Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Jimí Ó Gallchóir | |
Áit Chónaithe: | Caiseal na gCorr, Gort an Choirce, Gort an Choirce, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Caiseal na gCorr |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Seanráiteas - 'cíos agus gearradh agus beithíoch sa cheárta'. Ba ghnách leo sin a rá fadó le cur síos ar an méid airgid a caitheadh i rith na bliana agus ar an méid a bhí fágtha ag deireadh na bliana. | |
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Seanfhocail. Go leor seanfhocal agus nathanna cainte aige anseo - ruóg, feamhnóga, tonnóg (uachtar an chléibh ar an asal), ainmhí a thabhairt chun caidire (amach ar fhéar nuair atá siad ag fáil bháis), le biseach a dhéanamh daofa. | |
Seanfhocail agus Nathanna Cainte | Seanfhocail-2. Seanfhocail agus nathanna cainte - sluidín (giota slata as faoi na feamhnóga), cnead (ainmhí tinn, gan anall a bheith leis), rideal (in úsáid le coirce le réiteach leis an tsalachar, lochan a shéidtí ar shiúl. Caithleach a thugtaí air seo.) |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Teach Cónaithe | An t-athrach a tháinig le leictreachas. Tháinig athrach mór ar an tsaol nuair a tháinig an leictreachas. Tá i bhfad níos lú oibre le déanamh anois ná mar a bhíodh an t-am sin. Tá airgead, solas, uisce agus meaisíní níocháin ann anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | Bunadh a mhuintire. Tháinig bunadh a mhuintire as Dún Lúiche thart fá Ionad Cois Locha. Ba de mhuintir Anna Ní Ghráinne (táilliúir) a mháthair mhór. Tá cuid den dream thart fá Chois Cladaigh go fóill. | |
Teangacha á labhairt in Éirinn | Meath na Gaeilge. Ag caint ar an mheath atá tagtha ar an Ghaeilge - An tionchar atá ag stráinséirí ag teacht isteach sa cheantar ar an teanga. An Béarla flúirseach. | |
Imirce | Daoine ag imeacht ar imirce, Droichead na nDeor. Ba ghnách le daoine siúl chuige sin leis na daoine a bhíodh ag imeacht ar imirce agus scarfadh siad ansin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Reiligí Áitiúla | Seanchas ar theach pobal agus reilig Ghort an Choirce - an chéad duine a cuireadh sa tseanreilig. | |
Nádúr agus Mothúcháin an Duine | An dóigh ar chaith sé a shaol agus an sult a bhain sé as. | |
An Tórramh | An cosán a ghlactaí le coirp fadó. Nuair a bhíodh corp ag teacht as Dún Lúiche go Gort an Choirce, thugtaí anuas chuig Teach an Gheafta i bhFán an Bhuí é. Bhí ceangal láidir idir Dún Lúiche agus Caiseal na gCorr. Carr agus beithíoch a d'úsáid siad san am. Bhíodh na daoine ar dhroim bheithígh agus an chónair ar an charr. | |
Freastal ar an Fhaire | Na nósanna a bhíodh acu ag fairí fadó; ag díol coirce, ina suí ó oíche go maidin le cuideachta a choinneáil le chéile. | |
An Óige agus Aois | A óige agus an saol ansin. An saol mar a bhí ina óige. Rugadh agus tógadh i gCaiseal na gCorr é. Bhí saol simplí ach crua acu. Cur síos ar oícheanta airneáin agus ar an fhear léannta a léadh na páipéir do na seandaoine uilig. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Spailpíní | Ag imeacht go hAlbain. Cur síos ar an tsaol a bhí aige thall agus é in Albain. D'oibrigh sé ar fheirmeoireacht in Albain in 1949, bhí an obair fairsing. D'imigh se ansin go Londain agus bhí sé ag déanamh obair thógála ag an aerfort. | |
Éadach Úr | Ag fáil éadaí ón táilliúr. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Treabhadh agus Rómhar | An t-earrach agus obair ar an talamh. | |
Prátaí | Ag scoilteadh na bpréataí, cur síos maith ar obair thalaimh - treabhadh, fuirseadh agus ag cur na bpréataí, scoilteáin agus ag sábháil an fhéir. | |
Snaoisín | Ag caint ar na mná ag caitheamh snaoisín agus píopaí. | |
Tuíodóireacht | Na cineálacha tithe a bhíodh acu agus ag cur tuí orthu. Tithe ceanntuí, cineálacha tí a bhí ann, cuntas speisialta maith ar chur tuí ar na tithe agus ar shábháil an líon a d'úsáidtí le tuí a chur ar na tithe. | |
Muca | Ag tabhairt aire de na muca. | |
Uainíocht Bhliantúil na mBarr | Ag obair sa bhaile ag cur barr. Nuair a d'fhág sé an scoil, rinne sé píosa feirmeoireachta, ag curaíocht. Insint mhaith ag Jimmy ar chur an bhairr agus ar na dátaí a gcuirtí na prátaí agus an coirce. Baint na móna fosta. Dhíoltaí na prátaí i Rann na Feirste, Anagaire, Mín an Chladaigh agus Gaoth Dobhair. | |
Beithígh | Ag úsáid an bheithígh ag curaíocht. Cur síos maith ar an charr agus ar an bheithíoch agus ar an trealamh uilig a bhí ann fána choinne. Bhí fear as Cill Ulta ag déanamh na gcarranna ag an am ar £12. | |
Ceirdeanna agus Cothú an Tí | Athrach mór tagtha ar an tsaol, an obair a bhíodh á déanamh acu, an t-éadach a chaití agus an táilliúr a bhí thall in Edinburgh. | |
Uainíocht Bhliantúil na mBarr | Am agus dátaí le haghaidh na curaíochta. An t-am is fearr le treabhadh, prátaí (scoilteáin) agus coirce a chur. | |
Prátaí | Ag cur prátaí agus ag cur leasú agus clúdach orthu. | |
Móin | Nathanna cainte a bhaineann leis an phortach. Cur síos maith ar oibriú na móna. Ag lomadh bachtaí, ag páráil, ag tiontú (an mhóin a stálú). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Aontaí | Aontaí sa cheantar - Aonach Robertson ar na Crosbhealaigh, Aonach Ghort an Choirce agus Aonach an Chraoslaigh. Ag díol eallaigh agus muc. | |
Iompar Nua-Aimseartha | Stáisiún Traenach Chaiseal na gCorr. A chuimhne ar an stáisiún traenach a bhí i gCaiseal na gCorr. Fosclaíodh í in 1903. D'imigh a lán daoine ar an traein ag dul ar imirce. Brainse de chuid na Sasana a bhí inti, 'Lough Swilly Railway', leis an t-iasc a thabhairt ar shiúl ó Ailt a Chorráin go Doire agus go Sasana. Cuireadh tús le scéim na móna ag tús na 1940idí, tugadh móin amach chun na Lagáin agus tugadh cochán isteach. Bhí seo ag dul ar aghaidh i rith an dara cogaidh. Bhítí ag baint na móna ó Mhín na Craoibhe go Prochlais agus á tabhairt ar shiúl. | |
Iompar Nua-Aimseartha | A chuimhne ar an chéad bhus i nGort an Choirce. Ní raibh sé ach ag teacht go 'Bedlam' ar dtús agus ba ghnách leo fanacht i dteach in Bedlam taobh thiar den droichead. | |
Iompar Nua-Aimseartha | Stáisiún Chaiseal na gCorr, a chuimhne agus stair an stáisiúin, ag tabhairt ar shiúl móna agus agus ag tabhairt isteach cocháin. Ba 'Hectric Máistir' an Stáisiúin a bhí ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Cineálacha Aimsire | Athrach atá tagtha ar an aimsir. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer