Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Pádraig Mac Pháidín | |
Áit Chónaithe: | Mín Doire Dhamh, , Gaoth Dobhair. | |
Áit Dúchais: | Mín Doire Dhamh |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iompar Nua-Aimseartha | Ag caint ar an chéad charr i nGaoth Dobhair a bhí ag fear darbh ainm Dan Billy i Machaire Clochair in 1946. | |
Iompar Nua-Aimseartha | A chuimhne ar an traein agus ar an stáisiún traenach. An traein ag tabhairt carráistí mónadh a tháinig ó Ard Donn go St. Johnston. Cuireadh deireadh leis an tseirbhís traenach in 1947. A chuimhne ar thógáil na ráillí ó 1946 go dtí 1947. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | Cur síos ar na daoine muinteartha atá aige agus ar an obair a rinne siad. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Spailpíní | D'fhág sé an Bhreatain Bheag agus bhog sé ar ais go Glaschú. Bhí sé ag stopadh i gcampa foscailte. Cur síos ar na uaireanta oibre a bhíodh aige. | |
Obair | Cuntas ar Óstán na Cúirte, ar a chuimhne uirthi agus na blianta a chaith a mháthair ag obair ansin ar dheich scilling sa tseachtain. | |
Obair | Cur síos ar an pháighe a fuair sé in 1962. Cur síos ar na tolláin agus ar an bhia a bhíodh acu. | |
Spailpíní | An cineál trealaimh a bhíodh acu agus an obair a bhíodh le déanamh acu sna tolláin. | |
Obair | Ag caint ar an am a d'oibrigh a athair ar an damba a chuaigh suas a fhad le Dobhar in 1955. | |
Spailpíní | Cur síos ar na timpistí a tharla sna tolláin, á bhfágáil arís agus ag gabháil ar ais go cathair Ghlaschú. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | Chuaigh sé 'na scoile i nDobhar ar feadh sé bliana ó 1946 go dtí 1954. Aodh Ó Dúgáin agus a bhean chéile an bheirt mhúinteoirí a bhí ann ag an am. Mary an Ghabha a tugadh uirthi. Labhraíonn sé faoi fhoghlaim Béarla fosta. | |
Spailpíní | D'fhág sé Glaschú agus fuair sé obair i nDún Éideann mar shaoiste. | |
Obair | D'fhág sé Scoil Dhobhair agus chaith sé tamall ar an Tech go dtí 1955. Ansin thosaigh sé ag obair ar an Chladaigh in Eanáir 1956 mar shiúinéir agus bhog sé thart ó áit go háit. D'oibrigh sé le Tadhg Mac Fhionnghaile. Cuntas tugtha aige ar thógáil stáisiún na móna. Dátaí cruinne aige. | |
Spailpíní | Caint ar na blianta uilig a bhí sé thall i Sasana agus nuair a tháinig sé ar ais 'na bhaile i rith na Nollag in 1969. | |
Obair | Nuair a thosaigh an B.S.L. agus an cineál oibre a bhí ann. Teacht an B.S.L. - ESB, tugadh isteach daoine le meaisíní a thiomáint le cois roinnt de bhunadh na háite. | |
Spailpíní | Ag déanamh iarrachta imeacht go hAlbain. Ag caint faoin am a d'imigh sé ar imirce go hAlbain. | |
Spailpíní | Tamall caite thall in Albain aige agus ag teacht anall arís. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Cur síos ar Chlann 'Hill' agus an Tiarna George Hill. An dóigh a bhfuair sé an talamh do dhream Pháidí. An áit ina bhfuil Óstán na Cúirte inniu. Ag caint ar Lady Hill. | |
Obair | Nuair a thosaigh sé ag obair arís leis an B.S.L. ( E.S.B.) agus iad ag tógáil tithe do na hoibrithe. | |
Spailpíní | D'imigh sé anonn arís go hAlbain agus chaith sé seal ag obair sa Bhreatain Bheag. D'oibrigh se lena athair in Cumbernaud. Bhí sé in Clydebank agus Windyhill tamall, áit a raibh moll daoine ó Ghaoth Dobhair ag an am. Cur síos ar an obair sna tolláin agus ar an saol a bhí acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Taibhsí i bhfoirm Duine | An Máirtineach, bhí seomra sa chúirt ar a tugadh seomra an Mháirtinigh. Scéal faoin Mháirtineach, a bhás agus an seomra sa chúirt ina raibh a chuid fola le feiceáil ar an urlár go dtí gur leagadh an áit. Deirtear go bhfuil a thaibhse ansin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | Ag caint ar an iascaireacht a rinne sé thart fán Chladach nuair a bhí sé óg. | |
Móin | Scéim baint na móna a bhí ag an Chomhairle Contae i rith am an chogaidh. Bhítí ag baint mónadh agus á tabhairt go St. Johnston agus go Páirc an Fhéinics i mBaile Átha Cliath. Baineadh a lán caoráin ag an am agus nuair a cuireadh deireadh leis an traein in 1947 thosaigh fear darbh ainm Páidí Sheáin as Ard Donn ag iompar na mónadh le leoraí. | |
Móin | Cur síos ar dhíol na mónadh ag stáisiún Mhín na Cuingne, agus nuair a dhruid sé. | |
Móin | Gnó na mónadh san am sin i nGaoth Dobhair. Ainmneacha na ndaoine a bhíodh ag tabhairt lóid mhónadh suas go dtí an stáisiún, meáchan na leoraithe. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Cnoic agus Sléibhte | An cnoc ar a dtugtar na 7 Leachtanna. Nuair a bhítí ag tabhairt coirp go reilig Thullach Bheighbhile, anseo ar bharr an chnoic a dhéantaí a scíste. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Seanfhoirgnimh | Ag caint ar an áit ina bhfuil Óstán na Cúirte inniu, an teach agus na daoine a bhíodh ann. Teach na nDuganna a tugadh air (An tSeanChúirt). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Míniú ar an logainm 'Mín Doire Dhamh' agus daoine a chónaigh ann. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer