Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Na Scoltacha Náisiúnta | An Stalwick, 1941 Tháinig Dinny ó Mheiriceá nuair a bhí sé 7 mbliana d’aois, chuaigh sé isteach chuig an oileán agus tar éis bliana cuireadh amach é le buachailleacht. Chuaigh sé ar scoil i Machaire Rabhartaigh. Ba é Séan Mór Hanraí an máistir scoile ag an am sin. Bhí sé ar scoil an lá a tháinig duine le scéala, chuaigh siad uilig amach le hamharc ar an bhád a caitheadh isteach in éadan na gcreigeacha in Inis Dúiche, bhí damáiste déanta di cheana ó thoirpéad. Léim triúr fear di isteach san fharraige ach bhí an fharraige garbh an lá sin agus bádh iad. Fuarthas an t-inneall ón bhád ina dhiaidh sin. Ba Dé Céadaoin a tharla an t-eachtra sin agus deirtear ó shin go dtosódh an t-inneall ag obair dóibh gach lá den tseachtain ach amháin Dé Céadaoin. Cuireadh an triúr fear a bádh i reilig Chill Ulta ach tógadh cúpla bliain ó shin iad agus tugadh 'na bhaile iad. Ba as an Iorua an bád agus na fir. Lucht de scoith an pháipéir a bhí ar an bhád. Bhí cruach uirthi fosta. Cailleadh bád eile an bhliain chéanna, Meitheamh 1941. Chonaic Dinny an tionlacan amuigh ar an fharraige agus eitleáin na nGearmánach ag caitheamh buamaí anuas air. 'Iris' an t-ainm a bhí ar an bhád a tugadh go cé Bhaile an Easa agus is litreacha a bhí á n-iompair aige. B'éigean dóibh rudaí a chaitheamh di mar go raibh sí pollta, bhí stocaí síoda agus litreacha ag teacht isteach ar an Chladach, bhí na daoine ag tabhairt leo na litreacha agus ag cuardach iontu le hairgead a aimsiú. |
|
| Obair | Thosaigh a athair ag curaíocht nuair a tháinig sé 'na bhaile. Bhí bó agus beithíoch le ceannach ag achan duine an t-am sin. £2 a chosain bó agus £17 a chosain an beithíoch. Na barra a chur siad, bhí prátaí agus meacain bhiataise (beetroot) acu. Bhí blas galánta ar na prátaí. | |
| Oideachas | Ag déanamh réidh le himeacht 'na choláiste thíos i mBaile Bhuirne, cuid de na daoine a casadh air ansin. Bhíodh sé ag teacht 'na bhaile ar saoire agus ag déanamh na hoibre a bhí le déanamh m.sh. na prátaí, feamnach, an mhóin, cochán. Bhí sé maith ag obair na speile. Cur síos ar uair amháin a bhí sé ag pilleadh ar Chorcaigh agus chaill sé an traein ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh. B’éigean do an traein mhall a fháil agus bhí sé 3 an chlog ar maidin nuair a shroich sé Corcaigh. Fear a casadh air a bhí ag iarraidh air a dhul leis. Bhí sé 14 bliana d’aois ag an am. Chaith sé 4 bliana ar an choláiste sin. Na daoine a bhí leis ina rang. Chailigh sé mar mhúinteoir. Chaith sé dhá bhliain i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Chaith sé cúpla seachtain mar ionadaí i nDoire Chonaire agus iarradh air a dhul go Toraí tamall, chaith sé bliain agus 3 mhí istigh i dToraí. Ansin d’imigh sé go hAlbain. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Na Naoimh | Cnoc na Naomh: Chonaic sé taibhse sa spéir uair amháin agus é ag buachailleacht ar Chnoc na Naomh. Bean ba ea í, gruaig fhada uirthi agus í ag clúdach leath na spéire. Tá creig ar an chnoc sin fosta agus lorg coise ann, deir siad gur lorg coise Cholm Cille é. Tá áit ann fosta ar bharr an chnoic a dtugtar Corr / Cur na Leabhar air. Cur síos ar an mhíniú a bhaineann sé féin as an ainm seo. Tógadh cros ann cúpla bliain ó shin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Oileáin | A chuimhní ar bhaint na ceilpe ar an oileán. | |
| Oileáin | In am an chogaidh bhíodh a lán lastaí/airteagail ag dul isteach chun an oileáin ó bháid. Scéalta faoi sin, uair a chuaigh lasta rum isteach agus scéal eile faoi mhianach talúin a phléasc ach nár maraíodh duine ar bith. Bhí mianach talúin eile fosta amuigh ar an fharraige a tháinig chun talaimh. Fuarthas an sagart le paidir a rá agus d'imigh sé soir leis an tsruth sular tháinig sé i dtír, amach ó na tithe. | |
| Oileáin | Rudaí stairiúla faoin oileán: Fuarthas rudaí ar an oileán a thaispeáin go raibh daoine ina gcónaí ar an oileán roimhe: snáthaidí déanta as cnámh, cupáin bheaga as cloch, sligeáin, bró as cloch eibhir. Tá báltaí iarainn ina luí ar an oileán fosta a scaoil na Sasanaigh, a bhí i mbád amuigh ar an fharraige, isteach ar mhuintir an oileáin mar spórt. Tá triúr acu ann. Tháinig mianach isteach ar an taobh thoir den oileán fosta sna scoilteanna i 'Scoilt an Chládaigh Fhuil / Aoil ?', bhí na daoine á choinneáil amuigh le maidí go dtí gur aithin siad cad é a bhí ann, ansin rith siad ar shiúl. Phléasc sé an tráthnóna sin ach níor déanadh scrios mór den oileán ach briseadh rudaí istigh ar an tír mór. Chroith sé achan teach ar an oileán agus briseadh cuid mhór rudaí. Phléasc sé poll mór sa talamh. Bhí mianach maighnéadach ann ina dhiaidh sin, cosúil le currach leis an béal buailte faoi, bhí sé sin iontach cóngarach do na tithe. Chuaigh siad chuig an sagart. Tháinig siad i dtír fosta ach amach ó na daoine. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Taibhsí | Chonaic Dinny taibhse go mall oíche amháin ina theach agus labhair sé leis. Níor labhair an taibhse ach mhothaigh Dinny uaidh gur ar mhaithe le Dinny é féin a bhí an taibhse ansin. Bhí a fhios aige ag an am cé a bhí ann ach d’imigh an t-eolas uaidh ina dhiaidh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Logainmneacha | Logainmneacha, Inis Bó Finne. Tá míniú ar chuid acu le cois scéalta beaga a bhaineann le cuid acu fosta – Barr an Ghoib, Cúl na Leic, Tobar Mhuiris, Tobar an Bhrí, Tobar Sheáin Óig, Na Carr Dhonnchaidh, Tóin an tSean tSochaí, An Garra Bán, An Staca Bán, Leac na Mónadh, Scoilt na gCoirín, Scoilt na hAltóra (altóir le linn am na bpéindlíthe), Scoilt na gColmán, Scoilt na Seangán, Scoilt an Ghearráin Mhóir (tá tobar ag a thaobh ina bhfuil boinn), Scoilt Bun an Chlaí, Scoilt an Mhairnéalaigh, Scoilt na Bó (thit bó síos ann), Scoilt Phaidí, Scoilt na Muiríní. | |
| Logainmneacha | Logainmneacha – Scoilt an Duilisc Bhig. Tá tinne óir ina luí amuigh ón chósta faoin ghaineamh fosta, thit sé ó bhád na Sasanach agus iad ag tabhairt an óir amach chuig bád eile. Tobar Cheann na Trá, tá an tobar thíos sna clocha. Tá an trá ansin fosta agus na hainmneacha atá orthu sin – Ceann Thoir den Trá, Lár na Trá agus an Ceann Thiar. Tá an dá 'Cheann' sábháilte ach tá Lár na Trá iontach contúirteach. Creig Mhór Ceann an Trá ar an taobh thoir den trá. Briseadh soitheach éadaigh ar an chreig sin uair amháin. Fuair muintir an oileáin rópa leis na seoltóirí a thabhairt chun tíre ach bádh gasúr beag 12 bhliana d’aois a thit de dhroim an chaptaein agus é á iompair chun tíre. Cuireadh an gasúr beag ar an oileán. Droim na Trá – tá 3 chorp curtha ansin ó bhád a tháinig isteach i gceann de na Scoilteanna. Ba as an Bhreatain Bheag iad. Tá áit eile le cúpla ainm, Casán an Bháid ach dar le seanfhear a bhí ar an oileán gur Casán an Bháis nó Casán na gCorp a bhí air as siocair na ndaoine uilig a bhí á gcur uair amháin ar an oileán (muintir na tíre ina measc). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Imeachtaí Áitiúla Eile | Mianaigh a tháinig isteach: Scoilt an Mhine (Scoilt an Chladaigh Fhuil). Scéal faoi mhianach a tháinig isteach agus a phléasc. Scéal eile faoi mhianach a bhí ina luí amuigh ar an fharraige ón chósta. Labhair cúpla duine de na hoileánaigh leis an tsagart Shields agus mar a d’imigh an mianach leis an tseol mhara. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer