Goitse, Eanáir 2014

Focla Mhicí F 13 Gradaim CLG F 15-16 Dhearbhaigh An Post, atá i gceannas ar sheirbhísí poist, gur inis bean an phoist daofa go mbeadh sí ag éirí as a post ar 15 Márta. Mar gheall air sin, tá siad ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil suim acu san Oifig a reáchtáil a dhul i dteagmháil leo agus iarratas a chur isteach don fholúntas. Ach níl sé soiléir ar chor ar bith an mbeidh siad sásta glacadh le hiarratas ar bith, mar tá coinníollacha ag baint leis an úinéir úr. De réir An Post, beidh siad ag amharc ar cheithre choinníoll agus iad ag meabhrú ar thodhchaí na hOifige ag an Chroisbhealach ar an Bhun Bheag. 1 Riachtanaisí an ghréasáin poist 2 An méid gnó a dhéantar san Oifig 3 Teacht ar sheirbhísí poist in Oifigí eile sa cheantar 4 Ábaltacht na nOifigí eile sa cheantar déileáil leis an ghnó dá ndruidfí Oifig an Bhun Bhig. Bheadh ag iarrthóirí don phost a gcuid pleananna gnó a chur isteach chuig An Post roimh 14 Feabhra. Ag labhairt le Goitse tráthnóna Dé Céadaoine, dúirt John Shéamuis Ó Fearraigh, iomai- theoir do Shinn Féin sna toghcháin áitiúla, nár leor seo le deis a thabhairt do dhuine ar bith plean ceart gnó a chur le chéile. D’iarr sé ar an phobal seasamh a ghlacadh in éadan gearradh siar eile ar sheirbhísí áitiúla agus dúirt sé go mbeadh Piaras Ó Dochartaigh TD ag bualadh leis An Post leis an cheist a phlé. Ar ndóigh, ní seo an chéad uair gur druideadh seirbhís airgeadais sa cheantar. Le cúpla bliain anuas, druideadh Banc Aontas Éireann agus Banc Náisiúnta na hÉireann ar an bhaile beag agus, nuair a bhí siad ag fógairt druidim an Bhanc Aontais, dúirt siad go mbeadh seirbhísí an bhainc ar fáil in Oifig an Phoist. Sin ceann de na rudaí atá ag cur imní ar Bhrian Ó Domhnaill, Seanadóir de chuid Fianna Fáil sa cheantar. Dúirt sé go raibh sé i dteagmháil leis An Post agus d’iarr orthu an oifig ar an Bhun Bheag a choinneáil foscailte agus nach mbeadh an pobal sásta le rud ar bith eile. Dheimhnigh sé go mbeadh sé i dteagmháil leis An Post go leanúnach, le brú a choinneáil orthu. Dúirt Seán Ó Cuirreáin, iomai- theoir Fine Gael sa toghchán áitiúil, go raibh sé dóchasach go mbeadh Oifig an Phoist ar oscailt arís i ndiaidh an 15 Márta, nuair a imíonn bean an phoist. Dúirt sé gur léirigh fógra An Post go raibh seans ann go fóill ag an oifig ar an Bhun Beag. Dhearbhaigh sé go raibh deis ag daoine a bhí dífhostaithe sa cheantar an deis a thapú agus go raibh tacaíocht ar fáil daofa le cuidiú leo plean gnó a chur le chéile sa dóigh is go mbeadh deis cheart acu a gcás a chur roimh An Post. Le sé bhliain anuas, druid- eadh oifigí poist i Rann na Feirste, i gCroithlí agus i Mín Lárach agus tá eagla ar na hionadaithe pobail uilig a labhair linn go raibh maolú ag teacht ar na seirbhísí a bhí ar fáil don phobal sa cheantar. Imní fá Oifig Poist ar an Bhun Bheag Tháinig sé chun solais Dé Céadaoin go bhfuil an baol ann go ndruidfear Oifig an Phoist ar an Bhun Bheag i mí Márta nuair a éiríonn bean an phoist as a post. Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i Lá Mór na Gaeilge? Cruinniú Poiblí san Acadamh 8i.n. Déardaoin 30 Eanáir goitse.org An Crann Óg F 9 SAOR IN AISCE!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3