Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Donnchadh Ó Laighin | |
Áit Chónaithe: | ||
Áit Dúchais: | An Caiseal, Cill Charthaigh |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | Rugadh ar an Chaiseal é, chuaigh sé na scoile i gCill Chartha agus b'í an iascaireacht an slí beatha a ba mhó a bhí ag muintir Cill Chartha. Iascaireacht an chéad obair a thosaigh Donnchadh uirthi ar fhágáil na scoile do. | |
Iascaireacht | Iascaireacht - Ag saothrú á mbeatha ar bhradáin agus ar scadáin. Cur síos ar an dóigh a théadh siad i mbun iascaireachta, líonta ar £5 agus trealamh eile le ceannach. | |
Iascaireacht | Am an iascaireachta agus na cineálacha éisc a bhíodh siad ag tarraingt isteach. Bhí bunadh Nolan ag ceannach an éisc. | |
Iascaireacht | Meath ar an iascaireacht. In 1983 dhíol sé a bhád, níorbh fhiú dóibh na líonta a chur amach níos mó. Níl oiread scadáin le fáil níos mó, cur síos ar an fáth le seo as siocar nach raibh na scadáin ábalta fáil isteach na cuaine leis na báid mhóra a bhí san fharragie. | |
Seanchas faoin Iascaireacht | Pisreoga ag baint leis an iascaireacht. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oilithreacht | Naomh Cartha a thug a ainm do Cill Chartha. Tháinig se féin agus Naomh Ciarán le chéile . Cur síos ar na turais -turas Chartha agus turas Chiaráin a dhéantar i mí Mhárta chuig na tobair - bheannaithe (tobar Mháire agus tobar Chonaill) atá ann. Seanchas an sean teach an phobail i gCill Chartha. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Filí | Ag caint ar dhánta a scríobh sé. | |
Filí | Dán - 'Tobar Phádraig'. Dán a scríobh sé féin faoi Thobar bheannaithe atá ar an bhaile. | |
Filí | A bhean céile Anna Marie (Ní Ghallchobhair) ag rá dán faoi bhean darbh ainm Nóra Mhic Giolla Chearra a fuair bás. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Logainmneacha | |
Logainmneacha | Leabhair a scríobh sé féin agus a bhean céile, 'An Bealach go Dún Ulún', faoi logainmneacha na háite, cúpla píosa filíochta ann le cois scéalta agus amhráin. Tá an leabhair in úsáid in scoileanna agus coláistí. | |
Amhránaíocht | Amhrán a rá ag Donnachadh darbh ainm 'Cuan Tamhnaigh'. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ainmhithe ar Díol | Aonach na Carraige, bhíodh go leor daoine ag tógáil caorach agus á ndíol ag an aonach. | |
Báid agus Longa | Tógáil bád, báid a tógadh agus ceann a bhí aige féin fosta. | |
Scaipeadh Nuachta agus Eolais | Tá a chuid saothair le fáil ar dhlúthdhiosca agus leabhair. | |
Gnó agus Tráchtáil | Tionscal cniotála a bhunaigh sé féin agus a bhean nuair a cuireadh deireadh leis an iascaireacht. Chuir siad fostaíocht go leor ar fáil do dhaoine agus dhíol siad an t-ábhar ar fud na hEorpa agus in Meiriceá fosta. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Cuartaíocht/Airneál | Teach airneáil a bhí sa teach inár tógadh é. 'City House' a thugtaí air. Bhíodh go leor scéalta á n-insint ann. | |
Spailpíní | D'imigh moll den aos óg ag an am céanna nuair a bhí sé ina ghasúr óg go Meiriceá, Sasana agus Albain. Phill siad na bhaile de réir ama agus anois tagann an grúpa céanna le chéile go rialta. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer