Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Sorcha Nic Aoidh | ![]() |
Áit Chónaithe: | Dobhar, An Bun Beag, An Bun Beag, Gaoth Dobhair. | |
Áit Dúchais: | Rann na Feirste |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | Stair na monarcha, cairpéid a rinneadh ar dtús inti. Bhí aintín Sarah ag obair ansin. Druideadh sin agus thosaigh siad ag déanamh síoda. Bhí Sarah ar scoil fán am sin. Mhair sin cúpla bliain gur druideadh arís í. Ansin thosaigh na bábóga. In 1979 d’imigh cuid acu 'na Screabáin, an lá a tháinig an Pápa go hÉirinn. | |
Cóineartú | Ag dul chuig an Easpaig, am an chogaidh a bhí ann. Ar bhádaí ó ché Neddie Frank, ní raibh carranna acu, bhí peitreal gann. Siar go Cionn Caslach ag an Easpag. Bhí 40 acu ann. Thug an tArd-mháistir i Rann na Feirste isteach fá choinne tae iad, Séamus Ó Domhnaill ab ainm dó. | |
Obair | Thosaigh sí ag obair i monarcha Chroithlí in 1945, bhí tréan oibre inti an t-am sin. Go leor daoine ag obair ansin. Ag rothaíocht chun na hoibre. Ag fuáil ar an inneall. Mícheál Ó Bulger an bainisteoir a bhí aici. Cur síos ar an obair, lóid ag imeacht achan tráthnóna. Na huaireanta oibre a bhí aici. D’oibríodh sí Satharn fosta corruair. Bhí páighe de 15 scilling aici. Bhí sí 15 bliana d’aois ag an am. D’ardaigh an pháighe de réir ama. | |
Obair | Bábóga Chroithlí, an cineál a rinne siad. Dhíoltaí thart fríd an domhan iad. Chaith sí 10 mbliana ag obair ansin go dtí 1955 nuair a pósadh í. Ní raibh cead aici obair tar éis a pósta. Bhí moll daoine ag teacht isteach lena gceannacht, bhí siopa ansin fosta. Bhí a fear céile ag obair sa mhonarcha fosta. Bhí luach de £2 10 scilling ar na bábóga ag an am sin. | |
Caidreamh Sóisialta | Seanchas Halla Dhobhair. Bhí siopa ann ag Conall Ó Fearraigh as an Luinnigh ar dtús. Nuair a dhruid an siopa tar éis tamaill, shocraigh cúpla fear an siopa a cheannach ó Chonall. A fear céile, Pádraig, Charlie Hughie Phaidí, Paidí Charlie Jimmy, Micí Mhainy agus John Charlie Mhicí na fir a cheannaigh é. Thosaigh siad a reáchtáil cluichí ‘whist’ i dteach ar dtús agus i halla ansin. Bhí tine fhoscailte ann, baineadh amach an clár (counter). Bhí siad ag iarraidh airgead a chruinniú leis na cluichí ‘whist’ le píosa a chur leis an halla. PJD (Patrick J. Doherty) a chóirigh an halla. Críochnaithe in 1971 nó 1972. Thosaigh damhsaí ansin, bhí an banna istigh ann fosta ag cleachtadh. Bhí halla breá ann. D’oscail an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa (Mary Mc Aleese) halla úr ar 30 Márta 2006. Tá ríomhairí agus púl ann. Is maith an rud é. | |
Obair | Thosaigh an mhonarcha in 1940, thosaigh a fear céile, Patrick, ag obair ann in 1942. Nuair a pósadh í ba ghnáth léi obair a dhéanamh sa bhaile, ag fuáil sa tráthnóna agus san oíche. Dhéanadh sí £6 nó £7 corruair sa tseachtain. Bhí Patrick ag obair ansin go dtí 1979, seo tús le druidim na monarchan. D’fhág cuid acu ar dtús agus ansin scaifte eile acu, fuair siad poist ar an Screabán ar an Eastát i nGaoth Dobhair. Dhíol siad na hinnill agus an t-éadach, bhí a fear a dhéanamh seo, bhí sé ar dhuine de na daoine deireanacha leis an áit a fhágáil. Thosaigh 'Nuvotem' ina dhiaidh sin. Lucht oifige atá ann anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bia agus Deoch | Ganntanas i dtaca le plúr, tae, éadach agus bróga i rith am an chogaidh. Bhí cúpóin acu. Plúr dubh a bhí acu agus bhí sé doiligh a ithe. Bhí a gcuid ime féin acu, bhí eallach acu fosta. Ní raibh milseáin ar bith le fáil, bhí toitíní gann fosta. Théadh siad ó shiopa go siopa ag cuardach earraí. Bhí 2 shiopa i Rann na Feirste. Bhíodh tae agus milseáin le lucht na Coláiste Gaeilge nuair a tháinig siad. Bhí an Margadh Dubh (Black Market) ag dul san am sin, £1 ar phunt tae. 'White Horse' an t-ainm a bhí ar na toitíní a bhí le fáil. | |
Bia agus Deoch | Ní raibh uisce reatha ná leictreachas sna tithe acu. Uisce a tharraingt as an tobar, fiú nuair a bhí lucht na Gaeilge aici. Na béilí agus na hamanna a bhíodh siad ann. [Tá briseadh sa téip ó thaobh A go taobh B] An bia a bhíodh acu agus amanna na mbéilí. Na soithí a bhíodh acu fosta. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Teangacha á labhairt in Éirinn | Choinnigh sí scoláirí Gaeilge agus choinnigh a máthair fosta. Thug sin traidhfil maith airgid chuig an cheantar. Ní raibh a leath oiread coinníollacha i gceist san am sin, choinnigh siad uimhreacha móra, méid seomraí 7rl. Tháinig rialacha úra amach ansin. Stad a máthair de bheith á gcoinneáil nuair a d’fhág Sarah. Tagann cuid acu ar ais go fóill ag Sarah ar cuairt. Téann cuid de scaifte Rann na Feirste go Gaoth Dobhair anois, níl go leor spáis acu i Rann na Feirste. Daoine ón Tuaisceart is mó a bhíodh ag teacht. | |
Tubaistí Áitiúla | Tragóid Bhaile Mhanais (10 a' chlog oíche Luain, 10 Meitheamh 1943) – chaill fear amháin triúr mac, chaill moll acu cúpla duine den teaghlach (19 ina n-iomlán). Shéid mianach suas, tháinig siad isteach ón fharraige i mBaile Mhanais. Tháinig cúpla duine slán. Tógadh leacht i Mullach Dubh. Bhí boinn airgid ag fear amháin ina phóca, cham an pléascadh iad. Cuireadh cuid acu i gCionn Caslach agus cuid acu in Anagaire. Cluineadh an trup a fhad le Leitir Ceanainn. Ní raibh a fhios acu cad é a tharla go lá arna mhárach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oíche Fhéile Bríde | Oíche Fhéile Bríde, na nósanna a bhaineann leis an oíche sin. Dá mbíodh Bríd sa teach, théadh sí amach agus théadh sí thart ar an teach. Déanann Sarah í féin seo go fóill tigh a mic. An ramás a deir sí “Gabh ar bhur nglúine ...” Fágann sí bratóg amach go maidin. Sábhálann an bhratóg thú ó thubaistí, toirneach, 7rl. Comharsa di a dhéanann crosóg Bhríde di. | |
Míonna na Bliana | Nósanna a bhaineann le míonna áirithe den bhliain. Mí Feabhra, Márta (aimsir, an bhó riabhach), Mí Mheithimh (mí na Féile Eoin), Iúil (mí na súl buí), Lúnasa (mí na Féile Muire). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Damhsa | Caitheamh aimsire: Ag dul chuig damhsaí. Ní raibh modh iompair ar bith acu, chaitheadh siad siúil nó rothaíocht. Ag dul go Dún Lúiche, Mullach Dubh, Anagaire. Na bannaí ceoil a bhíodh ag na damhsaí. Bhíodh muintir na háite ag bualadh ceoil sna hallaí go minic san am sin. | |
Ceiliúradh agus Caitheamh Aimsire | Oíche a ghoid siad curach le dul go Machaire Loisc. Casadh beirt bhuachaillí orthu oíche amháin ag siúl ar an trá, thóg siad leo curach. Chuaigh siad isteach sa churach ach thiontaigh fear acu an curach. Bhí siad uilig fliuch báite. B’éigean dóibh éadach tirim a thabhairt do na stócaigh le dul 'na bhaile ó Ghaoth Dobhair go Rann na Feirste. Ragairneacht fán bhaile a bhí siad. | |
Ceiliúradh agus Caitheamh Aimsire | An oíche a bhris siad prios nuair a bhí siad ag imirt 'dallóga'. Shocraigh siad prios a bhí i dteach eile, an cineál céanna, a thógáil ón teach eile agus á chur ina áit. Thart fá 1947 a bhí, bhí drochshiocán ann. Nuair a tháinig bunadh an tí eile ar ais (bhí siad ar shiúl ar laethanta saoire), shocraigh siad scéal a chumadh le míniúchán a thabhairt i dtaca leis an ghloine bhriste sa phrios. | |
Damhsa | Ní raibh ólachán ná drugaí ná a leithéid ar fáil san am sin. Ní raibh cead ag mná dul isteach sna tithe leanna. D’fhágadh siad an teach ar 9 a' chlog, thosaíodh an damhsa sa halla thart ar 10. Banna ceoil. Na damhsaí a bhíodh acu, ‘ladies choice’. Nuair a stad na hallaí, ní raibh an greann céanna acu. Bhíodh troid ann achan oíche. Tháinig athrú ansin leis na tithe tábhairne. Ní raibh hallaí ann ní ba mhó. Síleann Sarah go ndearna an t-ólachán dochar don áit. | |
Damhsa | Caitheamh aimsire nuair a bhí sí óg. Théadh siad isteach ag céilithe lucht na Gaeilge. Bhíodh cumha orthu nuair a d’imíodh siad arís. Damhsaí ag ceann an bhealaigh le daoine ó Ghaoth Dobhair, Croithlí agus Anagaire, ag damhsa ar an bhealach mhór. Bhain siad taitneamh iontach as an tsaol. Ní raibh mar atá anois le hólachán agus mar sin de. Ní raibh mná ag dul isteach sna tithe leanna ag an am, measann sí gur le teacht na teilifíse a d’athraigh rudaí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Siopaí | Bhí siopa in aice leo ach tá sé druidte anois. Níl siopaí ar bith ar an bhaile anois. A cuimhne ar an tsiopa, sheasadh sí isteach d'fhear an tsiopa nuair a théadh sé amach, Paidí Thaidhg, bhí busanna acu fosta ina dhiaidh sin. | |
Iompar Nua-Aimseartha | An chéad charr i Rann na Feirste. Ag Brianaí Dhonnchaidh a bhí sé. James Sharkey in oifig an phoist fosta. Ned Chonaill agus Dan (bhí carranna agus leoraí acu seo), Brianaí Ghráinne (deartháir John), bhí leoraí aige, ba ghnách leis a bheith ag iompar mónadh go Baile Suingean (St. Johnston). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | Rugadh Sarah i Rann na Feirste i mí na Samhna. Chuaigh sí 'na scoile i Rann na Feirste. Ag dul faoi láimh an Easpaig (Cóineartú), an Teagasc Críostaí uilig le foghlaim acu. Bunadh a clainne, tá siad muinteartha de chlann Mhic Grianna (na scríbhneoirí). | |
An Óige agus Aois | Nuair a tháinig leictreachas in 1955. Lampaí "tilly" a bhíodh acu roimhe sin. Ag teacht isteach san oíche sa dorchadas i ndiaidh an damhsa. Oíche amháin chuaigh sí isteach, bhuail sí in éadan buicéad tornapaí. Na raidiónna a bhí acu, bhí cinn acu sular tháinig leictreachas, chaití iad a thabhairt 'na gharáiste lena luchtú. Chonaic sí athrú mór, solas taobh amuigh agus taobh istigh le cnaipe. | |
Pósadh | Lá a pósta: pósadh in Anagaire í ar 10 an chlog ar maidin. Bhí sé iontach difriúil ón dóigh a mbíonn anois. Bhí dinnéar sa bhaile acu lena muintir agus le comharsan. D’imigh siad ar mhí na mealla go hAlbain ar bhád Dhoire. Chaith siad coicís ansin. Bhí Éireannaigh eile thall ag an am sin ag obair. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Toirneach agus Tintreach | In 1943, 4 Feabhra, ar 8 an chlog ar maidin, bhuail splanc shoilseach Teach Pobail an Anagaire. Lá Aonaigh an Chlocháin Léith a bhí ann. Bhuail sé an bheairic in Anagaire fosta. Buaileadh fear de na gardaí agus an foirgneamh. Bhí an tAifreann sa halla mór in Anagaire ar feadh tamaill. Chaitheadh daoine a bhí ag pósadh dul go teach pobail eile. Scriosadh teach an phobail. | |
Sioc | Aimsir shiocáin a mhair 6 seachtaine an t-am sin in 1947. Fuair cuid mhór eallach bás. Ní raibh carranna ar bith ann an t-am sin, ag siúl a bhí siad fríd na cuibhrinn. | |
Toirneach agus Tintreach | An lá a bhuail soilseach an mhonarcha, Lá Aonach Jack a bhí ann. Mhúch siad na meaisíní, bhuail soilseach ceann acu agus chuaigh sé trí thine. Scanraíodh iad uilig agus rith siad amach. Chuaigh sí isteach i dteach eile ar an bhaile, bhí siadsan ag rá an phaidrín. Chuaigh cuid eile go Teach Phaidí Óig. Shiúl an chuid is mó acu 'na bhaile, d’fhág siad na carranna. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer