Goitse, Meitheamh 2011

Forlíonadh Speisialta istigh: Lgh 5-12 Comórtas Peile na Gaeltachta CLOCH CHEANNFHAOLA Ar fáil saor in aisce sna trí paróistí: Na Rosa • Gaoth Dobhair • Cloch Cheannfhaola Uimhir 9 Meitheamh 2011 Tá pleananna ag an rialtas táillí úra a ghearradh ar gach teach cónaithe sa tír ar an bhliain seo chugainn. Tá táille le cur ar gach teach i mí Eanáir agus meastar go ngearrfar thart ar €100 air sin. Is fiú sin €180 milliún sa bhliain don rialtas. Ach tiocfaidh táille eile isteach níos moille i 2012 fosta mar cuirfear táille uisce in áit sula mbíonn na méadair uisce in áit i dtithe ar fud na tíre. Ní fios go fóill cá mhéad a bheas ar an táille uisce ach ní bheidh baint ar bith idir an táille agus an méid uisce a úsáidtear sa teach. Sin an gearán is mó atá ag daoine atá in éadan an táille, nach spreagfaidh sé daoine leis an méid uisce a úsáideann siad a laghdú. Chomh maith leis sin, níl nasc ar bith sa reachtaíocht idir an táille uisce agus an córas uisce sa tír a chóiriú, rud atá práinneach de réir innealtóirí agus lucht eacnam- aíochta, má tá córas ceart uisce le bheith againn. Is coinníol é den chomhaontú a rinne rialtas Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas leis an Aontas Eorpach agus an IMF go ngearrfaí táillí uisce in Éirinn don chéad uair riamh agus goilleann sin ar chuid de na grúpaí atá ina n-éadan mar deir siad nach rachaidh an t-airgead isteach sa chóras uisce ar chor ar bith ach go mbainfear úsáid as an bhrabach le costaisí na mbanc a íoc. Dúirt Dinny McGinley gur ag caomhnú uisce a bheadh na táillí agus nach mbeadh táille cothrom ar gach teach nuair a bhí na méadair istigh. De réir an Teachta Dála Thomas Pringle, a labhair amach in éadan na dtáillí sa Dáil, níl baint ar bith ag na táillí le caomhnú uisce, mar atá ráite ag an Aire Comhshaoil agus an rialtas. Dúirt Pringle nach bhfuil i gceist leis na táillí ach bealach eile le airgead a bhailiú ón phobal le droch- iasachtaí na mbanc a ghlanadh. Creideann Pearse Doherty fosta nach bhfuil ionannachas ar bith leis na táillí uisce. Dúirt sé go bhfuil seacht mí ag daoine a nguth a ardú le hinse don rilatas nach raibh siad sásta glac- adh leis na táillí úra seo nuair a bhí a fhios ag an tsaol mór go raibh an córas uisce agus an infrastruchtúr briste agus go raibh meastachán ann gur caillead 40% de uisce na tíre fríd poill sna píopaí. Tá an chontúirt ann go rach- aidh an reachtaíocht fríd an Dáil go gasta de thairbhe go bhfuil mórlach chomh mór sin san Oireachtas ag an rialtas ach bhí Pringle agus Doherty dearfach go dtiocfadh le feachtas pobail brú a chur ar an rialtas a n-intinn a athrú ar an cheist seo. Dúirt Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig, gníomhaí polaitiúil agus ball den ghrúpa Poblachtach Éirígí, go raibh sé mar pholasaí ag grúpa s’acu seasamh in éadan na dtáillí le dhá bhliain anuas, ó ardaíodh an cheist. “Níl ach bealach amháin le stop a chur leis na táillí,” a dúirt sé,“agus sin ar na sráideacha nuair a dhiúltaíonn daoine na táillí a dhíol nó nuair a dhiúltaíonn siad cead a thabhairt na méadair a chur isteach ar thalamh daoine.” Ar lean ar lch 2 SAOR IN AISCE sna trí paróistí ISTIGH 14: Focla Mhicí 3: Sliocht as Scríbhinní Johnny Sheáin: Comórtas ‘Trasna an Ghaoith’ Tá amhras faoi thodhchaí Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí fiontraíochta. Tuigtear do Goitse go mbeidh Dinny McGinley i láthair ag cruinniú Bhord an Údaráis Dé hAoine nuair a fhógróidh sé go bhfuil cuid mhaith de na cúraimí fiontraíochta atá ag an Údarás i láthair na huaire ag dul go dtí an IDA agus Fiontraíocht Éireann. De réir na foinse a raibh muid ag caint leis, coinneoidh an tÚdarás cúraimí fiontraíochta a bhaineann le fiontraíocht turasóireachta, teangan agus pobail.Agus muid ag dul chuig an chlódóir, níorbh fhéidir linn dul i dteagmháil le McGinley nó le ball ar bith de Bhord an Údaráis. Más fíor go bhfuil gearradh siar ar chúraimí an Údaráis, beidh impleachtaí aige sin ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht, idir dhaoine atá fostaithe ag an Údarás fá láthair agus daoine a bheadh ag súil leis an Údarás jabanna a mhealladh isteach sa Ghaeltacht. Amhras faoi thodhchaí Fiontraíochta an Údaráis Táillí úra ar an bhealach Rónán Beo: An tAire Stáit i Roinn na Gaeltachta, Dinny McGinley, ag déanamh comhghairdis le buaiteoir Ghradam Oireachtais na Meáin Chumarsáide Rónán Mac Aodha Bhuí ag ócáid i nGaillimh ar na mallaibh. 13 : Blag na mBuataisí FÓGRAÍ POBAIL LCH 7

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3