Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Gráinne Mhic Gloinn | ![]() |
Áit Chónaithe: | An tArd Leathan (An Ailt Leathan), An Clochán, An Clochán, Leifear. | |
Áit Dúchais: | An tArd Leathan (An Ailt Leathan), An Clochán |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | An teach inár tógadh í, teach ceann tuí a bhí ann. A bunadh a bhí ann ar dtús, athair mór a hathair a bhí ann agus tháinig sé ansin bliain an ghorta. Cónall Mac Fhionnlach a bhí air, Máire Ní Earcain a bhí ar a bhean. Bhí cúpla mála mine aige agus choinnigh an t-arán mine agus brachán ag gabháil iad am an ghorta. Tháinig sé anall ón Bhinn Mhór. Roinn sé an talamh idir a bheirt mhac. Cur síos ar an teaghlach agus mar a d’imigh cuid acu agus nár phill siad ariamh. D’imigh cuid mhór de bhunadh na gCruach go Meiriceá. | |
Filí | An dán .i. 'Diligh na mBacach' agus an áit ar tháinig sé uaidh. | |
Teangacha á labhairt in Éirinn | Meath na Gaeilge. Níl mórán daoine fá na Cruacha anois, tá Gaeilge ag cuid acu. Ach níl mórán suime i dtaobh na Gaeilge sa cheantar. Thóg sí a páistí le Gaeilge. Ach b’éigean dóibh athrú go Béarla don chéad Chomaoineach nuair a chuaigh siad go scoil Litir Bric. An cúpla scoil a bhí sa cheantar, ceann i Litir Bric, in Ard Leathán. Tuigeann a teaghlach an Ghaeilge anois ach ní labhraíonn siad í. | |
Tubaistí Áitiúla | An t-eitleán a thit ar na Cruacha. | |
Imirce | "American Wake" - Oíche cheoil, craice agus ólacháin sular imigh daoine go Meiriceá ar imirce agus nuair a philleadh siad arís. | |
Imirce Áitiúil agus Réigiúnach | Iargúlta sna Cruacha. í féin ag bogadh ansin. Gan mórán daoine fágtha ann, bhog siad ar shiúl agus níor phill siad. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Eacnamaíocht an Teaghlaigh | Cuireann sé trua uirthi anois nuair a théann sí siar chuig na Cruacha, tá an chuid is mó de na tithe folamh agus na daoine marbh. Bhí an talamh uilig in úsáid ag an am, bhí prátaí agus meacain ag a máthair. Ba ghnách lena máthair uisce na meacain a chur ar an im. Bhí pigín acu leis an t-im a chur isteach ann. Cur síos ar an dóigh a dtógadh siad amach an t-im. Thugadh siad an bhláthach do na gamhna. A huncail a chuideodh leo amharc i ndiaidh na móna. |
|
Seanchas faoi Bhlí na mBó | Maistreadh - gruth buí i ndiaidh do bhó breith a thabhairt. Aibhleoga a leagan ag doras an bhóithigh i ndiaidh bó breith. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | A hóige, d’fhág sí an scoil ag 16 bliana, rinne sí 2 bhliain sa bhreis, bhí dúil aici sa scoil. Bhí sí ag iarraidh jab a fháil (obair i mBealach Féith i siopa) ach thit a máthair agus bhris sí a scoróg agus b’éigean do Ghracie fanacht agus amharc i ndiaidh an eallaigh. Thosaigh sí ag cniotáil geansaithe bána, bean a huncail a bhí ag tabhairt amach cniotála ó na Cinnéidí as Ard an Rátha. Thógtaí na geansaithe achan choicís, ceann sa choicís ar dtús a rinne sí ach ansin bhí sí ag déanamh dhá cheann sa choicís, £1 an ceann. Bhíodh sí ag sní agus ag cardáil fosta lena máthair. Cuntas ar seo. Bhí tuirne acu. D’fhoghlaim sí na patrúin do na geansaithe óna haintín. Bhí ainm ar gach patrún. Chuirtí dath ar an olann ansin le creatáil ó na creigeacha. Bhí go leor oibre le déanamh ag Gracie le cuidiú lena máthair. | |
Pósadh | Pósadh iad thíos i nDroim Eochaille (taobh thíos de Mhainéar Uí Chuinneagáin) in 1974. Ní raibh báinseacha móra ar bith ann an t-am sin. Chuaigh thart ar 30 acu i ndiaidh na bainise go hóstán Uí Fhrighil i Ráth Bhoth, d’fhan siad ansin cúpla lá. Bhí a máthair ina cónaí leo i gcónaí. Tá sí marbh anois le dhá bhliain. | |
An Óige agus Aois | Caint ghinearálta ar a hóige. Scoil na gCruach agus a hóige, ag obair i Monarchan i mBaile Átha Cliath, ag déanamh geansaithe sa bhaile do Chlann Uí Chinnéide sna Gleannta le airgead a shaothrú, cniotáil agus damhsa. | |
Soláthairtí don Fhaire | Nósanna ag faire - oirtheáil, tobac agus snaoisín. | |
Cleamhnas | Cleamhnas agus bainiseacha. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Aontaí | Chreid go leor daoine sna pisreoga am amháin, oíche Bhealtaine, ag cur píosaí de chrann caorthainn sa charn aolaigh agus ansin os cionn doras an bhóithigh san áit a raibh an bhó. Maide briste agus aibhleoga faoin doras. Chonaic sí an seansaol uilig ach níl rudaí mar a gcéanna anois. Lá Aonach an Bhrocaigh anois agus cúpla bean ann ag taispeáint an dóigh le him a bhualadh. | |
Aontaí Cáiliúla | Aonach an Bhrocaigh ar an 25 Lúnasa | |
Siopaí | Siopaí sa cheantar fadó. | |
Scaipeadh Nuachta agus Eolais | An chéad raidió a bhí acu ar na Cruacha, ag comharsa a bhí sé. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Bunadh na gCruach, as Tír Eoghain a tháinig siad, beirt saighdiúirí a bhí iontu. Na clanna uilig ar na Cruacha. Tháinig an tromlach acu as Tír Eoghain agus cuid acu as Co. Liatroma. |
|
An Teach Cónaithe | An trealamh a bhí acu sna tithe ceann tuí. | |
Tógáil Tí | Nuair a d’fhág sí féin an baile. Casadh a fear uirthi nuair a bhí sé sa bhaile ar saoire. Rinne sé féin an chuid is mó den obair ar an teach. Ba leis féin an talamh a tógadh an teach air. | |
An Teach Cónaithe | Na cineálacha tithe a bhíodh acu, tithe ceann tuí, tithe seascaire, na seomraí a bhí iontu. | |
Bunadh na hÁite | Bunadh na gCruach, na chéad daoine ar na Cruacha, ba bheirt saighdiúirí as Baile na Finne iad. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Easláinte agus Aicídí | Luibheanna. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Ainmneacha na gCruach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | Ní raibh a máthair ag fáil mórán pinsin, 16 scilling agus rinne sí cuid mhór ime agus choinnigh sí cearca. Cuntas ar an phróiseas maistreadh le cuinneog agus loinne. Bhíodh sí ag cniotáil fosta. Ní raibh a sláinte iontach maith corr uair agus b’éigean do Ghracie fanacht fan bhaile. | |
Spailpíní | Fostú - an óige nuair a bhíodh siad ag imeacht ar fostú. | |
Bochtaineacht agus Saibhreas | Easpa leictreachais sna Cruacha fadó. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Lá Bealtaine | Pisreoga |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ag Bualadh an Cheoil | Ceol agus caitheamh aimsire. Pisreoga |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Nósanna agus Piseoga | Nósanna ag tithe faire, nuair a gheobhadh bean bás nó fear bás. Chuirtí siad suas braillíní bána ar chúl na leapa. Nuair a fuair a huncail bás, sa tráthnóna cuireadh culaith dhonn air sular cuireadh sa chonair é, léine bhán a bhí air go dtí sin nuair a bhí sé sa leaba. Bhí snaoisín, toitíní agus tae roimh am paidrín. Bhí scaiftí móra ag na fairí. Bhíodh na daoine óga ag cuardach toitíní. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer