Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Iascaireacht | Iascaireacht an slí beatha a bhí ar an oileán nuair a bhí sé óg. Báid na mBradán is mó a bhí ann, bhíodh siad amuigh san oíche cuid mhór. Thosaigh sé nuair a bhí sé thart ar 18 bliana d’aois agus lean sé ar aghaidh le sin go dtí 1997. Ní raibh luach ar bith ar na bradáin agus ansin cailleadh a mbád a bhí ar ancaire istigh ar an oileán acu le linn stoirme. Cúpla bád eile a cailleadh fosta. As Bun an Phobail a tháinig an chéad bhád a bhí Pádraig air, 1953. Bhí na bradáin breá fairsing san am sin. Cur síos maith aige ar seo. Bhí siad a ndíol le fear darbh ainm Francie Roarty agus ansin bhí siad ag gabháil go Ailt an Chorráin. |
|
| Iascaireacht | Iascaireacht scadán. I ndiaidh am an chogaidh a thosaigh seo i mbá Mhachaire Uí Rabhartaigh, tháinig báid as Toraigh, Árainn Mór agus as Dún Cionnaola. Ní raibh Pádraig é féin ag iascaireacht san am sin, ina dhiaidh sin a fuair sé cúpla lucht scadán i Machaire Uí Rabhartaigh. I bPort na Bláiche a rinne sé cuid mhór dena chuid iascaireachta. | |
| Seanchas faoin Iascaireacht | Focail ag baint leis na báid/iascaireacht: Snaidhm dol bhacán an choinín. Snaidhm na seamróige. |
|
| Seanchas faoin Iascaireacht | pisreoga ag baint leis an iascaireacht: deirtí go raibh an scadán uasal agus áit ar bith ina mbíodh argóint nó a leithéidí ar siúl, d’imíodh na scadáin. Dá gcastaí bean rua daofa agus iad ag gabháil ag iascaireacht, chreid siad go raibh droch-ádh ansin. pisreoga ag baint le hainmneacha. Bó caite; droch amharc ar an bhó agus ní bhéití ábalta bainne a fháil uaithi. Cur síos ar an dóigh leis an bhó a leigheas. |
|
| Seanchas faoin Iascaireacht | Sa gheimhreadh bhíodh siad ag cóiriú eangach. Snáthadán ag cóiriú eangach scadáin. Mugarlán fá choinne eangach potaí gliomach. | |
| Iascaireacht | An iascaireacht agus na báid. Ní raibh moll acu ábalta snámh ach bhí múinín mhaith aige sa bhád a bhí leo. Iascaireacht an scadáin, tá an scadán uasal. | |
| Iascaireacht | Scadán caoch – scadán agus cúpla préata agus braon uisce. Tomhais: Scadán go leith ar phingin go leith – cé mhéid a bheadh dosaen? |
|
| Iascaireacht | Potaí Gliomach- an dóigh a bhí ag na iascairí le marc a choinneáil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Nathanna Cainte: Cuardaígí agus gheobhaidh sibh. Buail ag an doras agus foslcófar daoibh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Comharthaí Aimsire | Ráiteas –Fear gan píopa, fear gan scríste. Bean gan leanbh, bean gan leithscéal. An míniú orthu. Comharthaí aimsire – Ball roimhe an ghrian; droch aimsir. Ball ina diaidh tráthnóna; aimsir mhaith. Cúr ag teacht isteach ar an fharraige; comhartha fearthainne agus cruálach. Treoir na gaoithe agus cruálach. An ghealach – oíche smúid ghealaigh. |
|
| Comharthaí Aimsire | Leigheas do bheithíoch – píopaí tobac do bheithíoch dá mbeadh crambaí air. Cromadh siar faoin asal 3 huaire dá mbíodh triuch ar dhuine. Leigheas do shleamhnán ar do shúil, 9 spíonóg a phiocadh de chrann spíonóige agus iad a chuimil ar do shúil, ansin iad a chaitheamh thar do ghualainn. Leigheas do faithní ar do chraiceann, tá lag i gcloch ar chúl an oileáin agus uisce ina luí ann, an t-uisce seo a chur ar na faithní. Comharthaí Aimsire ó na hainmhithe; caoraigh agus turcaithe. Sean ráiteas eile: Rinne sé screagán don ghougán agus bogán don screagán. |
|
| Oileáin | Bainiseacha, damhsaí agus saol ar an oileán. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Cleamhnas | Cleamhnas :- Thugadh an t-athair áit coise / áit leath bó (crú / crúigh / crodh / spré) dona iníon. | |
| An Tórramh | Neil Mc Gregor:- corp a thug Pádraig é féin amach go tír mór | |
| An Bás | An Bás – mná caointe; bhí bean ar an oilean, Beití (Beathóg) Ní Bhriain, a chaoin na mairbh. Chreid na daoine san am go gcaithfidh a ghabháil fríd thine Phurgadóra ar dtús sular bhfaightí isteach na bhFlaithis. Nuair a bhí sí tinn, bhí sé léi ar an oilean. Chuir Pádraig fá choinne An Sagart Shields agus d’inis an sagart do go raibh a mháthair ag a dhoras an oíche roimh ré a chuardach |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Sagart | Tógáil teach pobail, an halla agus cros ar an oileán. Ba daoine an oileáin a rinne an obair uilig faoi stiúir An Sagart Shields. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer