Goitse, Bealtaine 2014

Nuair a tháinig grúpa le chéile i mí na Nollag anuraidh le pleananna a dhéanamh scaiOe as an cheantar seo a chur suas chuig “Lá Mór na Gaeilge” i mBaile Átha Cliath, is beag duine a shíl go mbeadh siad ag teacht le chéile go fóill i mí Bealtaine agus iad ag eagrú deireadh seachtaine dá gcuid féin anseo i nGaoth Dobhair. D’fhan an grúpa le chéile i ndiaidh an turais go dtí an phríomh- chathair agus d’eagraigh siad bus lán daoine le gabháil chuig An Lá Dearg i mBéal Feirste i mí Aibreáin. Tá an grúpa ag bualadh tiúin eile ar an aimsir seo, áfach. Má bhí siad “Dearg le Fearg” roimhe seo, tá siad i mbun tionscnaimh níos dearfaí anois agus sin “Goitse go Gaoth Dobhair.” De réir urlabhraí don ghrúpa, bhí siad ag caint ar rudaí a thiocfadh leo déanamh i ndiaidh do Largo Foods fógairt go raibh siad leis an mhonarcha ar an Screabán a dhruid agus moladh rud a chur os comhair an phobail a thiocfadh leo a dhéanamh daofa féin le spiorad an cheantair a thógáil. Ansin, tháinig ball den ghrúpa, Sara Ní Chuireáin, aníos leis an smaoineamh go dtiocfadh leis an ghrúpa scaiOe a tharraingt chun an cheantair ar bhuiséad íseal. Dá mba rud é gur chuir gach duine i bparóiste Ghaoth Dobhair cuireadh ar bheirt chara teacht ar cuairt ar feadh dheireadh seachtaine amháin, bhéarfadh sé moll mór airgid isteach sa cheantar. Ag an am, dúirt Sara nach raibh sí ag caint ar postanna a chruthú ach, b’fhéidir, le postanna a shábh- áil. D’fhás an tionscnamh ó shin agus tá réimse leathan imeachtaí beartaithe ag an ghrúpa don deireadh seachtaine a bheas ag tarlú idir 27-29 Meitheamh. Ar ndóigh, ní thiocfadh le tionscnamh mar seo talamh ar bith a dhéanamh gan tacaíocht ó lucht gnó an cheantair agus tá sin le feiceáil cheana féin. Tá Siopa Mhicí ar na Doirí Beaga agus Cógaslann an Bhun Bhig ag tairiscint lacáistí don deireadh seachtaine, tá Lá Teaghlaigh beart- aithe ag Ionad Naomh Pádraig, Dobhair agus tá tithe tábhairne ar nós Teach Hiúdaí Bhig, Teach Sheáin Óig agus Teach Mhicí deimhnithe le siamsaíocht a chur ar fáil do na cuairteoirí. Idir seo agus an 27 Meithimh, beidh níos mó sonraí ar fáil de na himeachtaí atá beartaithe sa cheantar ach is féidir bheith cinnte go mbeidh ráchairt ar an siom- póisiam a bheas á reáchtáil in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an Screabán ar an téama “Caidé mar is féidir an Ghaeltacht a shábháil?”. Go dtí seo, tá ceithre cheardlann eag- raithe; tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, fostaíocht, pleanáil teangan agus oideachas. Dúirt an grúpa go raibh Con- chúr Ó Giollagáin agus Seosamh Mac Donncha, údair an Staidéir Chuimsithigh Teangeolaíochta ar an Ghaeltacht agus Sorcha Ní Chéilleachair as Tuismitheoirí na Gaeltachta deimhnithe le stiúir a dhéanamh ar cheardlanna. Má éiríonn leis an ghrúpa scaiOe a tharraingt go Gaoth Dobhair don deireadh seachtaine seo, tá sé suntasach go ndéanfaidh siad é gan pingin urraíochta ó eagraíocht stáit agus sin cuid den teachtaireacht atá acu – gur féidir leis an phobal rudaí a bhaint amach dá stuaim féin. www.oegaillimh.ie G Guthán: (074) 9531919 Ríomhphost: gaothdobhair@eircom.net Idirlíon: www.acadamh.ie 2 NUACHT Goitse 23 Bealtaine 2014 Dioplóma i Scileanna Teilifíse & Ilmheán: • Cúrsa praiticiúil • Trealamh nua-aimseartha • Deiseanna maithe fostaíochta: TG4, RTÉ, BBC, Telegael, Eo Teilifís srl. Cúrsaí Páirtaimseartha (Oíche amháin sa tseachtain) Dioplóma sa Ghaeilge (C1) : • Cuir snas ar do chuid Gaeilge • Comhrá, Léitheoireacht agus Scríobh • Léargas ar shaíocht na Gaeilge Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin: • Béim ar scríobh na Gaeilge • Cruinneas gramadaí • Canúint vs Caighdeán • Deiseanna maithe féinfhostaíochta Dioplóma i dTeicneolaíochtaí Gnó: • Cúrsa praiticiúil • Ríomhchláir • Bogearraí • Ríomhthráchtáil Dioplóma i Léann an Traidisiúin: • Léargas ar oidhreacht agus ar chultúr na hÉireann • Léargas ar acmhainní agus ar shaothair a bhaineann leis an traidisiún • Bunscileanna bailithe agus eagair Cúrsa Lánaimseartha Cuir le do chuid deiseanna fostaíochta le cáilíocht tríú leibhéal! Goitse go Gaoth Dobhair! Dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035 le tacaíocht ó Teach Sheáin Óig Biaarfáilgodtína9pm B I A & D E O C H Siopa Mhicí Gallaghers foodstore Ollmhargadh&Eischeadúnas DOIRÍBEAGA SeirbhíslaethúilasTír ChonaillgoBéalFeirste BUSANNA GALLAGHER Skabaret Craiceáilte le Boss Sound Manifesto Dysania Racghrúpa úr as Muineachán Katerina Garcia Amhránaí Seapardachas Poblacht na Seice 24.05.14 Dé Sathairn 9.30in Tigh Hiúdaí Bhig GAOTH DOBHAIR Tuilleadh eo lais ó: Ionad an Acadai mh, Doirí Beaga, Co Dhún na nGall. Guthá : (074) 953 1919 Ríomhphost: gaothdobhair@oegaillimh.ie Idirlíon: www.acadamh.ie MachaireChlochair scadán caoch

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3