Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Mary Browne | ![]() |
Áit Chónaithe: | An tArd Leathan (An Ailt Leathan), An Clochán, An Clochán, Leifear. | |
Áit Dúchais: | Mín Ghiolla Charraigh, An Clochán |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comharthaí Báis | Comharthaí eile báis - ag feiceáil solais go mall san oíche, scairt coiligh idir meán oíche agus a haon a chlog, cnag ar an doras agus gan aon duine ansin. | |
Mallachtaí | Teach a máthair mhór, scéal faoin fhear agus a bhean a bhí ina gcónaí ann ag déanamh poitín. Nuair a fuair an fear bás, díbríodh a bhean as an teach agus bádh san abhainn í. Chuir sí mallacht ar an teach. | |
Mallachtaí | Mallachtaí. Má chuireann tú mallacht ar dhuine, titeann trian ort féin, trian ar an duine ar chur tú an mhallacht air agus trian ar na crainn. | |
Comharthaí Báis | Comharthaí báis: caoineadh na mná sí roimh bhás duine le Ó nó Mac ina ainm. Scéal faoi bhean a fuair bás agus cluineadh an bhean sí roimh ré. Scéal faoi fhear céile Mary a chuala an caoineadh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comparáidí idir na Glúnta | Athruithe móra a tháinig ar an tsaol. Níl obair talaimh chomh mór anois agus a bhíodh sé, táthar ag ceannacht phréataí, níl duine ar bith ag gearradh féir ná ag obair le speal níos mó. Na tithe a bhíodh acu, créafóg ar an urlár, tine ar an urlár, cupóg (as slatacha saileoige) le préataí a bhruith. Ag iompar uibheacha chun an tsiopa le díol. Beithíoch agus carr ag teacht uair sa tseachtain le hearraí a dhíol. | |
Cleamhnas | Cleamhnas: seanchas maith óna cuimhne ar chleamhnas a rinneadh do chailín a raibh aithne aici uirthi. Spré a thugtaí do chailín nuair a phóstaí í. Scéalta faoi dhéanamh an chleamhnais. | |
Cleamhnas | An Gobán Saor – scéal iontach maith faoin ghobán saor. Athair a rinne cleamhnas idir a mhac agus bean sa chomharsanacht. An idirghabháil a rinne bean an ghobáin le daoine sa chomharsanacht ina dhiaidh sin. | |
An Faire | Mná caointe ag fairí fadó. Cur síos ar an dóigh a leagtaí amach na coirp agus an t-éadach a bhíodh orthu. An caoineadh truacánta a bhí acu, cineál de cheol. An bia agus rudaí a chuireadh siad thart ag fairí. | |
An Óige agus Aois | A hóige agus a cúlra, tógadh i Mín an Achaire í go raibh sí 8 mbliana d'aois nuair a fuair a máthair mhór bás. Ba as Cnoc, toabh amuigh de Bhealach Féidh a hathair. Cur síos ar an dóigh ar fhág sí an baile agus í 9 mbliana d'aois, chónaí sí lena huncail agus a bhean. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ag Cniotáil agus ag Déanamh Lása | Cniotáil – seanchas maith ar thionscal na cniotála. Giosáin, stocaí agus geansaithe. Dhíol sí a cuid cniotála leis na Cinnéidigh as Ard an Rátha. Ghlacadh sé trí lá uirthi geansaí a chríochnú. Sníomh agus cardáil. | |
Eacnamaíocht an Teaghlaigh | D'éirigh a fear céile tinn, cur síos ar an dóigh a bhfuair siad an fheirm agus an teach atá acu. D'imigh sí go Meiriceá leis an airgead a shaothrú. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Cuartaíocht/Airneál | Oícheanta airneáin a bhíodh acu fadó. Ní raibh teilifís ná raidió acu, bhíodh siad ag ceol agus ag damhsa agus ag inse scéalta. Bhíodh préataí bruite ann don tsuipéar. | |
Obair | An t-éadach a bhíodh orthu, máirtíní agus sciortaí go talamh. Cur síos maith ar an obair a rinne siad le holann, cardáil agus sníomh. Campaí a bhíodh acu. Bhí bean amháin ar an bhaile a raibh seol aici agus théadh siad go léir go dtí an teach seo. Damhsa ag deireadh an lae nuair a bhíodh an obair déanta. | |
Obair | D'oibir sí go crua i rith a saoil. An cineál oibre a bhíodh sí a dhéanamh, móin agus árbhar. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Teach Cónaithe | Teach trasna uaithi inar chónaigh fear, a bhean chéile agus a hathair. Scéal faoin teach beag a thóg sé le cónaí leis féin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comharthaí Aimsire | Comharthaí aimsire ó na hainmhithe: an cat agus fearthainn nó stoirm an madadh ag ithe féir, sin comhartha fearthainne, na préacháin agus gaoth mhór na caoirigh agus stoirm an ghráinneog fhéir – tagann sí amach ar an chéad lá de mhí Feabhra ach má fheiceann sí a scáil leis na ghrian, rachaidh sí isteach agus ní thagann sí amach arís ar feadh 10 seachtaine & rl. Séideán sí. |
|
Luibheanna | Luibheanna - báchrán fá choinne glanadh na fola, planda don bhuíochán, leigheasanna agus luibheanna eile. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Sióga | Áiteacha uaisle agus scéalta faoi na sióga. Leacacha a tógadh i bpáirc amháin agus fuair moll daoine bás. Bean a tháinig ar cuairt chuig a máthair mhór. Bean a tháínig ar cuairt chuig beirt deartháireacha a bhí ag troid faoi thalamh. |
|
Taibhsí | Scéal taibhse faoi Susie Mór Ó hEarainn. Fear a bhí ag iarraidh imeacht go Meiriceá agus a bhí ag cuartú iasacht airgid, Mícheál Rua Ó hEarainn b'ainm dó. | |
Taibhsí | Tuilleadh scéalta faoi thaibhsí. Fear a bhí ina luí sa leaba a chonaic taibhse. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | Tógadh lena máthair mhór í, an cineál saoil a bhí ansin. Eallach agus cniotáil. Ní raibh pinsean ar bith le fáil san am sin. Bhí a hathair mór marbh agus bhí aintín di ar fostú i nGleann Domhain. Shaothraigh siad airgead ar an chniotáil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Easláinte agus Aicídí | Leigheasanna: snaidhm na péiste, leigheas atá aici do chasadh sa phutóg (an dóigh ar fhoghlaim sí é) agus an dóigh lena dhéanamh ar ainmhí nó ar dhuine. An phaidir le rá fosta. Scéal faoi fhear a bhí san otharlann ag cuartú leighis. | |
Easláinte agus Aicídí | Leigheasanna eile d'ainmhithe. D'aithníodh sí aicíd orthu nuair a bhíodh sí ag obair leo tamall fada. Scéal faoi leigheas a rinne sí d'uan. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer