Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Máire Doohan | ![]() |
Áit Chónaithe: | Mín Lárach, Gort an Choirce, Gort an Choirce, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Baile Thiar, Oileán Thoraí |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Sióga | Scéal eile faoi dhá fhear a bhí ag déanamh poitín agus shíl siad gur tháinig na sióga orthu. | |
Sióga | Slua sí – scéal faoi mar a fuadaíodh fear as Toraigh agus tugadh go Connacht agus ar ais é ar dhroim beithígh. | |
Taibhsí | Scéalta taibhse: Chonaic a hathair taibhse Mháire thíos sa scioból ach bhí Máire ina suí istigh sa teach i rith na hama. Chonaic a fear céile, Willie agus a uncail taibhse thíos ag an teach solais oíche amháin. Deirtear go raibh taibhse i dteach an tsagairt i dToraigh. Deirtear go raibh Aifreann le léamh aige ach nach bhfuair sé é a léamh agus go bhfuil a choiscéim le cloisteáil sa teach go fóill, bhíodh Máire ag obair sa teach ach níor chluin sí ariamh é. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Tairngreachtaí | Caitheamh Aimsire, ag léamh na gcupaí agus na gcártaí, ag léamh lámha agus ag léamh na haibhleoga sa tine. | |
Sagairt | Sagairt ar an oileán a raibh cumhacht speisialta acu. | |
Nósanna agus Piseoga | Bhí a máthair i gcónaí ag cur urnaí dá dtiocfadh rud ar bith ar Mháire go bpilleadh sí na bhaile ach insíonn sí scéal faoin mhadra a bhain greim aisti nuair a bhí sí réidh le imeacht go Londain agus ní raibh sí ábalta a dhul. | |
Comharthaí Báis | Scéal sióg, comharthaí báis ceangailte le solas. Chonaic fear ar an oileán solas mar chomhartha cúpla lá sula bhfuair a athair bás. | |
Comharthaí Mí-Áidh | Pisreoga; ag fágáil bróga úra ar an tábla, ag siúl faoi dhréimire, ag oscailt scáth fearthainne sa teach, ag dul amach ar an doras chéanna a dtagann tú isteach air, ag déanamh drochamharc, iascairí ag casadh le bean le gruaig rua. | |
Comharthaí Báis | Comhartha báis, nuair a bhí athair a fear céile ag fáil bháis, d’inis sé do Willie gur fhaca sé a dheartháir a bhí san Astráil amuigh ag an fhuinneog. Ina dhiaidh sin chonacthas a thaibhse. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Scoltacha Náisiúnta | Ar an scoil, Máistir Mc Gill a bhí acu. Bhí sé maith go leor dóibh. | |
Obair | Chuaigh sí leis na fir nuair a bhíodh siad ag líonadh cliabh le leathach agus a spréadh ar na préataí. Rinne sí obair talaimh uilig. Chreid a hathair go mbíodh ailse ar na préataí. | |
Spailpíní | Fostach / An Raibeal: Bhí sí ar fostach ag sé bliana déag agus chuaigh a hathair léi agus rinneadh conradh le feirmeoir as Doire ar phunt agus fiche ar feadh na sé mí. Bhíodh sé ceann eallaigh le bligh agus bhíodh sí ina suí ar an sé a chlog ar maidin. Bhíodh níochán agus glanadh agus go leor oibre eile le déanamh aici fosta i rith an lae. Thart fan bhliain 1946 a bhí ann. Chaith sí dhá shéasúr ag an fheirmeoir sin agus ina dhiaidh sin fostaíodh í ag feirmeoir eile as Doire ar a dtugtaí Galbraith air. Fostaíodh ina dhiaidh sin i gCo. Aontroma í agus ba obair tí uilig a bhí le déanamh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Paidreacha | Paidir a rá ag Mary, deirtear é seo i ndiaidh an phaidrín. Paidir eile a rá ag Mary, deirtear é seo i ndiaidh am Comaoineach. Píosa de phaidir aici fosta ach rinne sí dearmad dean dheireadh, En Ego. |
|
Paidreacha | Paidir céanna a rá ag Mary arís, En Ego. | |
Amhránaíocht | Amhrán a cheol ag Máire. | |
Amhránaíocht | Amhrán a cheol ag Máire, John Reilly. Tá scéal san amhrán faoi nuair a cailleadh John agus bháigh a chailín í féin le briseadh croí. | |
Paidreacha | Urnaí an Luaigh – paidir a deirtí nuair a d’imíodh duine go Meiriceá le fáil amach an raibh sé caillte; dá dtéití fríd an urnaí agus í a rá go hiomlán bhíodh an duine sábháilte ach dá ndeirtí an urnaí agus a dhul ar seachrán, bhí an duine caillte. Ní thiocfadh le bean an urnaí a thabhairt do fhear agus ní thiocfadh le fear an urnaí a thabhairt do bhean. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | Seanchas a teaghlaigh: Ba as Machaire Rabhartaigh a máthair mór, Grace Mc Ginley, chuaigh sí isteach go Toraigh agus phós sí fear darbh ainm Rodgers ach fuair seisean bás agus phós sí arís. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Colm Cille | Colm Cille: Tairngreacht Cholm Cille: 1.Tiocfaidh an t-am nach n-aithneofar an difir idir fear agus bean. 2.Nach mbeidh fonn ort an beithíoch atá agat a chothú. 3.Go mbeidh sé chomh maith agat mála salainn a bheith agat le mála airgid mar nár bhfiú a dhath an t-airgead. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oileáin | Bhog sí féin agus a teaghlach amach as Toraigh go tír mór in 1980 nuair a bhí a iníon ag éileamh. Bhog cuid mhór de lucht Oileán Thoraí amach ag an am céanna agus tá cónaí orthu anois i Mín Lárach agus ar na Crois Bhealaigh. | |
Oileáin | D’imigh scaifte fear as an oileán, a hathair ina measc, agus d’imigh siad go Meiriceá i 1914 ar eagla go gcuirtí san arm iad. Phill an chuid is mó acu i ndiaidh cúpla bliain ach amháin duine nó dhó. | |
Oileáin | Saol ar an oileán, bhí a mbia féin acu; préataí, cairéid, im, bainne agus mar sin. Bhain siad móin ar an tír mór, bhí obair mhaslach i gceist le seo nuair a bhí sí le tabhairt an oileáin ansin. | |
Oileáin | Rugadh Mary i dToraigh, bhí saol breá acu ach bhí an t-airgead gann. Bhí a gcuid féin acu, ní raibh le ceannach ach tae agus siúcra. | |
Oileáin | Mary í féin a thug an chéad lampa “tilly” go Toraigh. | |
Oileáin | Saol ar an oileán: Iascaireacht an slí beatha a bhí ag a hathair agus ag lucht an oileáin uilig. Théadh bád Dixon isteach as tír mór chun an oileáin leis an phost agus le earraí uair nó dhó sa tseachtain. Bhí siopa ag Mary ar feadh tamaill, seomra sa teach a bhí ann. Bhí cúpla siopa beag ar an oileán ag an am. Bhíodh siad ag cniotáil agus ag fuáil agus dhíoladh a máthair na earraí a rinne sí. Bhíodh siad ag déanamh cuilteanna fosta. |
|
Oileáin | A gcuid earraí féin acu ar an oileán, ní raibh le ceannach ach plúr, tae agus siúcra. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Báid agus Longa | Scéal an bháid, an ‘Wasp’ a cailleadh ar chúl an tí solais i dToraigh nuair a bhí sí ag teacht le cíos a thógáil óna tionóntaí. Rinne mná an oileáin an turas agus tiontaíodh cloch na mallachta ar an long. Chuaigh an long ar na creagacha agus chuaigh sí go tóin poill agus cailleadh cuid mhór fir. Chuir sagart agus beirt cléireach an chloch i bhfolach agus níl a fhios ag duine ar bith c’áit a bhfuil sí anois. | |
Scaipeadh Nuachta agus Eolais | Éamonn Mac Ruairí a cheannaigh an chéad raidió ar an oileán. An caitheamh aimsire a bhíodh acu, ag imirt chártaí agus ag airneán / scéalaíocht. Théadh siad an Fhál Carraigh ar Tír Mór corr uair ach ní rómhinic a bhíodh siad i Leitir Ceanainn. Bhíodh siad idir Toraigh agus Inis Bó Finne ag damhsa agus bhíodh oícheanta go maidin acu. Ní raibh mórán ólacháin acu san am, bhí an t-airgead gann agus ní raibh ach teach leanna amháin ar an oileán. Bhí siad maith ag ceol. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Pósadh | Lá a pósta in 5/7/1953, pósadh ar an Domhnach í féin agus a fear céile Willie istigh i dToraigh. Bhí tae agus ceapairí sa teach acu agus ansin bhí damhsa sa scoil an oíche sin agus bhí craic agus ceol acu go maidin. Bhí bainiseacha a gceiliúradh sna tithe san am sin. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer