Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Pádraig Ó Colla | |
Áit Chónaithe: | Béal an Átha, An Fál Carrach, An Fál Carrach, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Inis Bó Finne |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Oileáin | Nósanna na ndaoine ar an oileán – ag insint an ama gan clog leis an ghrian. Ag lasadh toitíní le gloine agus teas na gréine. | |
| Oileáin | Oileán Dúiche – bhí 7 chónaí ansin, bhí mánaigh agus mainistir ansin. Tá reilig ann fosta agus daoine curtha ann. Deirtear go bhfuil fear de na mánaigh curtha sa reilig sin agus nach bhfuil athrach ar bith ar a chorp ón lá a cuireadh é. | |
| Comharthaí Aimsire | Ráiteas –Fear gan píopa, fear gan scríste. Bean gan leanbh, bean gan leithscéal. An míniú orthu. Comharthaí aimsire – Ball roimhe an ghrian; droch aimsir. Ball ina diaidh tráthnóna; aimsir mhaith. Cúr ag teacht isteach ar an fharraige; comhartha fearthainne agus cruálach. Treoir na gaoithe agus cruálach. An ghealach – oíche smúid ghealaigh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Beithígh | Ag siúl amach agus isteach an Clochán leis na beithígh nuair a bhíodh tráigh rabharta ann le crúite a chur orthu, bhíodh sé meán oíche nuair a thagadh siad amach, sin an t-am a bhí an trá rabharta ann agus gealach iomlán agus bhíodh siad ar shiúl isteach arís ar maidin. Thig leis an trá rabharta a bheith contúirteach murach bhfuil fios ag duine c’ait atá siad ag dul. | |
| Seanchas faoin Iascaireacht | An iascaireacht do dhaoine an oileáin. Chuir an rialtas deireadh leis an iascaireacht agus dár le Pádraig nár fágadh rud ar bith ag muintir an oileáin. Tá cé in Inis Bó Finne a chuirfeadh náire orthu. Tá an ché tógtha le fada, fada an lá agus tá droch bhail uirthi agus tá sí iontach dainséarach. Measann Pádraig é féin gur doiligh a rá cé acu a rachaidh daoine ar ais le cónaí ar an oileán níos mó. Nuair a bhí moll daoine ina gcónaí ar an oileán, níor chuidigh an rialtas agus tá seans nach gcuideodh siad anois nuair nach bhfuil an oiread sin fágtha. |
|
| Móin | Ag siúl amach an Aifrinn go Gort an Choirce. Gach Domhnach thagadh cúpla bád amach da mbíodh an aimsir go breá. Thagadh siad amach fosta ag baint mhóna thuas ag Taobh an Leithéid, bhí cúpla míle le siúl acu nuair a thagadh siad den bhád i Machaire Rabhartaigh. Bhíodh ocras orthu leis an taisteal ach ní raibh mórán le hithe acu. Bhí sí le cróigiú agus le cur amach. Bhí obair iontach mhaslach acu. Cur síos ar seo ó thógadh siad ón phortach í go mbíodh sí sitigh ar an oileán acu. Ní raibh portach ar bith istigh in Inis Bó Finne acu. Bhí móin le fáil ar Oileán Dúiche. |
|
| Deochanna Meisciúla | Poitín: bhítear a dhéanamh roimh am Phádraig. Chaití an chéad chúpla deor den phoitín ag na sióga. Murach ndéantaí sin bhaineadh na sióga an t-iomlán duit. | |
| Iascaireacht | Iascaireacht an slí beatha a bhí ar an oileán nuair a bhí sé óg. Báid na mBradán is mó a bhí ann, bhíodh siad amuigh san oíche cuid mhór. Thosaigh sé nuair a bhí sé thart ar 18 bliana d’aois agus lean sé ar aghaidh le sin go dtí 1997. Ní raibh luach ar bith ar na bradáin agus ansin cailleadh a mbád a bhí ar ancaire istigh ar an oileán acu le linn stoirme. Cúpla bád eile a cailleadh fosta. As Bun an Phobail a tháinig an chéad bhád a bhí Pádraig air, 1953. Bhí na bradáin breá fairsing san am sin. Cur síos maith aige ar seo. Bhí siad a ndíol le fear darbh ainm Francie Roarty agus ansin bhí siad ag gabháil go Ailt an Chorráin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Óige agus Aois | A chuimhne ar mar a bhíodh Nollaig ar an oileán. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Nósanna agus Piseoga | An creideamh agus na nósanna nuair a bhíodh duine marbh agus i rith am na faire: stoptaí an chlog nuair a bhíodh duine bás agus ní dhéantaí obair ar bith i rith am na faire. Deirtí go raibh an duine ar shiúl fríd thine phurgadóra. Ní théití ag damhsaí ar feadh bliana i ndiaidh duine muinteartha leat bás a fháil. | |
| Comharthaí Báis | Comharthaí Báis. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Báid agus Longa | Tragóid a tharla dona h-iascairí in 1929:- Bád a chaill triúr as Clann Uí Cholla agus tháinig duine amháin slán. Thiomáin soitheach mór fríd an bhád bheag agus rinne dhá cuid di. Deirtear gur bhfuair an fear a tháinig slán cearc le scairt coiligh a bhí ann. comhartha roimh ré | |
| Báid agus Longa | 1930:- Cailleadh bád bradán i nGaoth Dobhair de chlann Éamoinn Bháin (Mac Suibhne) as Gabhla. | |
| Báid agus Longa | An Stolwyk- Soitheach mór a cailleadh ar an chósta in 1940. Bhí sí ag iompair lasta mór cruach (steel). | |
| Báid agus Longa | Rása Na bhFear Dubh:- Soitheach Sasanach a bhris ag taobh na scoile in 1940. Ag iompar an phoist a bhí sí. | |
| Báid agus Longa | “Volunteer Of Saint Johns”:- Soitheach éadaigh a cailleadh agus lasta adhmaid a iompair aici. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Stair an Teaghlaigh | Seanchas chlann Uí Cholla agus lucht oileáin Inis Bó Finne. Tá cúpla clann difriúl Uí Cholla ann. Measann sé gur tháinig Clann Uí Cholla 'un oileáin ón Spáinn. Tá Clann Mhic Fhionnlaoich, Clann Uí Bhriain agus Clann Mhic Pháidín ar an oilean fosta. Ba Eoin ó Colla a roinn talamh an oileáin uilig ar dtús. | |
| Daoine Aitheanta go hÁitiúil | An méid a chluin sé ariamh ar an mhilliúnaí Kingsley Porter. Bhí teach agus báid aige ar an oileán. Níl sé cinnte caidé a tháinig air ach measann sé go raibh plota de chineál inteacht ann. Bhí péas na Sasanach ansin ag an am ach níor thiontaigh siad a dhath suas. Chuaigh a bhean go Gleann Bhéithe i ndiaidh a bheith ar an oileán ach níor cluineadh uirthi ina dhiaidh sin. Measann sé nach raibh páirt ar bith ag a bhean ina mharú. Scoilt na Ribe Ruaidh/Oileán na Marbh (maríodh cúpla duine ansin). |
|
| Tubaistí Áitiúla | Báid a cailleadh: An Stalwick a cailleadh ar chúl oileán Dúiche in 1940. Bád cogaidh Ollanaigh a bhí inti. Sábháladh cuid acu ach bádh cuid acu fosta. Tá siad curtha i gCill Ulta. Tháinig scriostóir Sasanach isteach le í a shábháil ach bhí siad rómhall. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Sean fhocail, nósanna, pisreoga agus araile ag baint le saol an oileáin agus an iascaireachta. Saol atá imithe agus nach dtagann ar ais. | |
| Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Nathanna cainte – Cha dtig cruathas go Earrach (bhí achan rud ag éirí gann nuair a thiocfadh an Earrach). Gheobhaidh cú mall fhéin greim ar an ghiorria (deirtí seo le duine agus iad mall ag cuartú rud inteacht). Lár na Téide – i do sheasamh i lár an bhealaigh. |
|
| Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Laethanta áirithe den bhliain a bhfuil scéal ceangailte leo m.sh. Lá Leamhóige, Gearradh Dubh na Nollag. | |
| Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Nathanna Cainte: “Chuir mé ar bharr a chéille é”, duine ata tógtha. | |
| Amhránaíocht | Chum sé dán beag faoi Inis Bó Finne agus rinne sé “record” i nGlaschú fadó. | |
| Logainmneacha | Logainmneacha – na scoilteanna ar an oileán ó cheann go ceann. Scoilt na Móna, Scoilt na gCoirín, Scoilt na Bó, Scoilt Bun an Chlaí, Scoilt na Muiríní, Scoilt an Chládaigh Fhuil (Scoilt an Mhine), Tobar an Ghlasáin, Poll na Seideoige, Scoilt an gCaorach, An Mhainnear, Tóin na mBuile Móir, Scoilt na Ribe Ruaidh, An Scoilt Chaol, An Scoilt Gheal, An Scoilt Cearraidh, Buill an Mhuilinn. |
|
| Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Nathanna Cainte: Cuardaígí agus gheobhaidh sibh. Buail ag an doras agus foslcófar daoibh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Sióga | Slua sióige agus séideán sióige. Scread an bhean sióige. | |
| Sióga | Séidéan Sí. Na sióga ag fágáil agus ag gabháil áit eile. A mháthair mór, oíche amháin chuala na daoine uilig na beithígh bheaga (sióga) ag teacht aniar an bealach mór. Bhí a mháthair mór ina luí agus girseach bheag aici, bhíodh cochán le bun an dorais acu san am agus nuair a chuaigh na beithígh thart tháinig séidéan iontach agus tháinig sapóg chocháin ón doras aníos go lár an tí. Bhí fear de na sióga ina sheasamh ansin agus cúl a chinn leis an tine aige. An Tonn Bháite – thiar ar chúl an oileáin agus an fharraige iontach ciún, thagadh trí rása isteach agus thugadh sé daoine amach, an tonn bháite. Creideann sé i gcuid de na scéalta. Tharla rudaí do féin; thit sé síos le scoilt agus ní raibh sé ábalta bogadh go bhfuair sé cuidiú. |
|
| Taibhsí | Chreid na daoine go mór i dtaibhsí. Bhí áiteanna éagsúla ann agus chreid daoine go raibh taibhsí iontu. Níor chreid Pádraig go mór iontu ach bhí daoine a chonaic iad. Fear a d’inis do fhear eile go raibh sé ag damhsa lena mháthair an oíche roimh ré ach bhí a mháthair marbh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Iarsmaí ón Seansaol | Áiteanna istigh ar an oileán, Bothóg an Bhaoiligh. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer