Goitse, Márta 2014

Scileanna ceamara, fuaime agus eagarthóireachta Trealamh nua-aimseartha den scoth Suíomh idirlín a dhearadh agus a chur ar líne Na Meáin Shóisialta: Facebook, Twitter agus YouTube Táillí íoctha Deiseanna fostaíochta in earnáil le teilifíse (TG4, RTÉ, Ros na Rún, Telegael srl) Dioplóma i Scileanna Teilifíse agus Ilmheán Ar mhaith leat oibriú i dtionscal na teilifíse nó na n-ilmheán? Tuilleadh eolais: (074) 9531919 gaothdobhair@eircom.net www.acadamh.ie www.facebook.com/acadamhghaothdobhair 2 NUACHT Goitse 21 Márta 2014 cartún scadán caoch Caithfidh sé gurb é sin an pharáid is mó go dtí seo . . . Ní paráid é sin . . . sin an scuaine atá ag fágáil an cheantair. Ar lean ó lch 2 Ach tá táille úr ar leoraithe ag trasnú na teorainne isteach sna Sé Chontae ag teacht i bhfeidhm ar 1 Aibreán agus ardóidh sé sin fadhbanna do chomhlachtaí móra idirnáisiúnta a bheadh ag smaoineamh ar bhogadh chun an cheantair seo. Dúirt tráchtairí agus polait- eoirí áirithe gur chóir don Údarás díriú ar chomhlachtaí beaga áitiúla agus iad a fhorbairt agus, ar an dóigh sin, go mbeadh na postanna a chruthófaí níos buaine. Ag labhairt le Goitse an tseachtain seo, dúirt urlabhraí don Údarás go mbeadh na deontaisí céanna ar fáil do chomhlacht ar bith áitiúil agus a bheadh ar fáil do ghnó ar bith as áit ar bith. Mar chomhartha de sin, luaigh sí an chomhlacht Millíní atá lonnaithe ar an Pháirc Ghnó le tamall anuas. Grúpa an Údaráis i mbun oibre Chuir Donegal Volunteer Centre (DVC) i gcomhair le mng.ie agus siopaí pobail ar an Fhál Charr- ach, i nGaoth Dobhair agus ar an Chlochán Liath feachtas póstaer ar bun ar na mallaibh le eolas a thabhairt don phobal fán obair a bios ar bun sna siopaí seo. Dúirt Sean Ó Curráin, as an Fhál Charrach, “In san timpeall- acht láithreach, agus brú atá ar acmhainní, tá na siopaí seo an tábhachtach don phobal uilig, agus tá bród ar DVC tacaíocht a thabhairt dá gcuid oibre” Tá na póstaeir seo chun taispeáint caidé uilig atá ar fáil sna siopaí agus inse caidé an dóigh le tacaíocht a thabhairt dóibh. Rinne mng.ie agallamh leis na siopaí uilig le eolas a chur le chéile le póstaer a dhear- adh le gabháil sna siopaí. Rinn- eadh póstaeir éagsúla do shiopa pobail CDP Na Rosann, Siopa Uinsinn Ghaoth Dobhair agus Pobal le Chéile, an Fál Carrach. D’fhógair siopa pobail CDP Na Rosann €34,000 atá curtha ar ais isteach sa Phobal ó d’oscail said na doirse 5 bliain o shin. Bhí an staic áitiúil Andrew Sweeney ina mhainicín do phóstaer Shiopa Uinsinn Ghaoth Dobhair, ag léiriú an chaighdeán éadach atá ar fáil, an obair atá na hoibríthe deonacha a dhéanamh, agus an maitheas don phobal uilig. Áit shóisialta na siopaí seo chomh maith le bheith ábalta neart margaí a phiocadh suas. Tá níos ná 30 oibrithe deonach ag obair i siopa pobail an Fháil Charraigh. Tá sé ráite gurb é an siopa is gnoithí sa bhaile é! ‘Tá mo chroí istigh sna siopaí seo. Tá sé dochreidte an aisling atá ag na siopaí seo, tá sé in am dúinn iad a mholadh agus tuill- eadh tacaíochta a thabhairt daofa’, arsa Moira Ní Ghallachóir as mng.ie . Tá na póstaeir le feiceáil in sna siopaí pobail uilig agus beidh an tionscail seo á roinnt amach fríd an chondae uilig. Feachtas eolais na siopaí pobail Moira Ní Ghallachóir, mng, Seán Ó Cuirreáin agus Caroline Jahn ag seoladh feachtas eolais in éindigh le oibrithe deonacha taobh amuigh de Siopa Pobail

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3