Beidh obair chothabhála agus uasdátaithe ar siúl ar an suíomh seo ar bhonn rialta sna míonna beaga atá amach romhainn de bharr go mbeifear ag cur taifeadtaí úra fuaime agus meascán d’ábhair eile leis. D’fhéadfadh a leithéid fadhbanna beaga nascleanúna nó eile a thabhairt chun tosaigh ar uairibh. Ba mhaith linn ár leithscéal a ghabháil libh má chuirtear as daoibh ar bhealach ar bith ach b’fhearr linn an suíomh a choinneáil beo ar líne chun go mbeifí in ann é a úsáid le linn na hoibre seo.
Regular maintenance and upgrade work will be carried out on this website over the next few months as new audio recordings and a selection of other items will be added. Problems navigating around the site could arise on occasion during this time. We therefore would like to apologise if you are inconvenienced in any way whilst using the site over the next while, but we would prefer to keep the website online during this maintenance period so as to allow continuous access to it.
Fearadh na fáilte chuig suíomh Gréasáin Thionscadal Béaloidis Ghaeltacht Thír Chonaill. Is éard atá le fáil ar an suíomh Gréasáin seo bailiúchán d’agallaimh a cuireadh ar dhaoine éagsúla fud fad Ghaeltacht Thír Chonaill – ó Fhánaid go Gleann Cholm Cille agus ó na Cruacha go hÁrainn Mhór. Tugann an bailiúchán seo, a rinneadh idir na blianta 2006 agus 2011, an-léiriú ar shaol na ndaoine le corradh agus céad bliain anuas. Faightear spléachadh sa bhailiúchán seo ar shaol na feirme agus na farraige, ar chúrsaí fostaíochta agus imirce, ar sheanleigheasanna agus piseoga, ar chúrsaí spóirt agus caitheamh aimsire – gan amhras, clúdaítear beagnach gach gné de shaol an duine. Lena chois sin, tugtar léirstean maith dúinn ar chaint bheo na ndaoine, faoi mar a mhaireann sí san am i láthair agus an saibhreas canúna atá le sonrú fud fad na Gaeltachta.
Ina iomláine, tá corradh agus 380 uair an chloig d’agallaimh a cuireadh ar 230 duine le fáil anseo. Is i nGaeilge amháin atá formhór na n-agallamh ach tá cúpla agallamh agus míreanna fánacha anseo agus ansiúd le fáil i mBéarla fosta.
Is féidir cuartú a dhéanamh ar an suíomh Gréasáin ar chúpla slí. Trí úsáid a bhaint as an bharra roghchláir ar thaobh na láimhe clé, is féidir cuartú de réir ainmneacha na bhfaisnéiseoirí féin, cuartú de réir catagóire/ábhar cainte na bhfaisnéiseoirí agus is féidir cuartú de réir ceantair. Is féidir cuartú ginearálta a dhéanamh ar ábhar na n-agallamh fosta trí úsáid a bhaint as an bhosca cuardaigh atá le fáil os cionn an bharra roghchláir féin. Tugtar tuilleadh eolais faoi na háiseanna cuardaigh seo faoin nasc ‘Treoir agus Eolas’.
Idir na blianta 2006 agus 2011, bhí taighdeoirí faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag obair ar thionscadal béaloidis a raibh baint aige leis na hagallaimh a rinneadh le 230 duine as Gaeltacht Thír Chonaill agus a raibh tuairim is 380 uair an chloig de thaifeadtaí i gceist ina iomláine. Is é Dónall Dinny Ó Gallchóir a rinne na hagallaimh féin agus tugann siad fíorléargas ar an am atá ar shiúl thart – faightear iontu cuimhní cinn, scéalta agus eolas ó ghlúin daoine a chónaigh agus a mhair fríd athruithe móra (agus minic go leor anróiteacha) na fichiú haoise.
Rinneadh taifeadtaí i mbeagnach gach cearn de Ghaeltacht Thír Chonaill – ceantar ollmhór a bhfuil an-saibhreas cultúrtha agus teanga le fáil ann. Gan amhras, cuidíonn bailiúcháin de thaifeadtaí den sórt seo leis an saibhreas traidisiúnta, eolais agus staire atá le fáil sna ceantair seo a chaomhnú mar aon leis an saibhreas canúna agus foclaíochta atá le fáil iontu a thabhairt chun solais.
Mar chuid lárnach den tionscadal, rinneadh digitiú, innéacsú agus cartlannú ar na hagallaimh go léir ar ríomhaire agus mar thoradh ar an obair sin, tá deis ag an phobal anois teacht go héasca ar an ábhar ar an suíomh Gréasáin seo. Is iad Anna Ní Pheanróis agus Gráinne Uí Dhomhnaill a rinne na hagallaimh go léir a dhigitiú ar ríomhaire agus a rinne ábhar cainte na bhfaisnéiseoirí a rangú de réir téamaí. Mar thoradh air seo, tháinig corradh agus 3,500 píosa ar leith chun cinn as ábhar cainte na bhfaisnéiseoirí go léir. Rinneadh gach píosa acu a rangú faoi cheann de na 14 phríomhchatagóir de réir an chórais a leag an béaloideasóir iomráiteach, Seán Ó Súilleabháin, amach sna 1940í. (Tá tuilleadh eolais faoi na 14 chatagóir seo le fáil faoin nasc ‘Treoir agus Eolas’ nó faoin nasc ‘Catagóirí’ atá le fáil ar an bharra roghchláir ar thaobh na láimhe clé.) Faoi gach mórchatagóir acu siúd, tá na céadta fochatagóir i gceist agus clúdaítear neart acu sa bhailiúchán seo.
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer