath sna caogaidí. | |
| Teangacha á labhairt in Éirinn | A bharúil ar staid na Gaeilge san am i láthair. Tá sí beo ach tá an caighdeán níos laige. Tá léir suim sa teanga agus bíonn léir ag éisteacht le Raidió na Gaeltacha. Dar leis, go bhfuil athbheochan ar lámh amháin i gceantair áirithe ach measann sé nach bhfuil sí chomh láidir in Rann na Feirste níos mó. Tá léir béarla a labhairt. | |
| Stair an Teaghlaigh | Seanchas teaghlach a athar. Bhí 11 acu ann, tá siad uilig curtha sa reilg in Anagaire. Siúnéir a bhí ina athair agus bhí sé ag obair lena athair féin. Bhí siopa acu in Rann na Feirste fosta. Bhíodh siad ag déanamh léir ábhair adhmaid. | |
| Daoine Aitheanta go hÁitiúil | An scríbhneoir Ownie Mór Ó Domhnaill. Rugadh é i 1907, uncail Dhonnchadha a bhí ann. Chaith sé seal sna Garda ach ní raibh a shláinte ar an chuid is fearr agus d’fhág sé. Theagasc sé Gaeilge i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste. Scríobh sé cúpla leabhar ‘Scéal Húdaí Sheáinín,’ ‘Na Laetha a Bhí’, ‘ Na Céardanna.’ Scríobh sé ailt don ‘Ultach’ agus don ‘Irish Press.’ Tá seanchas maith tugtha ar Owenie, a theaghlach agus na leabhair a scríobh sé. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Móin | Thiomáin Donnchadh móin le leoraí a uncail amach go Leitir Ceanainn agus go Baile Suingean i ndiaidh am an chogaidh. D’iompair siad lóid plúir as Bun Cranncha agus a dhíol leis na siopaí áitiúla. Bhí ráchairt mór ar an phlúir san am. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Óige agus Aois | An scolaíocht a fuair sé: chuaigh sé ar an bhunscoil i Rann na Feirste agus ar an cheardscoil i Loch an Iúir ar feadh dhá bhliain. Bhain sé sult as na blianta sin agus d’éirigh go maith leis. | |
| An Óige agus Aois | Chaith sé bliain i mBaile Átha Cliath i gColáiste an Atlantaigh i bPáirc Líosain ag traenáil mar oifigeach raidió ach ní raibh suim mór sa chúrsa aige agus níor chríochnaigh sé é. | |
| Nádúr agus Mothúcháin an Duine | Ní raibh scríobh ar bith ag athair Shéamuis. Na daoine san am, chuidíodh gach duine lena chéile agus san oíche bhíodh siad cruinnithe i dtithe airneáin. Bhí focail agus an teanga ghalánta acu atá as úsáid anois. Bhíodh scéalaíocht agus seanchas acu, tá léir de scríofa anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Lucht Siúil | Píosa as leabhar a scríobh Séamus Mac Grianna faoin méid lucht siúil a bhí fá Rann Na Feirste. Ba ‘Rann na Feirste’ teideal an leabhair. Bhí na bochtáin ag cruinniú déirce. Tá Gaeilge shaibhir sa leabhar. | |
| Obair | Níl an talamh iontach maith i Rann na Feirste. Talmhaíocht i Rann na Feirste; ag baint mhóna. Bhí siad ag baint a slí beatha nuair a bhí Donnchadh ag fá suas. Glasraí agus preátaí, bainne, ag leasú an talaimh le feamnach. Bhíodh na mná ag talmhaíocht chomh maith leis na fir. | |
| Obair | Ag obair sna tolláin, bhí siad breá te sa gheimhreadh ach bhí obair chontúirteach iontu. Bhí na daoine a bhí ag obair iontu neamartach go leor fosta in amanna. Is beag fear a maraíodh iontu i gcomparáid leis an méid daoine a bhí ag obair iontu. Bhí léir as an bhaile agus an chuid eile den tír ag obair thall san am sin. Thiomáin sé bus i nGlaschú fosta. Bhí airgead maith go leor le saothrú agus uaireanta breá. | |
| Obair | Nuair a phill sé na bhaile thosaigh sé siopa ach ní raibh mórán suim aige ansin agus d’fhág sé an siopa ag a athair le reáchtáil, b’fhearr leis a bheith ag obair amuigh. Thiomáin sé leoraí bloc agus gaineamh do fhear a raibh cairéal aige i mBaile na Finne ar feadh dhá bhliain. | |
| Obair | Ina dhiaidh sin thosaigh sé ag tiomáint leoraí an bhainne do fhear as Anagaire, Antoin Ó Domhnaill. Bhí turas fada aige le déanamh ach bhain sé sult as an tiomáint. Bhí sé ag díol bainne ó na Dúchoraidh go Gort an Choirce. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Bunadh na hÁite | Dhá dheartháir a cheannaigh Rann Na Feirste ar £5- Seán agus Pádraig Mac Grianna 1726. | |
| Iarsmaí ón Seansaol | Cora Eoghainín in Rann na Feirste, thug an Rialtas amach é in 1847. An Gorta 1847 i Rann Na Feirste, ní raibh siad chomh holc agus a bhí áiteanna eile, bhí bia cósta acu. Scríobh clann Mhic Grianna faoin chora. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer