Goitse, Márta 2014

Uimhir 13 21 Márta 2014 Teagmháil: 086 8476862 Saor in Aisce sna trí Pharóistí: NA ROSA • GAOTH DOBHAIR • CLOICH CHEANNFHAOLA goitse.org Tá sé seachtain anois ó d’fhógair bainistíocht Bhia Ghaoth Dobhair go raibh rún acu a monarcha ar Pháirc Ghnó an Screabáin a dhruid agus an táirgeadh a bhogadh go dtí monarcha eile dá gcuid i gCill Dhéagláin i gContae na Mí. D’fhógair an tAire Stáit Dinny McGinley agus Údarás na Gaeltachta go gcuirfí grúpa oibre ar bun le gnónna eile a mhealladh chuig an Screabán agus tá sé fógartha anois cé a bheas ar an ghrúpa sin. Taobh leis an Údarás, beidh ionadaithe ón IDA, ó Fhiontar Éireann, ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall, ó Sholas agus ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Meastar go bhfuil tábhacht leis an dá eagraíocht dheireanach sin le taispeáint do ghnónna atá ag smaoineamh ar bhogadh chuig an cheantar seo go mbeidh seirbhísí traenála ar fáil go háitiúil do na hoibrithe. Cé gur dhúirt achan pholaiteoir áitiúil gur buille tromchúiseach a bhí ann go raibh Largo Foods leis an mhonarcha a dhruid, bhí roinnt acu ag gearán faoin ghrúpa oibre, ag rá go raibh sé ró-mhall anois lena leithéid a chur ar bun nuair a bhí an fógra déanta. Anois nuair a tá a fhios againn cé a bheas páirteach sa ghrúpa, b’fhéidir go mbeidh míniú ar fáil ar an straitéis a bheas acu le postanna a mhealladh chuig an cheantar. Nuair a d’fhógair Largo go raibh siad ag bogadh amach as Gaoth Dobhair, dúirt siad go raibh costaisí iompair ró-ard agus gur sin ceann de na fáthanna go raibh siad leis an táirgeadh a lárnú i gCill Dhéagláin. Ar lean ar lch 2 Grúpa an Údaráis i mbun oibre Bhí Naomh Pádraig é féin Dearg le Fearg nuair a ghlac sé páirt i bPráid na Féile Pádraig a reáchtáladh i nGaoth Dobhair Dé Luain seo caite. (Tuilleadh grianghrafanna ón bparáid ar lgh 8-9) Ceiliúradh Ríoga E 3 Bua éachtach E 16 Fógraí Pobail E 12 Cosaint Éin v Cearta Talaimh E 5 FÓGRAÍ POBAIL Saor in aisce sna trí paróistí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3