Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Proinsias Ó Dubhgáin | |
Áit Chónaithe: | Doire Leac Chonaill, An Dúchoraidh, Leitir Ceanainn. | |
Áit Dúchais: | Doire Leac Chonaill |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Bunadh na háite a bhí ina gcónaí i nDoire Leac Chonaill agus mar a d’imigh cuid acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Aibhneacha agus Srutháin | Ba leis na tiarnaí talún abhainn Ghaoth Barra ach sa bhliain 1900, thug trí fhear , Máistir Ceallaigh, Pádraig Ó Domhnaill agus Ó Scanlóin cás dlí in éadan an Tiarna Cunningham le cearta a fháil ar an abhainn. Níl móran bradáin san abhainn anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | Iascaireacht ar abhainn Ghaoth Barra faoi láthair. Daoine ag troid an dlí le iascaireacht le slat. | |
Ag Cniotáil agus ag Déanamh Lása | Mná ag siúl sa na Rosann ag iompair a gcuid cliotála roimhe seo sula raibh Droichead Ghaoth Barra ann. Ni raibh trácht ar na bealaigh san am sin, ag siúl a bhíodh na daoine nó ag úsáid beithíoch agus carr. Dhíoladh siad an chliotáil sna Gleannta le Campbells agus Mc Devitts. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Sagairt | Scéal faoi shagart a chuaigh isteach i dteach ag duine a bhí i mbéal an bháis |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Teangacha á labhairt in Éirinn | Meath na Gaeilge, an Ghaeilge agus mar atá sí ag Francie. Gaeilge uilig a labhair siad i gcónaí, fiú nuair a bhí sé ag iascaireacht. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Siopaí | Siopa ag dul thart ag díol earraí, as an Choimín a thagadh sé. | |
Iompar Nua-Aimseartha | Droichead Ghaoth Barra - nuair a tógadh é i 1895. Na fir a bhí ag obair air. Rinneadh athchóiriú air i mí Lúnasa, 1948. 'Irish Harbour' an comhlacht a bhí ag obair air agus obair láimhe uilig a bhí i gceist. Ghlac sé ceithre bliana. | |
Cosáin agus Bóithre | Seanchas Burton - thóg an fear seo cé Ailt an Chorráin agus bealaí móra. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Naoimh | Stair agus seanchas Naomh Chonaill. Rugadh in Inis Caoill é agus tharla achrann idir é féin agus a athair (deirtear gur mharaigh sé a athair) agus shnámh le fhad le Gaoth Barra. Leigheas atá in Tobar Chonaill. Turas Chonaill (chodlaidh Naomh Conaill é féin anseo ar feadh bliain agus lá) |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Logainmneacha: Doire Leac Chonaill, tugtar Abhainn na Marbh air agus an míniú ar an ainm. Cath Fhearsaid Mhór a troideadh le taobh Leitir Ceanainn agus an slad a rinne fir ‘Cromwell’ ar fhir na Rossa agus Ghaoth Dobhair le taobh an bhothóg bheag a thóg a athair i nDoire Leac Chonaill. Tugann daoine na háite ‘Abhainn Na Marbh’ ar an cheantar sin anois. | |
Logainmneacha | Míniú ar an ainm Doire Leac Chonaill. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | An obair a bhí le déanamh ina óige aige. Iascaireacht san oíche. Bhí sé ag saothrú £80 sa bhliain. An obair a bhí le déanamh leis an eallach, leis an fhéar agus leis an mhóin. | |
Obair | A athair - an obair a bhíodh se ag déanamh. Chaith sé seal ag obair i Sasana. Ansin d'oibir sé ar halla damhsa Bhaile na Finne nuair a tógadh í. D'oscail sí i 1950. Obair cloiche agus adhmadóirecahta is mó a rinne seisean. Tá cairéal acu anois, eibhear liath agus grianchloch. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | Teach an tSiocáin a thóg an Tiarna Cunningham ar abhainn na Dúchoradh ar eagla go rachadh barraiocht bradáin isteach sna leapacha. | |
Spailpíní | Bhí se in Albain ag obair le Carmichael i 1954. Tháinig sé na bhaile tamall nuair a bhí a athair tinn agus d'imigh sé ar ais nuair a fuair a athair bás. B'éigean do pilleadh na bhaile ag a mháthair siocar an obair a bhí le déanamh sa bhaile aici. An pá a bhí aige thall, bhí an obair crua agus mí-fholláin ag obair le stoighin. Cur síos ar an obair a rinne sé agus an dochar a rinne sé dó. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ceoltóirí | Seanchas Bhanna Ceoil na nDúchoraidh ar bhuail Francie leo. Bunaíodh iad in 1959 agus ní raibh mórán airgid acu. Bhuaigh siad cúpla duais. Bhí fear darbh ainm Peadar Mc Geehan a dtraenáil. Bhí beirt fhear eile, Tommy Mc Cready agus Jamsie Mc Geehan ag teagasc na n-uirlisí dóibh. Halla na nDúchoraidh agus na damhsaí a bhíodh acu, bhíodh ceann ann gach mí agus banna ceoil na Murrays a bhíodh ag buaileadh, bhíodh siad ag cruinniú airgid don bhanna. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | A óige agus scéal fá mar a bhog an teaghlach amach go ceantar iargúlta i dtús mí na Bealtaine agus chónaíodh siad ansin ar feadh cúpla mi. Ba athrach don eallach (buailteachas) an chúis a ba chúis le seo. Thóg a athair teach beag ar thalamh caoráin a d’úsáid said sa tSamhradh. Cur síos ar an teach a bhí siad ina gcónaí ann. Ní raibh d’earraí le ceannach ach tae agus siúcra, bhí gach rud eile acu féin. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer