Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Scéalaíocht | Sean scéalta na háite; ag déanamh poitín, ag ithe brachán as tobán amuigh sa chuibhreann. | |
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Tuilleadh seanfhocail agus a míniú. | |
Logainmneacha | Logainmneacha ar pháirceanna agus ar ardáin. | |
Scéalaíocht | Scéal faoin ghluaisteán An ‘Lada’: scéal faisnéise a chum Proinsias agus chuir sé isteach sa pháipéar áitiúil é “Céim an Fhia”. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Móin | Tógadh Proinsias i gCluain tSalach agus táilliúir a bhí ina athair. Cuntas maith ar a óige agus ar ghiollacht na móna. Thugadh siad amach an mhóin ón bhachta le dhá asal – toisc móna. Cur síos ar obair na móna, téarmaíocht na móna: toisc móna, ricil (cróigeáin fhada), meitheal fir, dartáin (fóid bheaga). | |
Iascaireacht | Iascaireacht: an chéad am a chuaigh sé ag iascaireacht suáin lena chomharsa, fuair sé nimh ina láimh. Bhíodh sé ag iascaireacht lena athair go minic agus bhíodh siad amuigh ar an churach fosta. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Seirbhís Mhíleata | Fir as na Dúnaibh a throid ins an chéad chogadh in 1914. Bhí siad ag obair in Albain san am ach tógadh iad agus cuireadh san airm iad, ní raibh rogha ar bith eile acu. Scéal suimiúla faoi Pháidí Mac Aodh a throid ins na trinsí, scaoileadh é agus bhí sé gortaithe go holc, thit sé isteach sa trinse arís. Fuair na Gearmánaigh greim air agus thóg siad leo é. Thug siad obair do ag déanamh bairillí. Nuair a bhí an cogadh thart, lig siad na bhaile é agus thug siad gúna beag do i gcuimhne orthu. Bhí uncail de Phroinsias é féin san airm fosta. Scéal eile faoi fhear a bhí sna Dúchrónaigh i Sasana agus dár leis nach raibh rogha ar bith aige, scaoileadh siad duine ar bith nach ndéanadh é. Seo daoine a bhí ar shiúl ar imirce. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | A chuimhne ar a óige: Lá Bealtaine agus na nósanna ceangailte leis, crann Bealtaine, pota bruitíní, costarnocht ó Lá Bealtaine ar aghaidh. A athair ag sailleadh éisc. Ag déanamh ime leis an chuinneog. An bhláthach. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer