Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Lucht Siúil | Cuimhne James ar an lucht siúil agus an cheird a bhí ag cuid mhaith acu. Táilliúir agus gréasaí bróg. Bhí Denis Ryan luaite sa phíosa seo. Seanfhocail – scráideog [sráideog] (leaba ar an urlár). | |
| Obair | Ag obair in Sasana, ag obair sna mianaigh guail a bhí sé. Cur síos ar an dóigh a thosaigh sé ar an obair seo, thug na gardaí rogha do nuair a thóg siad é, é sin nó an t-arm. Chuaigh sé faoin talamh. In Derbyshire a bhí sé nuair a chuaigh sé anonn an darna uair. Bhí teach aige agus tonna guail saor in aisce achan mhí mar go raibh sé ag obair sna mianaigh. Cuntas maith ar an obair ansin, bhí obair chrua ann. Timpistí a tharla ansin fosta, fir a raibh aithne aige orthu. Mar a bhí siad ag tabhairt amach an ghuail as na mianaigh. Bhí scaifte mór ag obair ansin san am sin. Bhí ceithre scór beithígh acu thíos sna mianaigh ach ní mhairfeadh siad i bhfad. Ag obair ar a mbolg a bheadh siad ina luí agus iad ag obair.An t-éadach agus clogaid a bhíodh orthu. Ní raibh a ghoile rómhaith agus chuir an dochtúir an locht ar an obair a bhí sé ag déanamh. Chuirtí éan bag síos sna mianaigh le feiceáil caidé an méid gáis a bhí iontu. Bhí daoine deasa ag obair leis. Ba don “National Coal Board” a d'oibir sé. Bhí pá de chúig phunt sa lá (sa seift) aige. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Damhsa, Ceol agus Amhrán na Sióg | Scéalta faoi na sióga. ‘Lios’ an t-ainm a thugtaí ar an áit ina gcónaíodh na sióga (faoin talamh). An t-amhrán a bhí ag scaifte sióg .i. ‘Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin’ agus an fear a cuireadh cruit air. | |
| Sióga | Scéalta síodh. Ceantar uasal ar a thalamh féin, cheannaigh a athair an talamh atá sé ina chónaí ar go fóill. Slatacha cáil agus crainn uasal agus duine ar bith a thógfadh iad, bheadh méar nimhneach nó rud inteacht acu. Girseacha a tharraing dhá slat a fuair bás. Scéal grinn faoi fhear le cruit air a bhí ar a bhealach na bhaile agus chuala sé na sióga ag ceol “De Luain, De Máirt.....” Scéal eile faoi fhear ar an bhaile agus fuair a bhó bás air, bhí sé ag guí le hairgead a fháil lena theaghlach a choinneáil, shiúl sé an bealach mór agus casadh fear eile air a thug bó do. Bhí gamhna ag an bhó fríd am ach chaill sé an t-iomlán nuair a smaoinigh sé cúpla ceann acu a dhíol ag an aonach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha | Scéal fá am na dtrioblóidí [1919-1923] sa cheantar agus an seanduine a cuireadh faoi ghlas sa bhóitheach fá choinne 10 lá. | |
| Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Scéal suimiúil eile fá Dhónall Ó Conaill nuair a d’fhiach na Sasanaigh an nimh a chur ina chupa. Bhí sé thall i bparlaimint Shasana agus bhí siad ag iarraidh déanamh ar shiúl leis. An girseach a d’inis do go raibh nimh ina chupa trí rán a d’inis sí do. “A Dhónaill Uí Chonaill, an dtuigeann tú Gaeilge? Tuigim a chailín, caidé sin is léir duit? Tá oiread nimhe in do chupa agus a mharódh na céadtaí.” D’athraigh sé a chupa thart le fear eile agus maraíodh an fear eile. Bhí an scéal sin ar an scoil aige le cois rudaí eile. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer