Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Brianaí Mac Gairbheith | ![]() |
Áit Chónaithe: | An Cheathrúin, Gort an Choirce, Gort an Choirce, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | An Charraig |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Cúrsaí Ceoil | Caitheamh Aimsire, ag caint ar cheol. | |
Peil | Caitheamh Aimsire: Peil, cluichí peile thíos i Machaire Gathláin, bhí foireann mhaith ag Gaoth Dobhair, d'imir Bernard Coyle, Huidí Beag, Jim Nóra (Mc Fadden) agus Eoghan Éamoinn daofa. | |
Ceiliúradh agus Caitheamh Aimsire | Caitheamh Aimsire, ragaireacht nuair a bhí sé óg, scéalta faoi na cleasa a d'imir siad. Bainne ramhar agus croc bhainne, Denis Doogan agus cuinneog bhainne. Baint mhóna do Joe Boyd. Poitín. Halla Simon ag cros Bhun na Leaca. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Amhránaíocht | Caint ar amhráin, athair a bhí ag foghlaim amhrán dá mhac agus é ar leaba an bháis: 'Caroline of Edinburgh Town' agus 'Two Lovers Discussion'. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ainmhithe, Beithígh agus Eallach | A óige, as Gaoth Dobhair ó dhúchas, chuaigh sé go Scoil na Luinnigh, bhí sé ag buachailleacht faoin Dúbhaidh agus ag déanamh eadra roimh a dhul ar scoil dó. | |
Ceirdeanna agus Cothú an Tí | Ag teacht 'na bhaile, athrú mór ar rudaí i ndiaidh oiread ama a chaitheadh thall i Sasana. | |
Deochanna Meisciúla | Scéal faoi phoitín. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | Ag imeacht go Manchain ag obair i dtolláin, bhí Charlie Curran leis. Droch-tholláin a bhí iontu, cloch/carraig sclátaí ag titim isteach, daoine gortaithe go minic agus cnámha briste. | |
Imirce | D'imigh se go 'Falkirk', d'oibrigh se le Wimpy ansin tamall, an cineál céanna oibre, timpiste a tharla sa tollán. Scéal faoi 'Horse Mc Bride'. | |
Imirce | Stáisiúin Chumhachta, obair ar scafaill go minic, go leor daoine gortaithe fosta. 7 nó 8 mbliana ansin, nuair a tháinig sé 'na bhaile nuair a fuair a mháthair mhór bás, chonaic sé daoine a d'oibrigh leis agus drochbhaill orthu, d'athraigh sé a chuid oibre ansin nuair a chuaigh sé ar ais. | |
Imirce | Ag imeacht go hAlbain, nuair a chríochnaigh sé ar an Lagán in 1944, nuair a chríochnaigh an cogadh. Bhí sé ag obair in Fife le feirmeoirí, bhí daoine ón bhaile ansin fosta agus iad ina gcónaí i mbotaithe. Bhí scéal aige fosta fá thaibhse sa bhotaí. | |
Imirce | Am an chogaidh thall i Sasana, ní dheachaigh siad go 'Public Works' le hobair a fháil ar eagla go dtógtaí isteach san arm iad. | |
Imirce | Ag imeacht go Sasana, 'Northampton' agus 'Coventry' ar dtús ag obair ar scéim tithíochta, obair thógála. | |
Imirce | Ag imeacht go York ag obair i monarcha 'beet', cur síos ar a chuid ama anseo agus ar an obair a bhíodh le déanamh acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Foirm agus Cuma ar na Sióga | sióga, bhí sruthán fá Dhroim an Chaisil, chonaic Brianaí sióga ar charraig ansin nuair a bhí sé ag buachailleacht. | |
Taibhsí i bhfoirm Duine | Scéalta faoi thaibhsí, Billy Antoin Rosie a tháinig 'na bhaile ó Shasana a chonaic taibhse fir a raibh aithne aige air. Ned Pháidí Sheáin fear eile a chonaic taibhse tigh Chonaill John, bean a bhí inti. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Scoltacha Náisiúnta | Ag gabháil 'na scoile, a chuimhní ar an am sin. Bhí fuath aige ar an scoil. Ba iad Eddie Campbell, Minnie Campbell agus Eoghan Coyle na múinteoirí a bhí ann. Cur síos ar a am ar scoil agus ar an chleasaíocht a bhíodh ar siúl acu. Ag tabhairt fód móna 'na scoile. | |
Spailpíní | Ag fágáil na scoile, ag imeacht ón Lagán ar an bhus go Leitir Ceanainn ar dtús ansin ar fostú i dTír Eoghain. D'fhág sé an baile i ngan fhios dá mháthair an t-am sin. Cur síos ar an obair ansin, cearca, caoirigh, eallach, go leor talaimh ann agus siopa beag fosta. | |
Obair | Scéimeanna HidriLeictreach, an obair ansin, bhí daoine ón bhaile ann fosta - Simon Mór Diver, Jack Rua Harkin, Eoghan Mhánuis, Tom Mc Bride. D'oibrigh sé do Carmichael agus bhí an pháighe measartha maith ag an am ach ní raibh an campa maith. Scéalta faoin saoiste. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An tAos Óg | Scéal faoina óige agus faoin chleasaíocht a bhíodh ar siúl acu. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer