Fáilte chuig an Taisclann

Is taisclann dhigiteach í seo ina bhfaighfear cnuasach d’ábhar foilsithe agus neamhfhoilsithe a bhaineann le Gaeltacht Dhún na nGall ach go háirithe. I measc na nithe a mbeidh teacht ag an phobal orthu ar an láithreán seo beidh nuachtáin agus irisí áitiúla; leabhair agus leabhráin; bróisiúir agus treoirleabhair; paimfléid agus bileoga eolais; mar aon le lámhscríbhinní agus litreacha a cruthaíodh le corradh agus céad bliain anuas.

Tá obair leanúnach ar siúl faoi láthair ar an taisclann dhigiteach seo agus beifear ag cur ábhar cuí léi de réir a chéile sna míonna beaga atá amach romhainn. Má tá aon ábhar spéisiúil i do sheilbh féin nár mhiste leat a roinnt agus a chur ar fáil don phobal, téigh i dteagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig modomhnaill(ag)oegaillimh.ie nó trí ghlaoch a chur ar (074) 9531919.

 

Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer