Goitse, Bealtaine 2014

Beidh cuid agaibh atá ag léamh seo ag smaoineamh ar vótáil, nó beidh sibh i ndiaidh bhur vóta a chaitheamh sa dá thoghchán atá ann inniu, Dé hAoine. I mbliana, tá sé iontach deacair a mheas cé a gheobhaidh na suíocháin ar an Chomhairle do thoghcheantar na nGleanntach ar cúpla fáth. Tá fearg ar dhaoine leis an rialtas. Tchítear do dhaoine nach bhfuair an taobh seo tíre cuid ar bith den fhás eacnamaíoch atá le feiceáil in áiteacha eile sa tír agus tá an imirce agus bochtanas ag éirí níos measa in aghaidh na ráithe. Mar sin de, beidh sé doiligh ag páirtithe an rialtais talamh ar bith a dhéanamh agus tógáil ar na tor- thaí a fuair siad san olltoghchán trí bliana ó shin. Má tá sin fíor don chuid eile den tír tá sé chóir a bheith cinnte anseo. Mar níor ghnóthaigh Fine Gael nó Páirtí an Lucht Oibre mórán sa toghchean- tar seo i 2011. Is cosúil, mar sin, nach bhfaigh- idh Fine Gael dhá shuíochán as an seisear atá ar fáil. Agus, dá mbeifeá le rogha a dhéanamh idir an dá iomaitheoir atá ag an pháirtí sa toghchán, chaithfeá gabháil le Terence Slowey, ó tharla go bhfuil an taithí aige agus go bhfuil sé lonnaithe i ndeisceart an toghcheantair agus tá iomaitheoirí iontach láidir ó thuaidh. Nuair a amharcann tú ar an phobalbhreith is déanaí, ta sé soiléir go bhfuil Fianna Fáil ar a mbealach ar ais i ndiaidh an gríosadh a tugadh daofa san oll- toghchán trí bliana ó shin agus tá iomaitheoirí láidre acu ó thuaidh agus ó dheas sa cheantar seo. Ní thiocfadh leat gan Séamus Ó Domhnaill agus Enda Bonner a fheiceáil ag fáil na suíochán ar ais ar an Chomhairle don pháirtí. De réir an phobalbhreith chéanna, tá Sinn Féin ag déanamh go maith ar bhonn náisiúnta de thairbhe míshástacht daoine leis an rialtas agus tá siad ag fáil tacaíochta ó dhaoine anois ar ghnách leo tacaíocht a thabhairt do Pháirtí an Lucht Oibre. Cé go raibh siadsan lag sa cheantar seo, thiocfadh le Marie Therese Gallagher agus John Shéamuis Ó Fearraigh go leor vótaí a fháil eatarthu leis an dá shuíochán a thabhairt leo. Má bhí buaiteoirí ar bith sna pobalbhreitheanna le tamall anuas, is iad na hiomaitheoirí neamh- spleácha atá ag déanamh an talaimh uilig. Anseo, áfach, níl ach beirt san iomaíocht don tsuíochán deireanach más fíor don anailís thuas. Is é Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig is luaithe a thois- igh amach ar an fheachtas togh- chánaíochta seo agus tá tacaíocht láidir tógtha aige thar na blianta fríd na feachtaisí éagsúla pobail a raibh baint aige leo. Beidh sé san iomaíocht don tsuíochán deirean- ach sin le Pádraig Ó Dochartaigh agus Séamus Mac Ruairí (Lucht Oibre). Más féidir le Mac Giolla Easbuig fanacht san iomaíocht fada go leor le faoilleach Mhic Ruairí a thógáil, thiocfadh leis geit a bhaint as an Dochartach. An Eoraip: Má tá rudaí casta anseo, tá siad míle uair níos casta sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa ó athraíodh na teorannacha agus an méid teachta a thoghtar. Tá ceathrar ag teacht amach as toghcheantar s’againne agus tá iomaitheoirí láidire ina measc. De réir na bpobalbhreitheanna, is féidir linn a bheith réasúnta cinnte go bhfuil suíochán ag Sinn Féin agus ag Fianna Fáil. Mar sin de, is cosúil go mbeidh Pat the Cope ar ais san Eoraip agus go mbeidh Matt Carthy leis. Ach níl sé furasta an bheirt eile a roghnú. Is dóiche gur féidir linn Lucht Oibre a chur amach as an áireamh mar tá an chuma air gur thit an tóin as an tacaíocht traidisiúnta a bhí acu ó chuaigh siad isteach sa chomh- rialtas. Tá na hiomaitheoirí neamh- spleácha ag déanamh go maith ó thaobh na bpobalbhreitheanna de agus tá Luke Ming Flanagan, Marian Harkin agus Rónán Mullen iontach láidir. Tá iomaitheoirí láidire fosta ag Fine Gael le Mairead McGuinness agus Jim Higgins. Seans go mbeadh bunt- áiste Fine Gael de thairbhe vótaí a aistreofar ón duine nach n-éiríonn leis fáil fríd go dtí an babhta comhairimh deireanach. Tá seans maith ann go mbeadh ionadaí as Fine Gael agus iomaitheoir Neamh- spleách amháin ag dul chun na hEorpa leis an bheirt luaite thuas. Cá háit a rachaidh do vóta? Saor in aisce sna trí paróistí NA ROSA • GAOTH DOBHAIR • CLOICH CHEANNFHAOLA Uimhir 15 23 Bealtaine 2014 Teagmháil: 086 8476862 Cabaret Craiceáilte H 9 Seó Faisin san Áislann H 7 Seo Faisin Focla Mhicí H 14 Comórtas Peile na Geltachta H 16 Tiarnán Mac Ruairí ag an Seó Faisin in Áislann Rann na Feirste. Scéal agus tuilleadh pictiúirí ar lch 7

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3