Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Páidí Ó Briain | |
Áit Chónaithe: | Mín an Chladaigh, Mín Lárach, Cloch Cheann Fhaola. | |
Áit Dúchais: | Mín an Chladaigh |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Cuartaíocht/Airneál | Oícheanta airneáin - potaí préataí agus brúitín. Bhíodh spunógaí leis na daoine iad féin. Bhíodh préataí acu fosta Oíche na Mairbh. | |
| Spailpíní | Scéal fá mar a shaothraigh Paidí an t-airgead, £3, a thug go hAlbain é. Ag imirt chártaí a bhí sé i Mín Lárach. Chuireadh sé airgead na bhaile le cuidiú leo, ní raiibh airgead ar bith eile sa bhaile san am. | |
| Obair | Ag obair leis an mhóin nuair a phill sé na bhaile agus a díol ag stáisiún Mhín na Cuinge. Cur síos ar an obair a bhí ar siúl aige. | |
| Obair | Ní raibh airgead mór a shaothrú. Cur síos ar seo nuair a bhí sé thall in Sasana, am crua ach bhí dúil aige ann. | |
| Obair | curaíocht an talún agus an saothar a bhain leis. Ag rómhair agus ag baint choirce. | |
| Obair | Ag caint ar mhaistreadh bainne agus ag déanamh aráin. Athrach ar an tsaol anois. Crochadh ar an tine. Cur síos ar cur tuí ar theach, bhí na tithe seascar. | |
| Múinteoirí Scoile | A chuimhne ar scoil Mhín an Chladaigh - Máistir Séan Mac Fhionnghaile, Cathal Ó Gallchóir, Gráinne Nic Giolla Bhríghde, Nóra Beag Ó Gallchóir. Dá gcailleadh siad lá bhíodh na gardaí ag an teach. Níor fhoghlaim sé mórán ar an scoil agus ní raibh dúil aige ann. | |
| Na Scoltacha Náisiúnta | Scoil Mhín an Chladaigh agus ag dul faoi láimh an Easpaig. An Sagart Ó Baoill a bhí os cionn na scoileanna agus bhíodh léir Teagasc Críosta le foghlaim. | |
| Obair | Bothóga a bhíodh ag daoine. Ag cur phréataí agus barr. | |
| Na Scoltacha Náisiúnta | Scoltacha cois claí, ceann a bhí i Mín an Chladaigh. | |
| Na Scoltacha Náisiúnta | An chéad scoil i Mín an Chladaigh, Coláiste Bhríde, Máistir Mac Aoidh a bhí ann. | |
| Obair | Cónaí thíos cois cladaigh ar dtús agus a chuimhne ar áiteacha a raibh bothóga. Ag cur leas, scáth bhuí, ar an talamh. Bhí an talamh roinnte amach ar chúig phunta. Áit Leabach a thugtaí ar na píosaí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Logainmneacha | Logainmneacha - Scoilt Mhór, Poll an tSagairt, Scoilt Phaidí Oireachtaigh, An Chrig. | |
| Scéalaíocht | Comhrá cois tine a bhíodh ag na seandaoine, caint ar Pat The Cope anonn agus anall go hAlbain ag ceannach éadaigh. | |
| Logainmneacha | Logainmneacha - Leac Cáit, Port Uí Churráin, Áit Uí Bhaoighill, Leac hanlon, Bun na mBonnán. Seanchas faoin talamh a bhí ag Cáit. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Cleamhnas | An dóigh a dhéantái cleamhnas fadó. Chaitheadh an fear isteach a chóta go bpiocadh an bhean suas é. Cleamhnas agus crúth - cén cruth a bheadh le bean, scéal grinn faoi seo. | |
| Reiligí Áitiúla | Nósanna ag tithe faire, cochán ar an urlár, corp sínte amach, mná caointe, clog, madadh agus an áit a chuirtí éadach agus cláir na leapa an duine a fuair bás. An reilig i nGort an Choirce agus Tulacha Beigile roimhe seo. | |
| Reiligí Áitiúla | An chéad duine a cuireadh i reilig Ghort an Choirce. Girseach bheag de chlann Uí Churráin as Mín an Leá a bhí inti. | |
| Reiligí Áitiúla | Garadh Jackedy a thugtaí ar reilig Ghort an Choirce a thug fear darbh ainm Jack Sweeney dóibh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Stair an Teaghlaigh | A mhuintir, tógadh a athair i Mín an Chladaigh. Ba le Jimí Bhrianaí na dTurtóg an teach. Cur síos ar a dhaoine muinteartha agus a n-ainmneacha. Friel a b'ainm do mháthair, as Ros Goill, Fánaid. Pósadh thall i Dumbarton iad. | |
| Stair an Teaghlaigh | Cúlra a dhream. Tógadh é i Mín an Chladaigh. Shocair a mhuintir ansin i 1830. Cur síos ar a theaghlach agus an ceangal atá idir é féin agus clann Charlie Rosie in Inis Oirthear. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Oileáin | A chuimhní ar mhuintir Thoraí ag teacht amach ag baint mhóna. An saol ar an oileán agus an teach solais. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| An Teach Cónaithe | Na tithe a bhíodh ag na seandaoine. | |
| Bunadh na hÁite | Tháinig Clann Uí Bhriain as Co. an Chláir go Port Uí Churráin. Scéal faoin chéad fhear a chónaí i Mín an Chladaigh agus a chur dreasóg. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Báid agus Longa | Adhmad a tháinig isteach ar an fharraige am an chogaidh. | |
| Cosáin agus Bóithre | Cur síos ar na bealaí móra roimhe seo. | |
| Scaipeadh Nuachta agus Eolais | Athrach le raidió, ní raibh ach ceann amháin ar an bhaile am an chogaidh. Oícheanta airneáin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
|---|---|---|
| Nósanna agus Piseoga | Sean nósanna a bhíodh ann leis an am agus an aimsir a insint. Marcanna ar chloch, fionnadh an ghabhair, crucaidí agus an snag breac (magpie). | |
| Comharthaí Mí-Áidh | Pisreoga a bhíodh ag na seandaoine am na Sasanach. Poitín - an chéad chuid de a chaitheamh ag na sióga. Bean rua ag casadh leat. | |
| Nósanna agus Piseoga | Lá Aonaigh agus Achar an Dá Lá Dhéag. Cleamhnas ar na laetha seo. Troid na mbataí. Na sean nósanna a bhíodh acu. Lá Naomh Peadar agus Pól ar 29 Meitheamh. pisreoga eile - aibhleog a thógáil as an tine, píosa beag iarainn a bheith coisreactha leat. Fáinne a dhéanadh thart ort féin le thú a chosaint. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer