Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Séamus Mac Grianna | ![]() |
Áit Chónaithe: | Rann na Feirste, Rann na Feirste, Na Rosa. | |
Áit Dúchais: | Rann na Feirste |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | A óige agus a theaghlach – deirfiúracha agus deartháireacha. A athair ag obair in Albain. A chéad chuimhne ar an lá a chuaigh sé chun na scoile i Rann na Feirste agus é trí bliana go leith. Bhí triúr máistrí ann – beirt fhear agus bean. Bhí sé ansin go raibh sé 12 bhliain, ansin rinne sé an scrúdú (Teistiméireacht) agus fuair sé toradh maith. Chuaigh sé go Ceardscoil Loch an Iúir ar feadh dhá bhliain. Fuair a mháthair bás agus bhí a athair in Albain. Tháinig sé 'na bhaile. Níl mórán cuimhne aige ar an fhaire ná ar an tórramh. Chaith sé bliain sa bhaile. | |
Lonnú tar éis Pósadh | Thiocfadh sé 'na bhaile gach bliain ar saoire. Bhí a athair ina chónaí lena dheirfiúr. Bhí an seanteach sa bhaile le díol. Cheannaigh Jimí an teach agus chónaigh sé ann ar saoire go dtí gur phill sé. Bhí cuid de na páistí fásta (ina ndéagóirí) agus beirt eile a bhí 8 mbliana agus 2 bhliain d’aois. Luigh sé leis an ól tamall agus chaill sé a cheadúnas tiomána. Bhí brú air thall, shocraigh sé theacht 'na bhaile. Dhíol sé a theach thall in 1983. Chónaigh sé sa tseanteach ar dtús ach bhí sé i ndrochstaid. Thóg sé teach úr. | |
Comparáidí idir na Glúnta | Nuair a tháinig sé 'na bhaile ar dtús, bhí rudaí athraithe- an áit agus na daoine (bhí moll acu marbh). Ní raibh aithne aige ar mhórán. Rinne sé cairde úra ach ghlac sé trí nó ceithre bliana socrú sa bhaile arís. Shocraigh a bhean agus na páistí ar an toirt. Ní raibh Gaeilge ag a iníon is óige (8 mbliana a bhí sí) agus deacrachtaí aici socrú. Béarla is mó a bhí in úsáid acu cé gur labhair sé féin Gaeilge le daoine thall. Ní raibh trioblóid ná deacrachtaí ar bith ag an fhear ab óige – dhá bhliain go leith a bhí sé. D’fhoghlaim a bhean Gaeilge fosta ag ranganna oíche. Bhí scoláirí acu i rith an tsamhraidh. Tá sé breá sásta lena shaol anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Scéalaíocht | An leabhar a scríobh sé, an dóigh ar thosaigh sé á scríobh agus an dóigh ar tháinig an leabhar le chéile - nuair a bhí sé thall in Albain. Bhí an scéal bunaithe ar chúpla teaghlach suite i réimse ama 100–150 bliain ó shin. Am crua a bhí ann ach bhí daoine níos deise. Shíl sé gur am maith a bhí ann le scríobh faoi. Ghlac sé tamall air é a scríobh – nuair a bhí Michelle ar an ollscoil, chlóscríobh sí an leabhar dó. Scríofa sa chaighdeán a bhí aige ar an scoil cé go raibh an tSeanGhaeilge aige féin fosta. Tá sí críochnaithe anois. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | Scaipeadh na páistí uilig idir aintíní agus uncail. Ansin tugadh triúr acu go hAlbain leis an athair i ndiaidh bliain amháin ag obair leis na prátaí. Fágadh an fear b'óige agus na girseacha sa bhaile. Thaistil siad ó Dhoire go Béal Feirste go Stranraer. Bhí siad le scaifte fear, ban agus páistí – idir ceathracha agus caoga duine. Cuireadh isteach i scioból iad, rinne siad leapacha cocháin agus bhí áit amuigh le cócaireacht. D’oibrigh siad leis na prátaí. Cur síos ar obair na bprátaí, ag obair go luath ar maidin mar gur imigh na prátaí go Glaschú ar maidin ar leoraithe. Na huaireanta oibre. Ag dul ó fheirm go feirm in Ayrshire, Dumbartonshire, Lothian, Edinburgh agus Perth. D'oibrigh seisean dhá bhliain agus rinne a dheartháireacha tréimhse ní b’fhaide. | |
Filí | Jimí a' rá píosa dá chuid filíochta – seo an ceann a chum sé ar an phortach .i. 'Spéirbhean na Corrmhíne' (ar an Chorrmhín a bhí sé an lá sin ag obair). Chonaic sé frog, ní raibh a cheann féin chomh maith sin. Lig sé air féin gur ag caint leis an fhrog a bhí sé. | |
Imirce | An t-airgead nó an pháighe a fuair siad. Chruinníodh a athair an pháighe – thug seisean aire den airgead. An lóistín – ní botaithe ach sciobóil a bhí acu. Rinne siad neart cairde ó Éirinn – daoine as Maigh Eo agus Conamara. Dhéanadh a athair na béilí daofa- bhí go leor le hithe acu. | |
Stair an Teaghlaigh | Bunadh mhuintir Uí Ghrianna. Bhí suim ag Jimí i gcónaí i stair na háite agus a theaghlaigh. Bhí sé ag léamh i gcónaí. Tá leabhar scríofa aige agus cúpla píosa filíochta ach níl an leabhar i gcló go fóill. Scríbhneoirí clúiteacha a bhí iontu – Séamus agus Seosamh Mac Grianna. Seán Bán fosta – file agus ceoltóir maith. Dónall – aistriúchán agus leabhar scríofa aige. In 1736 tháinig Pádraig agus Seán go Rann na Feirste ar dtús, a dteaghlaigh. Clann Uí Dhomhnaill – phós siad isteach i gClann Mhic Grianna. Is ó mheascán den dá thaobh a tháinig an scríbhneoireacht. Micí Jimí Tharlaigh a athair (Micí Jimí Tharlaigh Phroinsias Hiúdaí Dhónaill Phádraig ‘ac Grianna). Caint ar an dá chlann agus na difríochtaí eatarthu. Bhí a athair cosúil le dream Phádraig. A mháthair ó chlann Sheáin – níos tugtha don scríbhneoireacht agus don fhilíocht. | |
Filí | Scríobh Jimí é féin filíocht. Chum sé filíocht agus amhráin i mBéarla nuair a bhí sé thall in Albain. Chum sé dán lá ar an phortach. Scríobh sé síos é nuair a chuaigh sé 'na bhaile. Rinne Michelle (iníon s’aige) Béal Binn leis an phíosa filíochta a scríobh sé. Bhí sí 11 bhliain agus fuair sí an chéad áit leis. Chum sé píosaí eile ina dhiaidh sin. Bhí fear as Béal Feirste ag iarraidh scannán a dhéanamh de phíosa agus bhí sé ag cuartú ceada ó Jimí. Úsáideadh píosa agus shínigh sé conradh leis an BBC le cead a bheith acu an píosa a úsáid. Nuair a bhí sé le bheith ar an teilifís, choimhéad sé air. Bhí sé ar siúl ar feadh 2uair agus bhí sé breá sásta leis. Fuair sé £60 ar achan trí soicind. Rinne an BBC scannán sa teach, fuair siad píosaí filíochta/scríbhneoireachta. Tá amhrán a chum sé ar théip. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | Ag imeacht go Glaschú, Oibreacha Poiblí. D’oibrigh sé le moll comhlachtaí – bhí lear oibre ann. Chuaigh sé go Tuaisceart na hAlban ansin – bhí obair hidrileictreach ann – dambaí agus tolláin. Uaireanta fada oibre. Bhog sé thart ansin ó áit go háit. Tolláin do chóras leictreachais – obair chrua, trom agus garbh. An trealamh a bhí acu, pléascanna. Beilt le ceallra do sholas ar an chlogad. Druileáil isteach sa charraig le meaisíní. Polladh, réabadh agus ag cartadh amach na carraige. Níor shíl sé ag an am go raibh sé contúirteach, thug siad uilig aire dá chéile. Chonaic sé daoine a gortaíodh. Ansin, bhí sé ag obair i nGlaschú sna tolláin. Ní thiocfadh leo obair ach 8 n-uaire an chloig. Aer comhbhrúite a bhí i dtolláin mhóra ansin. Fuair sé jab eile ansin ag déanamh tollán faoin fharraige. Chuaigh sé go Sasana agus an Bhreatain Bheag leo. In 1965, chas sé ar bhean agus pósadh é. | |
Obair | Casadh a bhean air agus pósadh é in 1965. Bhí teach ceannaithe i nGlaschú aige in 1964. Bhí sé ag obair i nGlaschú ag cur isteach píopaí/cáblaí le teilifís a chur i scoileanna. Bhí sé ag tiomáint an leoraí ar feadh cúpla bliain agus ansin rinneadh maor oibre de. Chaith sé 6 bliana ansin. Le comhlacht eile – píopaí leictreachais, gáis, srl. Mar mhaor oibre ansin agus i ndiaidh sin ina fhear feidhme [agent]. Sa deireadh, d’fhág sé iad sin agus d’oibrigh sé dó féin ach ní raibh sé i gceart ach oiread go dtí gur phill sé 'na bhaile. | |
Ag ól | Síleann sé gur chuir sé páirt mhaith dá shaol amú le hólachán ach níl sé buartha faoi rud ar bith eile. Níl a shláinte céad faoin gcéad anois, b’fhéidir gur ón obair sna tolláin an chúis. An éifeacht a bhí ag an obair ar a shláinte. An éifeacht a bhí ag an deoch ar a shláinte fosta. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Tógáil Tí | Ag tógáil an tí – bhí suíomh an tí réidh ach ní dhearna sé féin obair tógála ariamh. Bhí 'compressor' aige ó na laethanta a chaith sé thall agus d’úsáid sé sin. D’oibrigh sé leis na tógálaithe agus iad ag tógáil an tí. Bhí an t-ólachán níos measa. Cuntas ar an lá a stop sé den ólachán. Caint faoi seo (a scéal pearsanta féin). |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer