Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Dónall Mac Daibhéid | |
Áit Chónaithe: | Cluain tSaileach, Na Dúnaibh, Na Dúnaibh, Leitir Ceanainn. | |
Áit Dúchais: | Cluain tSaileach, Na Dúnaibh |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Spailpíní | D’fhág sé an scoil ag 14 bliana d’aois, ansin chuaigh sé ar fhostú sa chomharsanacht. D’imigh sé go hAlbain agus é 18 mbliana d’aois agus bhíodh sé ag toghadh phreátaí. Théadh siad anonn ar bhád Dhoire, bhí an bád garbh. Na coinníollacha a bhí acu, ina luí i mbóithigh an eallaigh. Bhíodh leoraí i nGlaschú lena dtabhairt go Ayrshire. Cur síos ar an am sin. Chaitheadh siad a bheith ina suí luath ar maidin ar an 5 a chlog. Bhí aithne aige ar ghirseach a chaill cúpla deartháir sa tragóid a tharla in Kirkintilloch nuair a thosaigh tine a mharaigh deichniúr. An dóigh ar tharla sin. An pháighe s'acu agus na huaireanta oibre, bhí sornóga (stoves) acu lena gcuid a dhéanamh. Bhí an obair crua. |
|
Spailpíní | Bhog sé go feirm eile ansin áit ar oibrigh sé le biatas, ní raibh mórán páighe ann ach oiread. Ag tascóireacht (piecework). Ag fanacht i mbothaí, bhí luchóga móra ann fosta. Chaith sé seal ansin ag obair sna mianaigh guail i Fife, cur síos air sin. Tháinig sé 'na bhaile sa deireadh lena athair. |
|
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Scéal faoi chailleach an Chorráin nach raibh ábalta a cíos a dhíol – mharaigh sí agus a mac giolla an tiarna a bhí ag tógáil cíosa. Chuir siad é ach ghlac an chailleach an corp agus chuir sí gabhar ina áit. Nuair a tháinig a dhaoine a chuartú, thug an mac amach iad le taispeáint dóibh cá háit ar cuireadh an corp ach ní raibh a dhath le feiceáil acu ach adharca an ghabhair agus bhain siad na bonnaí as. | |
Obair | Thosaigh sé ag obair le Mc Nutt ar na Dúnaibh ar feadh 5 bliana ar an tseol, £1 a fuair sé an chéad seachtain ach d’ardaigh sé ina dhiaidh sin. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh aige. Bhí sé ag saothrú £15 sa deireadh. | |
Spailpíní | D’imigh sé amach go Meiriceá chuig a uncail. Go Nua-Eabhrac a chuaigh sé. Chuaigh a uncail go Meiriceá le linn Spealladh Mór Mheiriceá agus ní raibh sé ábalta obair a fháil, d’fhan sé ag comharsa dá chuid a bhí ansin ar feadh bliana gan a dhath. Bhí drocham ann an t-am sin. Ach nuair a chuaigh Dónall é féin amach, d’fhan sé lena uncail. Bhí cumhaidh air amuigh ansin. Bhí sé ag obair in otharlann agus casadh a bhean air ansin. | |
Spailpíní | Nuair a d’imigh Dónall, d’imigh a lán daoine eile ón áit, chuaigh roinnt acu go Philadelphia ach chaithfeadh dhuine eile a bheith amuigh ansin leat. Níor chaill sé an Ghaeilge choíche. Bhí am iontach aige, idir obair agus caitheamh aimsire, damhsaí agus peil. | |
Obair | Bhí ochtar ina chlann agus d’imigh siad go hAlbain, Sasana agus Meiriceá de réir a chéile. Thosaigh Danny ag obair i monarcha fíodóireachta Mc Nutts ar na Dúnaibh ar feadh 5 bliana. Tháinig a uncail ansin ar ais as Meiriceá agus bhí sé ag iarraidh ar Danny a dhul go Meiriceá. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Seanchas a theaghlaigh. Ba as Fánaid garathair Danny, Dónall Ó Gallchóir, agus ba é a thiomáin an bád a thug na fir anall as Fánaid nuair a mharaigh siad an Tiarna Liatroma. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Sióga | Sióga – chuala Danny na sióga ag ceol agus ag ceiliúradh nuair a bhí sé ag buachailleacht agus é ina ghasúr. Scéal eile faoi fhir a bhí ag déanamh poitín agus tháinig gasúr beag le comhairle a thabhairt dóibh go raibh na gardaí ag teacht. Scéal eile faoi lá a chonaic Danny agus a chara gasúr beag ag siúl le cois an chladaigh agus chuir sé troid orthu agus d’imigh sé isteach sa chrann. |
|
Sióga | Scéal sí, bearach a cailleadh leis an bhinn tráthnóna amháin agus nuair a chuaigh Dónall síos le feiceáil cad é a tharla, bhí gáire, ceol agus damhsa thart fá dtaobh de cé nach bhfaca sé aon duine acu, na sióga a bhí ann. Scéal sí eile a d’inis fear dó fá dtaobh den oíche a bhí siad ag déanamh poitín ar bhruach na farraige agus tháinig gasúr beag le hinse daofa go raibh na gardaí ar an bhealach. Níor thug siad aird ar bith air cé gur chur sé iontas orthu é a bheith ansin fan am sin oíche ar bharr na binne. D’éist siad leis sa deireadh agus chruinnigh siad suas an trealamh. Ní raibh siad i bhfad ar shiúl gur tháinig na gardaí. Chreid daoine go láidir sna sióga an t-am sin. Scéal eile faoina mháthair féin agus bean eile ag teacht 'na bhaile tráthnóna amháin agus chuala siad beithígh iag rith thart ach ní raibh a dhath le feiceáil. Beithígh sí a bhí iontu. Deirtí gur an buachalán buí na beithígh a bhí acu. Tá crainn agus áiteanna uaisle ann nár cheart baint daofa. Bhí na sióga iontach coitianta sa cheantar an t-am sin. Deirtí go gcoinníodh cloigín theach an phobail ar shiúl iad. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Prátaí | Ba ghnách leo an talamh uilig a rómhair le spáid agus leas siad na cuibhrinn le leas farraige. An obair a rinne siad, ag cur preátaí. | |
Iascaireacht | A óige, bhí ochtar sa teaghlach agus bhí saol crua acu. Iascaire a bhí ina athair. A athair ar bhád darbh ainm an Daylight Star. Scéalta óna athair, le linn a chuid iascaireachta ar an oíche a rugadh é féin, fuair a athair a chupa léite agus insíodh dó go mbeadh ceiliúradh ina theach an oíche sin. Scéal eile faoi thaibhse báid a chonaic sé oíche amháin i ndiaidh Lag na hUilleann a fhágáil. An oíche sin, bhí mianach i gceann de na heangacha a thóg siad. | |
Iascaireacht | Bhí a mháthair sa bhaile le hochtar páistí nuair a d'imigh a athair ag iascaireacht, bhíodh sé ag teacht isteach le lastaí scadán agus bhíodh siad á ndíol ar an ché agus fríd an tír le hasal agus carr. Sa gheimhreadh ansin, shailleadh a athair na scadáin le bheith ann i rith an gheimhridh. Bhí préataí, tornapaí agus cál s'acu féin acu fosta, bhí a sáith le hithe acu i rith an gheimhridh. Ní raibh mórán oibre ná airgead ann. Chuidíodh a colceathar léi nuair a bhí a hathair ar shiúl. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Amhránaíocht | Ba cheoltóir maith é Danny ach tháinig meath ar a chuid ceoil. Bhain sé sult mór as. | |
Amhránaíocht | Chum a dheirfiúr Máire Shearer atá ina cónaí anois in Oileán Orkney amhrán faoi na Dúnaibh, a cuimhní ar an áit. An t-amhrán á rá ag Danny. | |
Amhránaíocht | Danny ag ceol amhráin – “Old Skibbereen” i nGaeilge, amhrán a cumadh faoi dhíshealbhú. | |
Amhránaíocht | Scríobhadh amhrán faoin bhád ‘The Daylight Star’, an chéad véarsa de seo. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | Ag pilleadh 'na bhaile ar saoire ar dtús agus ansin le fanacht. Athrach mór le feiceáil sa bhaile leis na tithe uilig a tógadh, milleadh an áit. Níl tithe ceann tuí ar bith ann. |
|
Filí | Dán eile á rá ag Danny, cnoc atá ar chúl a thí, “The Bogs of Gáinne Mór” (Silver mountain). | |
Imirce | D’imigh sé go Meiriceá, go Nua-Eabhrac. Chuaigh col ceathar agus a dheirfiúr leis go Leitir Ceanainn agus ansin chaith sé seachtain i mBaile Átha Cliath ag fáil scrúdú sláinte lena víosa a fháil. Fuair sé eitilt as sin go Meiriceá. 1957. Bhuail a uncail leis nuair a shroich sé Nua-Eabhrac. Fuair Danny post ag obair i siopa éadaí agus chaith sé cúpla bliain ag obair ansin. Ina dhiaidh sin, fuair sé post in otharlann agus Éireannaigh uilig a bhí ag obair ina chuideachta. Bhí sé ag obair mar theiripeoir ceirde. Ina dhiaidh sin d’oibrigh sé mar fhear cothabhála agus chaith sé blianta ag obair ansin. | |
Imirce | Ansin bhog sé suas go Bostún agus bhí feirm 6 acra aige ansin. Bhí sé fós ag obair mar fhear cothabhála, d'aistrigh sé jab. | |
Imirce | Tháinig sé féin agus a bhean 'na bhaile ar thuras ach ní raibh mórán dúil aige ann ar dtús. Bhí athrach mór ar an áit. Níor labhair Danny Gaeilge ar bith ó d’imigh sé anonn go Meiriceá agus b’éigean dó í a phiocadh suas arís. Ach nuair a chuaigh sé ar ais go Meiriceá, bhí cumha air i ndiaidh an bhaile agus bhí áit geallta ag a aintín dó. Phill sé 'na bhaile ansin agus thóg se teach i gCluain tSalach ag taobh an tí inar tógadh é. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Nádúr agus Mothúcháin an Duine | Scéal beag faoi bhosca airgid a fuair Danny nuair a bhí sé ag déanamh obair shlándála. Thug Danny bosca an airgid ar ais don fhear ar leis é agus thaispeáin sin don chomhlacht “Safeway Security” a ionraic agus a bhí Danny. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer