Buíochas

Ba mhaith le foireann an tionscadail a mbuíochas ó chroí a ghabháil le achan duine agus le achan eagraíocht a thug cuidiú ar bhealach ar bith don tionscadal seo.

Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil leis na faisnéiseoirí go léir a roinn a gcuid eolais, a gcuid cuimhní cinn agus a gcuid ama go fial flaithiúil. Gabhann muid buíochas le teaghlaigh na bhfaisnéiseoirí fosta as a dtacaíocht agus as a gcuidiú uilig.

Ba mhaith linn ár mórbhuíochas a chur in iúl de na daoine seo a leanas:

Ár gcomhleacaithe in Ionad an Acadaimh i nGaoth Dobhair as gach tacaíocht agus cúnamh a thug siad dúinn ar ghnéithe d'obair an tionscadail thar na blianta .i. Andy Caomhanach, Brian Mac Giolla Chomhaill, Carmel Ní Bhriain, Conchúr Mac Giolla Eáin, Ray Fallon agus Réiltín Ní Chnáimhsí.

Peadar Mac an Iomaire as a thacaíocht leanúnach don tionscadal ó cuireadh tús leis in 2006.

Sábha Ní Oireachtaigh as gach cuidiú agus treoir a thug sí dúinn.

Máire Ní Rabhartaigh, Ciarán Mac Fheidhlimidh agus Maggie Uí Ghallchóir as an chuidiú uilig a thug said leis na tras-scríbhinní.

Mícheál Mac Lochlainn as a threoir agus as a chabhair go léir.

An Dr Lillis Ó Laoire as a chomhairle agus as a chuidiú go léir.

Vincent Mac Aodha as a chomhairle theicniúil i dtaca le cúrsaí fuaime agus trealaimh.

Tá muid an-bhuíoch de na heagraíochtaí agus de na daoine seo a leanas fosta as gach tacaíocht agus comhairle a thug siad i dtaca le cúrsaí maoinithe agus urraíochta i leith an tionscadail:

Údarás na Gaeltachta as an tacaíocht uilig a thug siad don tionscadal sna blianta tosaigh agus Tadhg Ó Conghaile ach go háirithe a thug an-chuidiú le go dtiocfadh leis an tionscadal fáil ar a bhonnaí.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta as gach cúnamh a thug siad i dtaca le maoiniú an tionscadail le blianta anuas gan a dtacaíocht, ní thiocfadh an borradh agus an fhorbairt a tháinig ar an tionscadal sna trí bliana deireanacha. Ba mhaith linn buíochas speisialta a ghabháil le Diarmaid Ó Mórdha agus le Gráinne Ní Ghallchóir as oifig réigiúnach na Roinne i nDoirí Beaga. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil fosta le hÉamon Ó Cuív TD a bhí ina Aire Gaeltachta ag an am.

Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer