Goitse, Aibreán 2014

Beidh agóid taobh amuigh de Oifig an Phoist ar an Bhun Bheag maidin inniu (Dé hAoine) ag a 11.00 rn. Tá an agóid seo ag tarlú le tacaíocht a thaispeáint don oifig poist agus le léiriú do An Post go bhfuil gá leis an oifig agus go bhfuil an pobal sa cheantar ag seasamh suas di go fóill. I mí Eanáir i mbliana, tháinig sé chun solais go raibh an conradh ag tarraingt ar a dheireadh agus go raibh An Post ag smaoineamh ar an oifig a dhruid. Reachtáladh cúpla cruinniú poiblí agus bhí roinnt cruinnithe ag an choiste leis an Oifig Poist a shábháil le bainistíocht An Post. I ndiaidh na gcruinnithe sin agus go leor stocaireachta ó pholaiteoirí áitiúla, dúirt An Post go leanfadh siad go sealadach leis an chonradh agus tuigeadh go raibh an oifig le fanacht foscailte go dtí mí Meithimh ar a luaithe. Níor athraigh rudaí óna thaobh sin agus tá an Mháistreás Poist, Anna Ní Chnáimhsí, ina post go fóill. Ach bhí cruinnithe ag an choiste ó shin le bainistíocht An Post agus le Ceardchumann na Máistir Poist agus creideann siad go bhfuil seans ann go ndruidfear ceann den dá oifig poist sa cheantar, ceann an Bhun Bhig, nó an ceann ar na Doirí Beaga. Mar chuid den agóidíocht leanúnach thart ar an scéal seo, rinne an coiste cinneadh gur chóir an agóid seo a ghlaoch le tuilleamh brú a chur ar An Post agus le tacaíocht an phobail a léiriú don tsaol mór. Beidh cruinniú eile acu leis an Bhainisteoir Réigiúnach de An Post an mhí seo chugainn le plé níos faide a dhéanamh ar an cheist seo agus tá siad den bharúil go mbeidh agóid mhór pobail úsáideach acu le taispeáint gur riachtanas sóisialta atá san Oifig an Phoist, go háirithe ag seandaoine agus ag daoine le cathaoir rotha. Tá na fadhbanna céanna ag pobail eile sa cheantar seo, ar ndóigh agus bhí cruinniú poiblí oíche Chéadaoine i Leitir Mhic an Bhaird le tacaíocht an phobail ansin a léiriú do Oifig an Phoist s’acu féin. Agóid fá Oifig an Phoist ar an Bhun Bheag Hiúdaí Mac Gairbheith (4) as Rann na Feirste ag aithris dáin os comhair na mílte duine ag An Lá Dearg i mBéal Feirste ar an 12 Aibreán. Bhain Hiúdaí duais leis an dán céanna ag an chomórtas Abair Amach ar na mallaibh. “Ag filleadh ’na bhaile” Bréag ag teacht chuig an Cabaret Craiceáilte N 14 STAD DEN AMAIDÍ: “Chan dreideáil ach tógáil atá de dhith ar Ché Mhachaire Rabhartaigh” N 4 Saor in aisce sna trí paróistí NA ROSA • GAOTH DOBHAIR • CLOICH CHEANNFHAOLA Ar lean ar lch 2 FÓGRAÍ POBAIL Leathanach 12 Uimhir 14 25 Aibreán 2014 Teagmháil: 086 8476862 Féile Scoildrámaíochta Uladh N 9

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3