Treoir agus Eolas

Tá treoracha agus eolas le fáil ar an leathanach seo i dtaca leis na príomhghnéithe a bhaineann leis an suíomh Gréasáin seo. Anseo thíos, tugtar treoracha i dtaca leis na háiseanna cuardaigh, breis eolais faoi leagan amach an tsuímh agus blúirí beaga eolais eile. Cuartú treoraithe ar an suíomh Tá trí bhealach ar féidir le duine cuartú treoraithe a dhéanamh ar an ábhar atá le fáil ar an suíomh Gréasáin seo. Is féidir cuartú de réir faisnéiseora, de réir catagóire nó de réir ceantair. Cuartú de réir faisnéiseora Ar an leathanach cuartaigh seo, tugtar sloinne agus ainm na bhfaisnéiseoirí in ord aibítre. Mar gheall ar an fheidhmchlár ríomhaireachta atá ag feidhmiú ar chúl stáitse, áfach, cuirtear aon sloinne dar tús ‘Ó’ ag an deireadh ar fad – i ndiaidh sloinnte dar tús ‘W’ i gcás an liosta seo. Mar shampla, i ndiaidh Willow, Breezy tagann Ó Baoighill, Donnchadh srl. Leanann na sloinnte dar tús ‘Ó’ ansin ar aghaidh in ord aibítre. Le taobh gach sloinne agus ainm ar leith, tugtar le fios cárbh as an té sin .i. an áit ar rugadh agus/nó tógadh an faisnéiseoir seachas an áit a bhfuil cónaí air/uirthi anois. Is féidir léim ghasta a thabhairt chuig sloinnte dar tús A, Mac Ga, Mac Í, N nó Ó B fríd aon cheann de na nascanna cuí ar bharr an leathanaigh a bhrú. Is féidir i gcónaí na cnaipí Ctrl+F ar an mhéarchlár a bhrú le cuartú a dhéanamh ar an leathanach. Bhí níos mó ná ainm amháin luaite le go leor de na faisnéiseoirí. I gcásanna áirithe, mar shampla, bhí ainm Gaeilge, ainm Béarla, ainm coitianta agus leasainm luaithe le faisnéiseoirí. Ar mhaithe le héascaíocht, socraíodh, oiread agus a d’fhéadfaí, ar ainmneacha coitianta na bhfaisnéiseoirí a úsáid ar an leathanach cuartaigh seo (agus ar aon leathanach eile fríd an suíomh a ndéantar tagairt dóibh). Mar shampla, in áit Seán Ó Duibheannaigh luaitear a ainm coitianta John Ghráinne Ó Duibheannaigh. Ar uairibh, mar aon leis an ainm choitianta tugtar leasainm an fhaisnéiseora idir lúibíní. Cloíodh oiread agus a d’fhéadfaí, fosta, leis an litriú a thug na faisnéiseoirí féin ar a gcuid ainmneacha – cloítear mar sin leis an litriú réamhchaighdeánach ar chuid de na sloinnte ach go háirithe. Más amhlaidh nár tugadh ach leagan Béarla d’aon ainm/sloinne ar leith, fágtar i mBéarla é. Le ghabháil chuig leathanach aon fhaisnéiseoir ar leith, níl le déanamh ach brú ar an nasc a ghabhann leis an fhaisnéiseoir sin. Ar an leathanach sin, gheofar mionsonraí faoin fhaisnéiseoir .i. a (h)ainm, a (h)áit chónaithe agus a (h)áit dúchais mar aon le grianghraf más ann dó. Tugtar sonraí ansin fosta faoi gach agallamh a rinne an faisnéiseoir .i. an dáta ar dearnadh taifeadadh ar an agallamh/ar na hagallaimh, ainm an bhailitheora agus fad iomlán an agallaimh/na n-agallamh. Is féidir éisteacht le haon agallamh ar leith ó thus go deireadh ach an nasc faoi bhun Éist a bhrú. Mar pháirt den próiséas digitithe, rinneadh ábhar cainte na bhfaisnéiseoirí go léir a scoilteadh de réir an chórais rangaithe atá leagtha amach in A Handbook of Irish Folklore (1942). (Féach ‘Cuartú de réir catagóire’ thíos i dtaca le tuilleadh eolais faoina bhfuil i gceist leis an chóras rangaithe sin.) Rinneadh an obair seo d’fhonn deis a thabhairt do dhaoine ábhar cainte nó téama ar leith a bhí á phlé ag na faisnéiseoirí a aimsiú go héasca. Chuige sin, faightear briseadh síos ar chaint na bhfaisnéiseoirí ar an leathanach seo chomh maith. Le gach príomhchatagóir ar leith a bhí faoi chaibidil le linn an agallaimh/na n-agallamh, luaitear i gcló trom í. Faoi gach príomhchatagóir acu sin, luaitear an fhochatagóir áirithe lena mbaineann an t-ábhar cainte. Más amhlaidh go raibh fochatagóirí éagsúla i gceist le haon phríomhchatagóir, luaitear gach ceann acu sin astu féin. Le taobh gach fochatagóir a luaitear, faightear comhartha suimithe [+]; má bhrúitear ar an chomhartha sin, gheofar cur síos beag ar a bhfuil i gceist leis an chaint a thug an faisnéiseoir faoin ábhar. Más rud é gur labhair an faisnéiseoir faoi chúpla ní éagsúil a bhain leis an fhochatagóir sin, gheofar cur síos beag faoi gach ceann ar leith. Tugtar fad gach mír ar leith faoin chur síos a ghabhann léi. Is féidir éisteacht le haon mhír ach brú ar an tsaighead. Is féidir an t-eolas seo a chur i bhfolach aon uair ach brú ar an chomhartha dealaithe [-]. Cuartú de réir catagóire Tá ábhar cainte na bhfaisnéiseoirí go léir scoilte de réir an chórais rangaithe atá leagtha amach sa leabhar A Handbook of Irish Folklore (1942) le Seán Ó Súilleabháin. Ar an ábhar sin is féidir ábhar a chuartú faoi aon cheann de na 14 phríomhchatagóir seo a leanas: Lonnú agus Cónaí; Ceirdeanna agus Cothú an Tí; Taisteal agus Gnó; An Pobal; An Duine; An Nádúr; Cúrsaí Easláinte agus Leighis; Am agus Féilte; Nósanna agus Piseoga; An tOsnádúr; Stairsheanchas; Seanchas Cráifeach; An Ealaín Bhéil; Cluichí agus Caitheamh Aimsire. Tugtar léiriú níos grinne ar a bhfuil i gceist le gach príomhchatagóir faoin nasc a bhaineann leis. Ar leathanach gach príomhchatagóir ar leith, tugtar liosta de na fochatagóirí go léir a bhí faoi chaibidil ag na faisnéiseoirí i dtaca leis an phríomhchatagóir sin. Le taobh gach fochatagóir, luaitear líon na míreanna ar leith a bhí faoi chaibidil i gcás na fochatagóire sin. Is féidir brú ar nasc aon fhochatagóir le ghabháil chuig liosta na bhfaisnéiseoirí a labhair faoin ábhar sin. Ar an leathanach úr sin, gheofar ainmneacha na bhfaisnéiseoirí cuí, eolas faoin cheantar arbh as iad agus líon na míreanna cuí a bhí faoi chaibidil acu. Is féidir brú ar an nasc a bhaineann le haon fhaisnéiseoir ansin le ghabháil chuig leathanach úr a thabharfaidh mionsonraí faoin mhír/faoi na míreanna a bhí faoi chaibidil aige/aici. Tugtar eolas anseo fosta faoi fhad na míre/na míreanna agus deis chun éisteacht léi/leo. Cuartú de réir ceantair Baineann na hagallaimh go léir atá sa bhailiúchán seo le Gaeltacht Thír Chonaill seachas corrcheann a bailíodh ar imeall na Gaeltachta agus ceann amháin a bailíodh ar Oileán Acla i gCo. Mhaigh Eo. Chun cúrsaí cuartaigh de réir ceantair a éascú, rinneadh Gaeltacht Thír Chonaill a roinnt ina naoi gceantar ar leith .i. An Ghaeltacht Láir, Cill Mhic Réanáin, Cloich Cheann Fhaola, Cluain Dá Chorcach, Fánaid, Gaoth Dobhair, Iardheisceart Dhún na nGall, Na Rosa agus Ros Goill. Ar an leathanach cuartaigh de réir ceantair, tugtar liosta na naoi gceantar úd mar aon le huimhir a léiríonn líon na bhfaisnéiseoirí a cuireadh faoi agallamh as gach ceantar ar leith. Má bhrúitear ar ainm aon cheantar (nó ar an nasc chuí atá le fáil ar an léarscáil), cuirfear leathanach úr ar fáil ar a mbeidh ainmneacha na bhfaisnéiseoirí atá i gceist mar aon le heolas faoi cárbh as iad (.i. an baile fearainn arbh as iad laistigh den cheantar sin) agus uimhir a léiríonn líon na míreanna éagsúla a bhí faoi chaibidil acu. Tugtar an liosta seo in ord aibítre agus is féidir brabhsáil nó cuartú a dhéanamh air díreach mar atá mínithe thuas faoi ‘Cuartú de réir faisnéiseora’. Rinneadh gach iarracht cloí le leaganacha oifigiúla na logainmneacha faoi mar atá molta ag an Bhrainse Logainmneacha. Tugtar tús áite do leaganacha áitiúla na logainmneacha uaireanta, nuair a bhí difear beag le sonrú idir an leagan oifigiúil agus an leagan áitiúil ach go raibh an leagan áitiúil i mbéal an phobail m.sh. ‘Machaire Rabhartaigh’ seachas ‘Machaire Uí Rabhartaigh’; ‘Cluain tSaileach’ seachas ‘Cluain tSalach’; ‘Cloich Cheann Fhaola’ seachas ‘Cloich Chionnaola’. I gcás sciar beag logainmneacha, nuair a bhí difear mór le sonrú idir an leagan oifigiúil agus an leagan áitiúil, tugtar an dá leagan taobh le taobh – an leagan áitiúil ar dtús agus an leagan oifigiúil ina dhiaidh idir lúibíní m.sh. Mín na hAbhann (Mín Bhun Abhann); Mín an Bhéil (Mín an Mhéala); Carn na Madaí (Ceathrú na Madaí); An tArd Leathan (An Ailt Leathan). Cuartú ginearálta ar an Chur Síos Mar pháirt d’obair an tionscadail, rinneadh na hagallaimh go léir a bhriseadh síos de réir na dtéamaí éagsúla a bhí faoi chaibidil ag na faisnéiseoirí, rud a fhágann go bhfuil tuairim is 3,500 mír cainte le fáil sa bhailiúchán féin. I gcás gach mír acu sin, tugtar cur síos beag faoi ábhar na cainte. Is féidir cuartú ginearálta a dhéanamh ar an chur síos seo tríd an bhosca cuardaigh atá le fáil os cionn an bharra roghchláir ar thaobh na láimhe clé den scáileán. Ní gá ach na heochairfhocail chuí a scríobh isteach sa bhosca seo agus an cnaipe ‘Téigh’ a bhrú chun torthaí an chuardaigh a thabhairt chun cinn. Má aimsítear an focal/na focail atá á lorg ag duine in aon chur síos, osclóidh leathanach úr agus tabharfar liosta d’aon chur síos a bhfuil an focal/na focail sin luaite ann. Le gach toradh ar leith, tabharfar ainm agus seoladh an fhaisnéiseora le cois an chur síos iomlán atá i gceist mar aon le heolas faoi fhad an phíosa agus deis chun éisteacht leis. Ag an staid seo, ní dhéanfaidh an cuartú ginearálta seo ach cuartú ar na nithe atá scríofa sa chur síos .i. ní dhéanfar cuartú ar aon chuid eile den suíomh Gréasáin a luíonn taobh amuigh de sin. De réir a chéile, cuirfear níos mó roghanna cuardaigh ar fáil don úsáideoir. Sa chuartú seo, ní mór a bheith faichilleach i dtaca leis na heochairfhocail a úsáidtear. Ar an chéad dul síos, ní mór don litriú a bheith cruinn m.sh. má fhágtar síniú fada ar lár, ní aimseofar an focal/na focail atá á lorg ag duine. Caithfear a bheith cúramach fosta i dtaca leis an dóigh a gcuartaítear focail/téarmaí ar leith m.sh. má dhéantar cuartú ar an fhocal ‘damhsaí’ ní thabharfar i dtorthaí an chuardaigh ach na mionsonraí úd a bhfuil an focal ‘damhsaí’ luaite iontu, ach má dhéantar cuartú ar an fhocal ‘damhsa’ gheofar liosta de na mionsonraí a bhfuil na focail ‘damhsa’ agus ‘damhsaí’ le fáil iontu i dtorthaí an chuardaigh. Tras-scríbhinní Le linn an tionscadail, rinneadh tras-scríbhinní ar sciar beag de na hagallaimh a rinne cuid de na faisnéiseoirí agus rinneadh tras-scríbhinní ar mhíreanna áirithe as na hagallaimh a rinne faisnéiseoirí eile. Tá cuid de na tras-scríbhinní éagsúla sin le fáil ar an leathanach seo. Is féidir brú ar aon deilbhín PDF chun an tras-scríbhinn cuí a oscailt. Is i bhfoirm PDF atá na tras-scríbhinní ar fáil agus ní mór don úsáideoir Adobe Reader (nó a chomhionann .i. aon léitheoir cuí PDF) a bheith suiteáilte ar an ríomhaire leis na tras-scríbhinní seo a oscailt agus a léamh. Is féidir a ghabháil díreach chuig leathanach aon fhaisnéiseoir a bhfuil tras-scríbhinn iomlán nó cuid de thras-scríbhinn déanta dá n-agallaimh ach brú ar an nasc ‘Tuilleadh Eolais’ atá in aice gach deilbhín PDF ar leith. Físeáin Sa bhliain 2006, baineadh triail as físeáin a dhéanamh de chuid de na faisnéiseoirí agus iad i mbun agallaimh. Tá sampla de chúigear faisnéiseoirí ar dearnadh físeáin dóibh le fáil ar an leathanach seo. Is féidir brú ar ainm aon fhaisnéiseoir le ghabháil chuig leathanach úr agus amharc ar na físeáin a rinneadh dóibh. Tugtar níos mó eolais faoin agallamh féin ar an leathanach seo. Mar gheall ar chúrsaí spáis, tá dhá chuid déanta de mhórchuid na bhfíseán seo. Gheofar an chéad chuid den agallamh ar an fhíseán atá ar thaobh na láimhe clé den scáileán agus an dara cuid ar an fhíseán atá ar thaobh na láimhe deise. Ní mór don úsáideoir Adobe Flash Player a bheith suiteáilte ar an ríomhaire leis na físeáin seo a sheinm. Gailearaí Tá tlámán beag de sheanphictiúir as Tír Chonaill le fáil anseo a léiríonn gnéithe de shaol na ndaoine san am atá caite .i. an ailtireacht dhúchais, obair ar an talamh agus ar an fharraige, giollacht na mónadh, obair an tí, sníomhadóireacht, ag déanamh cléibh srl. Is féidir brú ar aon mhionsamhail ar leith chun leagan méadaithe den phictiúr sin a fheiceáil i bhfuinneog úr. Na Taifeadtaí Nuair a cuireadh tús le taifeadadh na n-agallamh i mí Eanáir na bliana 2006, rinneadh na taifeadtaí ar thaifeadán caiséid. De réir a chéile sa bhliain 2007, baineadh úsáid as taifeadán miondioscaí agus leanadh den chóras taifeadta sin ón phointe sin amach. De bhrí gur baineadh úsáid as taifeadáin éagsúla le linn obair an tionscadail, beidh difríochtaí áirithe le sonrú sa chaighdeán fuaime atá le fáil ar na taifeadtaí éagsúla atá le fáil sa bhailiúchán.

Mountain View

  • eoghan
  • Mags
  • seamus

Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer