Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | John McLaughlin | ![]() |
Áit Chónaithe: | Gleann Domhain, Mín an Lábáin, , Leitir Ceanainn. | |
Áit Dúchais: | Gleann Domhain, Mín an Lábáin |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Colm Cille | Colm Cille: Tairngreachtaí agus mallachtaí Naomh Cholm Cille. Ag baint na móna – bheifí in ainm steip a fhágáil ag deireadh an bhruaigh go dtiocfadh le Colm Cille a fháil amach ón chaorán. Ag cur do stocaí ort sula chuir tú do chuid bróg ort. Tairngreachtaí faoin aimsir – nach mbeadh mórán difir idir an samhradh agus an gheimhreadh, ach amháin na crainn |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Amhránaíocht | Amhrán - The Hills around Glendowan (Gleann Domhain) | |
Amhránaíocht | Amhrán – Gan Ainm ach b'fhéidir faoin ainm The Hills of Glen Swilly. Ag imeacht ó Ghleann Súilí, imirce, an ceoltóir ag súil go mbeadh sé ar ais i nDún na nGall sa todhchaí | |
Amhránaíocht | Amhrán - The Mountains of Old Donegal | |
Amhránaíocht | Amhrán - Tír Chonaill’s Lovely Glens | |
Amhránaíocht | Amhrán - Caisleán de na nDeor. | |
Amhránaíocht | Amhrán - The Cottage in Glendowan (Gleann Domhain) |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Gaol Sóisialta agus Teaghlaigh | John Charles curtha in aithne. Rugadh ar An Srath Mór, Gleann Domhain é sa sean teach tógtha i lár an 19ú aois leis a athair mór. Bhí oifig an phoist sa teach sin. Bhí gaeilge iontach maith ag a mháthair mhór. | |
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | I ndiaidh díshealbhuithe ón eastát Dhoire Bheatha, níor tháinig daoine go dtí an áit le socrú. Bhí an tiarna talún i ndiaidh John George Adair níos fearr. Tháinig an tAcht Tionónta agus Tiarna Talún isteach fosta le cearta a thabhairt do thionóntaí. Tá fianaise ann go fóill go raibh daoine ina gcónaí ansin – tá bothóga fhód, ballaí cloiche, claiseanna cloiche agus iomairí na bprátaí le feiceáil. Tá thart fá 2000 acra ar an eastát Ghleann Domhain. Tá claí ar an imeall thart an eastát (imfhál) fá choinne na fianna. Téann an claí thar Dhún Lúiche agus Chró Nimhe |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Díshealbhuithe Áitiúla | Bhí an t-eastát Dhoire Bheatha (na ceantair thar Loch Beara, An Dúchoraidh agus Loch Gartáin san áireamh) faoi úinéireacht John George Adair. De réir an scéil bhí 46 teaghlach díshealbhaithe ar lá amháin, suas le 10 duine in uile ceann. An chuid is mó o mhuintir Mhic Suibhne, clann Uí Dhochartaigh agus an chlann Mhic A’ Bháird. D’imigh léir mór daoine go dtí an Astráil ar phasáiste cuidithe (assisted passage). Chuaigh daoine níos aosta chuig teach na mbocht. Bhí Coirnéal Mhic Unfraidh (Humphrey) ina thiarna talún ar an eastát Ghleann Domhain. | |
Filí | An cumadóir Mickey McGinley / Mick McGinley (Mícheál Mac Fhionnghaile). Chum sé an t-amhrán ‘The Hills of Glen Swilly’. Bhí sé ina chónaí ansin agus nuair a bhí sé ní ba óige, thaisteal sé go Meiriceá agus an Nua Shéalainn. Chum fear eile darbh ainm James Bán / Seán Bán Mac Lochlainn na hamhráin ‘Lovely Old Fintown’ agus ‘Lovely Green Gaoth Dobhair’ faoin am a bhí an tAthair Mhic Pháidín agus na tríoblóidí talaimh ar siúl. Chum se na ‘Drumbo martyrs’, faoin eachtra a tharlú sa Chogadh Cathartha | |
Díshealbhuithe Áitiúla | An ról a bhí ag báillí. Bhí fear darbh ainm Mac Muireadhaigh (McMurray) as Albain ina bháille ar an eastát Dhoire Bheatha. Thug sé caoirigh “Blackfeet” don eastát ó Albain. Chiontaigh sé tionóntaí gur ghoid siad caoirigh. Bhí sé dúnmharaithe ach ní raibh aon duine faighte freagrach don rud. Ach bhí na tionóntaí pionósaithe ar bhealach mar gheall ar díshealbhuithe a tharlú ina dhiaidh sin. Bhí aibhéardaí (land agent) darbh ainm Grayson lámhachta uair amháin eile. | |
Díshealbhuithe Áitiúla | Cur síos ar na díshealbhaithe Dhoire Bheatha – bhí an chéad duine curtha amach baintreach mná darbh ainm Mac A’ Bháird. Leis an choscairt a fuair sí, fuair sí bás níos faide sa lá sin. Bhí báille darbh ainm Stíobhard (Stewart) ar an eastát Belbin/Bulbin. Chas Stíobhard le John George Adair taobh amuigh den teach cúirte i Mín an Lábáin uair amháin agus bhí geall acu. Shocraigh siad gurbh é Stíobhard an duine ní ba mheasa mar, thar thréimhse níos faide chur Stíobhard níos mó daoine amach (dhíshealbhaigh sé) ná Adair. Tharla an rud céanna in Albain – sna Garbhchríocha bhí léir mór daoine díshealbhaithe agus caoirigh smúr-riabhacha curtha ina n-áit ar an talamh. Bhí saol ní ba chrua acu ina dhiaidh leis a gcuid a shaothrú cois farraige. Ní raibh Acht Tionónta agus Tiarna Talún acu ach oiread. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iompar Nua-Aimseartha | An sean Iarnróid Súilí – chuaigh an sean traein ó Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn. Ní dheachaigh sí fríd aon baile mór ach bhí stáisiúin beaga in áiteanna cosúil le Min an Lábáin nó bailte fearann cosúil le Foxhall. De réir máthair John Charles, bhíodh mórán daoine difriúil ar an traein, léir mór as Gaoth Dobhair. Craic iontach a bhí ann, le daoine ag ceol agus ag canadh. Ag an am céanna, fiú san am i láthair tá an píosa Dhún na nGall ar an taobh thiar de Leitir Ceanainn imeallach agus doshroichte, níl na modhanna taistil ró-mhaith. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ceoltóirí | Bhí banna ceoil ag John nuair a bhí sé ar an scoil agus sheinneadh siad i nGort an Choirce, i nDoire Beaga, ag óstán in Cnoc Fola, ar An Ghlaiseach agus ar fud Ghaoth Dobhair. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer