Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Seosamh Mac Suibhne | |
Áit Chónaithe: | Bun na Leaca, Bun an Leaca, Gaoth Dobhair. | |
Áit Dúchais: | Faoi Chnoc, Cnoc Fola |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Scéalta Grinn | Na chéad daoine a chónaí Faoi Chnoc, triúr cónaitheoirí a bhíodh ann; Eoghan Crua, Tarlach Bacach agus Páidí Chi. Scéal grinn faoi thaibhse Pháidí. | |
Amhránaíocht | Na pisreoga a bhain le fairí agus leis na marbh. Chreid na daoine go mór an t-am sin go dtiocfadh spioraid agus taibhsí ar ais. Seo an rud a bhí Oíche na Marbh fá dtaobh de. Mná caointe ag caoineadh an mharbháin, chuireadh siad eagla ort. Drandán a bhí acu. Bhí fear ar an bhaile a cheol amhrán thar chorp a mhná nuair a fuair sí bás. | |
Scéalta Grinn | Tuarastal le díol leis an tsagart, an tAthair Mc Groarty a bhí ann, scéal grinn fá seo. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Tórramh | A chuimhne ar thabhairt na gcorp go reilig Mhachaire Gathlán i mBaile Bhrianaí. | |
An Faire | Mná caointe agus cleasaíocht i dtithe faire. | |
An Faire | Nósanna sa tsean-am, fairí agus bás, caoineadh an mharbháin agus mná caointe, cur síos ar na cleasanna a bhíodh acu i ndiaidh an phaidrín. An Carghas. | |
An Óige agus Aois | An greann a bhí acu ar an scoil. Ranganna Béarla agus scéalta grinn i measc na scoláirí. | |
Nádúr agus Mothúcháin an Duine | An saol maith a bhí ag na daoine anseo an t-am sin, greann agus carthanacht, daoine ag brath ar a chéile agus ag cuidiú lena chéile. Scéal grinn faoin chéad chlog. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | Am an chogaidh thall, an pá a fuair siad. Obair fhairsing, fir ar shiúl sa chogadh agus daoine ag teitheadh. | |
Imirce | An cineál saoil a bhíodh acu thall , obair chrua, obair le tornapaí agus le coirce, uaireanta fada agus an lóistín a bhí acu. | |
Imirce | A uncail Niall Ó Fearraigh a chuaigh ‘an Lagáin, cheannaigh sé carr beithígh agus clog ansin. Carr láidir a bhí ann agus bhíodh sé ag iompar lódaí do dhaoine eile fosta. Bhí deirfiúr aige fosta a d’imigh go Meiriceá, bhí sé féin óg ag an am ach tá cuimhne aige air sin. Fuair bean acu bás in Nashville in 2005. An oíche sular imigh siad, bhí na comharsana cruinnithe agus bhíodh oíche ceoil agus damhsa acu. Bhíodh an tseanmhuintir ag meas nach bpilleadh an mhuintir óg arís. As staisiún Ghaoth Dobhair a d’imíodh siad. |
|
Stair an Teaghlaigh | A mhuintir, a thuismitheoirí agus an saol a chaith siad, gan scolaíocht, Bhéarla ná léann, coinníodh sa bhaile iad le hobair a dhéanamh. Bhí a uncail ag obair ar an Lagán. | |
Imirce | American Wake - d’imigh beirt deirfiúracha Sheosaimh go Meiriceá nuair a bhí Seosamh 6 nó 7 mbliana d’aois agus bhí oíche mhór ceoil & damhsa sa teach go maidin. D’imigh siad ó stáisiún traenach Ghaoth Dobhair. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Mhaighdean Mhara | Sparán na maighdeana mara (Sparán na sióg) – thugtaí seo ar sparán a dhéantaí as rúta leathach dubh. | |
An Mhaighdean Mhara | Scéal beag faoin mhaighdean mhara atá sa tseanchas. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Móin | Scéim bhaint na móna faoin Chomhairle Contae. Thug sé obair agus airgead chuig an cheantar an t-am sin, bhí óg agus aosta á dhéanamh agus bhí go leor calláin san áit. Measann sé go ndearna druidim stáisiúin na móna dochar mór don cheantar. Thosaigh an aos óg ag imeacht áiteanna eile ansin le hobair a fháil. An dóigh ar tosaíodh ar scéim na móna. Thosaíodh siad ag obair ar an mhóin go luath ar a 6 ar maidin agus chríochnaíodh siad mall tráthnóna. Chuirtí tús leis an obair i mí Márta. Ní raibh na portaigh silte, bhí siad iontach fliuch. Thug sé isteach airgead ag an am. |
|
Seanchas faoi na Ba | Daoine ag teacht ó Mhín Doire leis an eallach, leigheas don chrupán. | |
Treabhadh agus Rómhar | Ag rómhar agus ag obair ar an talamh. Obair spáide a bhí ann agus bhí achan duine á dhéanamh. De réir a chéile, tosaíodh ag obair le seisreach agus beithígh. Níl sin á dhéanamh anois. Bhí a lán den obair le déanamh ag na mná nuair a d’imíodh na fir go hAlbain. |
|
Ceirdeanna agus Cothú an Tí | A chuimhní ina ghasúr óg fán chladach. Ag bordáil leathaigh san earrach le cliabh agus le hasal, scáth bhuí. Cur síos maith ar an obair seo uilig, feamnóg, miasóg, sabhán, slata mara agus ag dó ceilpe faoi na beanna. Obair mhaslach a bhí ann agus fuair siad £10 an tonna. | |
Seanchas faoi Bhlí na mBó | Ag déanamh eadra roimh scoil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Sagart | Scéal as Mín an Locha faoi Hiúdaí Thoraigh agus an sagart. Bhí barra aige agus bhíodh sé ag coimhéad cuid dhaoine eile fosta. Bhí préataí aige féin agus lá amháin tháinig an sagart agus é ag moladh a raibh ag Hiúdaí. Thug Hiúdaí freagra gasta air. | |
Spailpíní | D’imigh sé anonn chuig a dheartháir in Albain nuair a bhí sé 16 bliana d’aois in 1937. Bhí an obair furast go leor a fháil. Bhí fear eile leis darbh ainm John Simon. Go Northumberland a chuaigh Joe ar dtús agus chuaigh John go Fifeshire. Tháinig John anall arís nuair a fuair a athair bás agus ina dhiaidh sin d’imigh sé go Meiriceá. Fuair sé bás go hóg thall i Meiriceá. Anonn ar bhád Dhoire a chuaigh siad, bhí sí garbh ach ba chuma leo, bhí lúcháir orthu a bheith uirthi. Bhíodh an t-eallach ar an bhád fosta. Bhíodh daoine ólta ann agus bhíodh siad ag troid. Scéal faoina uncail féin agus fear eile ag troid ar an bhád, nuair a shroich siad Albain fuair siad jab le chéile. |
|
Cleachtas Scoile | An Saol san am sin gan léann. | |
An Sagart | Scéal grinn fá Pháidí Thoraí agus an sagart. | |
Obair | Thosaigh sé ar obair fheirmeoireachta san fhómhair. Bhí beithíoch agus carr aige fosta. Bhí obair chrua ann. Bhí airgead maith le saothrú le hobair an bhiatais, mhaireadh an obair sin mí agus ansin bhí obair le tornapaí le déanamh. Bhí díoga le glanadh sa gheimhreadh agus fálta le gearradh. Tascóireacht uilig a bhí ansin. Bhí dualgas orthu a dhul san airm dá mbeadh siad thall ar feadh roinnt blianta. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | Ag gabháil 'na scoile, an dá scoil a bhí ann, druideadh an tseanscoil agus tógadh ceann úr in 1934. An tAthair Mc Groarty a bhí ann agus Charlie Mc Monagle an múinteoir a bhí ann. | |
An Eaglais Chaitliceach | A chuimhne ar thógáil Theach pobail Bhun na Leaca. Bhí sé ag obair ar dhéanamh na reilige. Thug daoine airgead agus bhí gach duine páirteach sa tógáil. Bhí go leor obair láimhe i gceist leis. An tAthair Mc Groarty an sagart paróiste a bhí ann an t-am sin. | |
Spailpíní | Na coinníollacha a bhíodh acu, bhí earraí gann go leor le linn an chogaidh ach dá mbítí ag obair ar thalamh, bhí dlí speisialta ann daofa, bhíodh siad ábalta níos mó d’achan rud a fháil. I mbotaí a bhíodh siad ina gcónaí. Tháinig sé 'na bhaile cúpla uair le linn na mblianta. £2 sa tseachtain an pá a bhí aige ar dtús nuair a chuaigh sé anonn. | |
Cleachtas Scoile | Ag fágáil na scoile agus ag imeacht chun an Lagáin nuair a bhí sé 14 bliana déag, ag caint ar pháistí eile a bhíodh ar fostú sa cheantar ag an aois sin agus ansin d'imeodh siad chun an Lagáin nuair a d'fhágtaí an scoil. An drocham a bhíodh ag cuid acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Éanlaith | An Fiach Dubh - ‘raven’. Deirtear go bhfuil tusicint daonna acu. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer